Eisíonn Banc Ceannais na hÉireann bonn €20 ar a dtaispeántar Ardchros Cheilteach 

Preaseisiúint an 18 Aibreán 2011

Tá ceann de na boinn is lú ar domhan eisithe ag an mBanc Ceannais

This press release is also available in English

D’eisigh Banc Ceannais na hÉireann eagrán teoranta de bhonn profa óir €20 inniu ar a dtaispeántar an Ardchros Cheilteach. Tá an bonn seo ar cheann de na boinn is lú ar domhan- tá sé 11 milliméadar ar trastomhas agus is é 0.5g a mheáchan.

D’eisigh Banc Ceannais na hÉireann eagrán teoranta de bhonn profa óir €20 inniu ar a dtaispeántar an Ardchros Cheilteach. Tá an bonn seo ar cheann de na boinn is lú ar domhan- tá sé 11 milliméadar ar trastomhas agus is é 0.5g a mheáchan.

Ba é an t-ealaíontóir clúiteach Éireannach, Thomas Ryan, a dhear.

Ar an mionbhonn seo, léirítear an Ardchros Cheilteach i láthair mainistreach mar aon le cloigtheach agus tá pictiúr mionsonraithe den Chruit Ghaelach air freisin. Tá roinnt bonn suntasach Éireannach coimisiúnaithe ag Thomas Ryan, lena n-áirítear bonn £1 ó 1990 ar a léirítear an fia rua agus bonn 50 pingin ó 1998 do Mhíle Bliain Bhaile Átha Cliath.     

Ag labhairt di ag an seoladh in Ard-Mhúsaem na hÉireann, Dún Uí Choileáin, dúirt Mary O’Dea, an Stiúrthóir ar Oibríochtaí Airgeadais i mBanc Ceannais na hÉireann: ‘Tá an-tábhacht ag an Ardchros Cheilteach i gcomhthéacs oidhreacht na hÉireann agus téann roinnt mhaith de na séadchomharthaí seo siar go dtí an 8ú haois. Le heisiúint an bhoinn speisialta seo inniu, tugtar deis dúinn an oidhreacht shaibhir chultúrtha agus Chríostaí a bhaineann leis na séadchomharthaí seo a chomóradh agus is mór ag Banc Ceannais na hÉireann ómós a thabhairt d’Ardchrosa áille na hÉireann.’    

Beidh eagrán teoranta de 12,000 bonn profa óir €20 ar fáil don phobal ón 18 Aibreán ar €40 an ceann. Is i mbosca bronntanais a bheidh gach bonn agus beidh Deimhniú Údarachta ag gabháil le gach ceann díobh ina sonrófar cáilíocht an bhoinn agus an eisiúint theoranta. Féadfar an bonn a cheannach go díreach ó Bhanc Ceannais na hÉireann, Sráid an Dáma, Baile Átha Cliath.