Nuacht

Anailís san Fheasachán um Chosaint Tomhaltóirí ar Threochtaí i ndáil le Cuntais Reatha agus Athrú ó Chunas go Cuntas

16 Samhain 2017 Irish Category

New 50 euro note

  • Tugadh 99% d’athruithe ó chuntas go cuntas faoin gCód um Athrú Cuntais chun críche laistigh de na scálaí ama a leagadh síos sa Chód
  • Tá líon na n-athruithe ó chuntas go cuntas fós íseal
  • Tá gach soláthraí seirbhíse íoca a chuireann cuntais íoca ar fáil in Éirinn faoi réir an chóid reachtúil um athrú cuntais

D’fhoilsigh Banc Ceannais na hÉireann an seachtú Feasachán um Chosaint Tomhaltóirí dá chuid, ina ndéantar anailís ar leibhéal an athraithe ó chuntas go cuntas i gcás cuntas reatha agus úsáid á baint as sonraí a bailíodh ó institiúidí creidmheasa.

Tugann an feasachán spléachadh ardleibhéil ar líon agus ar luach na gcuntas
reatha tomhaltóra atá ag tomhaltóirí pearsanta; ar líon na dtomhaltóirí a úsáideann Cod Iompraíochta an Bhainc Ceannais um Chuntais Íoca a Athrú le Soláthraithe Seirbhíse íoca (an Cód um Athrú Cuntais); agus ar líon na ngearán ó thomhaltóirí a fuair gnólachtaí i ndáil le cuntais reatha.

Ar na príomhthreochtaí tá:

  • Tháinig méadú ar líon na gcuntas reatha atá ag tomhaltóirí pearsanta sa tréimhse L2-2015 go L1-2017 ó 5,144,522 cuntas go 6,356 cuntas.
  • Tá méadú ag teacht i gcónaí ar luach na gcuntas reatha atá ag tomhaltóirí pearsanta sa tréimhse L2-2013 go L1-2017 ó €16.2 billiún go €25.5 billiún.
  • I gcás gach tréimhse tuairiscithe le trí bliana anuas, cé go raibh na leibhéal athraithe cuntais íseal, tugadh 99% d’athruithe ó chuntas go cuntas faoin gCód um Athrú Cuntais chun críche laistigh de na scálaí ama a leagadh síos sa Chód.
  • Tá gearáin i ndáil le cuntais reatha (24,335 i L1-2017) fós ar an líon is mó gearán ó thomhaltóirí faoi tháirgí baincéireachta. Tá líon na ngearán mar chéatadán de líon iomlán na gcuntas reatha níos lú ná 1%.

Nótaí

1. Is é seo an seachtú Feasachán um Chosaint Tomhaltóirí ón mBanc Ceannais. Leanfaidh an Banc Ceannais air ag foilsiú na bhfeasachán seo go tráthrialta agus gnéithe difriúla den mhargadh á gclúdach iontu.

2. Forálann an Cód um Athrú Cuntais do:

Próiseas réidh agus éifeachtach athraithe cuntais don tomhaltóir;

Leanúnachas i gcur chuige an phróisis i measc gach institiúide ábhartha; agus

Cosaint agus tacaíocht do thomhaltóirí atá ag cuimhneamh ar an bpróiseas athraithe cuntais, atá ag tabhairt faoi agus/nó atá á thabhairt chun críche.

3. I mí Mheán Fómhair 2016, ach ar tugadh isteach an Treoir um Chuntais Íoca, rinneadh an Cód um Athrú Cuntais a athbhreithniú agus a athainmniú mar an “Cod Iompraíochta um Chuntais Íoca a Athrú le Soláthraithe Seirbhíse Íoca”. Baineann an Cód um Athrú Cuntais le hinstitiúidí creidmheasa, le hinstitiúidí íoca agus le hinstiitúidí ríomh-airgid a chuireann cuntais íoca ar fáil.

4. An Treoir um Chuntais Íoca

Tháinig an Treoir um Chuntais Íoca i bhfeidhm in Éirinn i mí Mheán Fómhair 2016. Cumhdaíonn sí trí ghné ar leithligh: trédhearcacht agus inchomparáideacht táillí, teacht ar chuntais íoca ag a bhfuil saintréithe bunúsacha agus athrú cuntas íoca.

Céard a chiallaíonn sé seo do thomhaltóirí?

Cuirfidh sé sin ar chumas tomhaltóirí tairiscintí ó sholáthraithe difriúla seirbhísí íoca a chur i gcomparáid lena chéile agus cinntí eolasacha a dhéanamh faoin gcuntas íoca is fearr a oireann dá riachtanais.

Ní mór an cuntas íoca ag a bhfuil saintréithe bunúsacha a bheith ar fáil do thomhaltóirí ó institiúidí cuí creidmheasa a chuireann cuntais íoca ar fáil. Ar shaintréithe an chuntais tá:

  1. Beidh tomhaltóirí in ann airgead a chur sa chuntas íoca, airgead a aistarraingt ón gcuntas, dochair dhíreacha a chur i gcrích, aistrithe creidmheasa agus idirbhearta íoca lena n-áirítear íocaíochtaí ar líne.
  2. Beidh an cuntas saor ó chostas don chéad bhliain, agus beidh sé saor ó chostas i gcónaí do thomhaltóirí a lóisteálann suim nach mó ná suim faoi leith sa chuntas.
  3. Ina dhiaidh sin, féadfar táillí réasúnacha a ghearradh as idirbhearta a dhéantar in airgeadra seachas an euro.
  4. Ní bheidh áis rótharraingthe ar fáil ar chuntas den chineál sin.
  5. Féadfaidh institiúid creidmheasa diúltú cuntas íoca bunúsach a chur ar fáil sa chás go bhfuil cuntas íoca ag tomhaltóir cheana féin in Éirinn.