Nuacht

Ní mór tuilleadh eolais a chur ar fáil do thomhaltóirí agus árachas giuirléide á cheannach acu – iniúchadh de chuid an Bhainc Ceannais

22 Samhain 2018 Press Release

Insurance

  • Inúchtaí ar an láthair ar ghnóthais a sholáthraíonn árachas giuirléide do níos mó ná 80 faoin gcéad den mhargadh.
  • Léiríonn na torthaí gur gá do ghnóthais eolas soiléir intuigthe a chur ar fáil do thomhaltóirí faoin táirge atá á dhíol, faoin gcostas agus faoin gcaoi le héileamh a dhéanamh.
  • Léirítear i dtaighde ón mBanc Ceannais nach gcuireann duine as gach cúigear tomhaltóirí na polasaithe atá acu cheana ar ceal nuair a cheannaíonn siad polasaí nua árachais giuirléide.

Tá torthaí foilsithe ag an mBanc Ceannais ó iniúchadh téamach a rinneadh ar dhíolachán árachais giuirléide le tomhaltóirí.Is é árachas fóin póca an t-árachas giuirléide is coitianta agus is gnách go ndíoltar é le tomhaltóirí mar rud breise agus iad ag ceannach fón nua.

Rinneadh iniúchadh ar thrí ghnóthas árachais, a chuimsíonn níos mó ná 80 faoin gcéad den mhargadh in Éirinn. Díolann na gnóthais sin árachas giuirléide trí bhróicéirí agus trí mhiondíoltóirí. Tacaíonn taighde tomhaltais an Bhainc Ceannais leis an inúchadh seo, ar taighde é ina ndearnadh staidéar ar dhearcadh, iompar agus taithí tomhaltóirí agus iad ag ceannach árachas giuirléide.

Léiríodh san iniúchadh go raibh an t-eolas a thugtar do thomhaltóirí faoin táirge easnamhach i roinnt cásanna. Ní mór do mhonaróirí agus do dháileoirí árachais giuirléide tuilleadh a dhéanamh lena chinntiú go gcuirtear tomhaltóirí ar an eolas faoi phríomhghnéithe an táirge, na buntáistí, na heisiaimh, conas éileamh a dhéanamh, agus costas iomlán an táirge.

Agus í ag trácht ar na torthaí, dúirt an Stiúrthóir ar Chosaint Tomhaltóirí, Gráinne McEvoy:

“Agus tréimhse siopadóireachta na Nollag faoi lán seoil, beidh mórán daoine ag déanamh cinntí praiticiúla maidir le hárachas giuirléide a cheannach le haghaidh fón póca nua. Léirítear inár n-inúchtaí agus inár dtaighde tomhaltais go bhfuil bearna idir na nithe a cheapann tomhaltóirí atá cumhdaithe faoina bpolasaí árachais giuirléide agus na nithe a chumhdaítear i ndáiríre.

Ós rud é go gceannaíonn mórán tomhaltóirí an t-árachas seo mar rud breise nuair a cheannaíonn siad fón póca, tá sé ríthábhachtach go gcintíonn díoltóirí go ndéantar freastal ar riachtanais an tomhaltóra aonair leis an táirge a dhíolann siad. Is gá do dhíoltóirí árachais giuirléide eolas soiléir a thabhairt do thomhaltóirí faoi théarmaí an táirge, faoin gcostas agus faoi na coinníollacha agus teorainneacha. Ní mór dóibh tomhaltóirí a chur ar an eolas go bhfuil tréimhse mharana acu má chineann siad ina dhiaidh sin nach bhfuil siad ag iarraidh an táirge árachais a choimeád.”

Is iad na príomhthorthaí ón iniúchadh téamach agus ón taighde:

  • Cuirtear eolas easnamhach ar fáil do thomhaltóirí ag an bpointe díolacháin agus le linn thréimhse an pholasaí, a d’fhéadfadh a bheith oiread agus cúig bliana ar fhad. Bíonn an Banc Ceannais ag siúl go gcuirfidh gnóthais ráiteas bliantúil chuig tomhaltóirí ina sonraítear a bpolasaí, lena n-áirítear buntáistí/eisiaimh, sonraí na préimhe agus an chaoi le héileamh a dhéanamh.
  • Léirítear i dtaighde de chuid an Bhainc Ceannais nach gcuireann 21 faoin gcéad de thomhaltóirí na polasaithe atá acu cheana ar ceal nuair a ghlacann siad polasaí nua d’árachas giúrleidí. Nuair a dhéanann siad amhlaidh, íocann siad as cumhdach nach bhfuil uathu a thuilleadh agus d’fhéadfaidís a bheith ‘ag íoc as faoi dhó’. Is gá do dhíoltóirí árachais giuirléide aon pholasaí atá ag an tomhaltóir cheana féin a chur san áireamh nuair a dhéanann siad polasaí nua a mholadh don tomhaltóir.
  • Ní chuirtear praghas iomlán an árachais giuirléide in iúl go soiléir do thomhaltóirí.Bítear ag súil go gcuirfidh gnóthais árachais eolas breise ar fáil maidir le praghas chun cumhacht a thabhairt do thomhaltóirí roghanna fóinteacha a dhéanamh.
  • Glactar le ráta ard éileamh ar árachas giuirléide, 91.6 faoin gcéad ar an meán sna gnóthais a ndearnadh iniúchadh orthu.Tugadh roinnt cúiseanna comómta faoi deara a ndiúltaítear d’éilimh, agus ba iad na cúiseanna ba choitianta ná nach dhearna an tomhaltóir tuairisc don chuideachta fón, do na Gardaí (sa chás inar gá) agus don árachóir laistigh den amlíne a shonraítear i dtéarmaí agus coinníollacha an pholasaí; nó n í dhearna an tomhaltóir an fhaisnéis agus an fhianaise uile ba ghá a chur ar fáil don ghnóthas árachais, le go ndéanfadh an gnóthas bailíocht an éilimh a dhearbhú. Tá ceanglas ar ghnóthais a chinntiú go bhfuil eolas soiléir sna doiciméid a thugtar do thomhaltóirí ag an bpointe díolacháin agus dá éis sin maidir leis an gcaoi le héileamh a dhéanamh.

Tagann torthaí an iniúchtha théamaigh agus an taighde tomhaltais leis na conclúidí ar thángthas orthu i staidéar de chuid an ESRI ar an litríocht idirnáisiúnta https://www.esri.ie/pubs/RS78.pdf, staidéar a rinne an Banc Ceannais a mhaoiniú.Rinneadh iniúchadh sa staidéar, a foilsíodh an 16 Deireadh Fómhair 2018, a mhéid a imríonn gnéithe áirithe de tháirgí airgeadais tionchar diúltach ar chinntí tomhaltóirí. Léiríonn torthaí an staidéir seo gur minic a thoileann tomhaltóirí árachas a ghlacadh mar rud breise ag an bpointe díolacháin de bharr mothúchán agus cúinsí ar an láthair, rud a d’fhéadfadh tuirse a chur orthu agus iad i mbun cinneadh a dhéanamh. Cuireann sé sin srian le cumas an tomhaltóra na téarmaí agus na coinníollacha a thuiscint go hiomlán, mar shampla, an barrachas atá le híoc (más ann dó), agus costas iomlán an árachais.