Nuacht

Bhuail Gobharnóir an Bhainc Ceannais le mic léinn agus gnóthaí i gCill Chainnigh

20 Eanáir 2022 Preas Ráiteas

Central Bank of Ireland

Bhuail Gobharnóir an Bhainc Ceannais, Gabriel Makhlouf, le mic léinn agus le húinéirí gnóthaí as áiteanna ar fud Chill Chainnigh inniu le linn roinnt ócáidí ar líne.

D’fhreagair an Gobharnóir Makhlouf ceisteanna faoin obair a dhéanann an Banc Ceannais chun tacú le geilleagar cobhsaí atá dírithe ar an todhchaí ag seimineár gréasáin le Comhlachas Tráchtála Chill Chainnigh, agus le húinéirí gnóthaí áitiúla as Cill Chainnigh, ócáid inar léirigh siad na saincheisteanna a gcaithfidh a gcuid gnóthaí aghaidh a thabhairt orthu.

Bhuail an Gobharnóir Makhlouf freisin le comhaltaí de Líonra Mhná Gnó Chill Chainnigh. Le linn dó bualadh le daltaí san Eacnamaíocht i gColáiste Naomh Chiaráin agus i Coláiste Osraí, mhínigh an Gobharnóir obair an Bhainc Ceannais agus phléigh sé an geilleagar agus réimse saincheisteanna eacnamaíocha leo.

Dúirt Lester Ryan, Múinteoir san Eacnamaíocht i gColáiste Naomh Chiaráin “Is iontach gur thug Gobharnóir an Bhainc Ceannais cuairt ar ár gcuid daltaí san Eacnamaíocht. Rinne na daltaí staidéar ar chobhsaíocht praghsanna le déanaí agus ról an Bhainc Ceannais sa Gheilleagar agus chuir léargas an Ghobharnóra go mór le tuiscint na ndaltaí ar an gcúrsa. Táimid buíoch as an deis speisialta seo chun saincheisteanna eacnamaíocha reatha a phlé leis.”

Ag labhairt dó tar éis na gcruinnithe, dúirt an Gobharnóir: “Bhaineas taitneamh as bualadh le húinéirí gnóthaí éagsúla i gCill Chainnigh inniu. Tugann ócáidí mar seo deis dúinn bualadh le daoine as gach cuid den tír agus éisteacht leis na saincheisteanna atá tábhachtach dóibh agus dá bpobal agus is cúram leo anois. Is maith is eol dúinn go dtéann ár gcuid oibre i bhfeidhm ar shaol laethúil daoine agus is mian linn a chinntiú go mbeidh tionchar ag eispéireas agus dearcthaí lucht gnó agus daoine ar an obair sin”.

“Is luachmhar i gcónaí tuairimí úra a chloisteáil ón gcéad ghlúin eile agus bhaineas taitneamh faoi leith as an deis a bhí agam inniu bualadh le roinnt daltaí ó Choláiste Naomh Chiaráin agus ó Choláiste Osraí agus bhíos tógtha lena gceisteanna faoi obair an Bhainc agus faoin ngeilleagar go forleathan.

Is é an seo an chéad cheann de shraith ócáidí áitiúla a mbeidh an Gobharnóir ag freastal orthu ar fud na tíre i mbliana.