Malartú ag an gCuntar
Nótaí bainc a thabhairt go dtí an Banc go pearsanta lena malartú
Más mian leat do chuid nótaí a mhalartú go pearsanta, ní mór duit iad a thabhairt go dtí Banc Ceannais na hÉireann, Sráid an Dáma, Baile Átha Cliath 2.
Amhail ón 1 Márta 2012, beidh Rannóg na nÁiritheoirí ar oscailt don phobal ó 10:00rn go dtí 15:30in, Luan - Aoine seachas Laethanta Saoire Bainc. Is í (003531) 224 6110 an uimhir theagmhála.
Is féidir suimeanna is lú ná IR£1,000 a fhuascailt in aon lá amháin. Glacfar le suimeanna is mó ná IR£1,000 (€1,270) ag an gcuntar, eiseofar admháil agus seolfar na nótaí ar aghaidh chuig ár Rannóg Um Eisiúint Airgeadra lena bhfíorú. Íocfar an tsuim iomchuí go díreach isteach i do Chuntas Bainc*, laistigh de 20 lá oibre de ghnáth. Iarrtar ort an fhoirm mhalartúcháin thíos a chomhlánú; ní mór duit é seo a thabhairt in éineacht le do chuid nótaí.
Malartú tríd an bPost
Nótaí Bainc Éireannacha a sheoladh tríd an bpost
Más mian leat do chuid nótaí a mhalartú tríd an bpost, ní mór duit iad a chur chuig an seoladh atá tugtha thíos.
Iarrtar ort an fhoirm mhalartúcháin thíos a chomhlánú; ní mór é seo a sheoladh isteach in éineacht leis na nótaí. Ansin, íocfaidh an Banc an tsuim go díreach isteach i do Chuntas Bainc, laistigh de 20 lá oibre de ghnáth.
Rannóg na nÁiritheoirí
Banc Ceannais na hÉireann
Bosca OP 559
Sráid an Dáma
Baile Átha Cliath 2
Foirm chun Nótaí Bainc agus Monaí a Mhalartú.