Nuacht

Bonn profa airgid Eileen Gray €10 eisithe ag Banc Ceannais na hÉireann

30 Samhain 2016 Irish Category
  • Bonn inbhailithe lena gcomórtar an dearthóir agus an t-ailtire cáiliúil Éireannach Eileen Gray
  • Is é seo an chéad cheann de bhoinn an Bhainc Ceannais a dhéanann comóradh ar a bhfuil bainte amach ag bean Éireannach
  • Beidh an bonn ar díol ón lá inniu

Eiseoidh Banc Ceannais na hÉireann inniu líon teoranta de bhonn profa airgid €10 chun an dearthóir agus an t-ailtire clúiteach Éireannach Eileen Gray a chomóradh [1878 - 1976].

Sa ghrianghraf, tá an chéad bhualadh den bhonn á thabhairt ag Sharon Donnery, Leas-Ghobharnóir an Bhainc Ceannais, do Raghnall Ó Floinn, Stiúrthóir Ard-Mhúsaem na hÉireann, i nDún Uí Choileáin i mBaile Átha Cliath inné.

Deir an Leas-Ghobharnóir an méid seo a leanas: Thar ceann Bhanc Ceannais na hÉireann, tá áthas orm ár mbonn profa airgid €10 nua, bonn a dhéanann comóradh ar bheatha agus shaothar Eileen Gray, a thabhairt d’Ard-Mhúsaem na hÉireann agus dá bhuantaispeántas ar Eileen Gray. Is mór an onóir againn comóradh a dhéanamh ar shaothar Gray, ar gach a bhfuil bainte amach aici agus ar an obair mhór a rinne sí ar son gluaiseachtaí nua-aoiseacha san ailtireacht agus sa dearadh. Ba dhuine de na daoine ba thábhachtaí sa ghluaiseacht Nua-aoiseach í agus tá sé iomchuí gur roghnaíodh Gray mar an gcéad bhean a léireofaí ar bhonn inbhailithe arna eisiúint ag Banc Ceannais na hÉireann.

Deir Raghnall Ó Floinn, Stiúrthóir Ard-Mhúsaem na hÉireann: Tá caidreamh seanbhunaithe ag an Ard-Mhúsaem le Banc Ceannais na hÉireann agus sa taispeántas dár gcuid - Airgead - rianaítear míle bliain de bhoinn na hÉireann. Anseo in Éirinn agus thar lear, aithnítear Eileen Gray mar dhuine de na nua-aoisithe ba thábhachtaí ar domhan, rud a léirítear sa taispeántas seo atá dírithe ar shaothar Gray. Tá an-áthas orainn baint a bheith againn leis an mbonn comórtha speisialta seo lena n-urramaítear gach a bhfuil bainte amach aici san ailtireacht, i dtroscán agus sa dearadh intí.

Ar an mbonn féin, léirítear portráid de Gray mar aon le híomhá ionadaíoch de cheann dá dearthaí nua-aoiseacha ba cháiliúla ‘Screen’. Ba í an t-ealaíontóir Iodáileach Sandra Deiana a dhear an bonn profa airgid seo. Deir Ms Deiana go raibh sí tugtha den smaoineamh de bhonn a dhearadh chun ómós a thabhairt d’ealaíontóir baineann a bhí ag saothrú a ceirde i dtréimhse inar bheag rath a bhíodh ar dhaoine i saol na hoibre, go háirithe sna healaíona.

Tá an bonn seo mar chuid de Chlár Eorpach Bonn Airgid agus rinneadh athdhearadh ar aghaidh an bhoinn sa chaoi go léirítear an chruit Ghaelach agus an bhliain eisiúna i dteannta le comhartha Europa Star.

Tá bonn Eileen Gray ar díol don phobal ar €60 ón lá inniu agus tá teorainn eisiúna 6,000 bonn ag gabháil leis. Is féidir boinn a cheannach ach glaoch ar 1890 307 607 (in Éirinn) nó +353 1 248 3605 (idirnáisiúnta). Bíonn na línte gutháin ar oscailt idir 09:30 agus 17:00, Luan go hAoine. Is féidir leat foirm ordaithe a íoslódáil freisin ó collector-coins/commemorative-coins-coin-sets, nó is féidir leat an bonn a cheannach go díreach ón mBanc Ceannais ar Shráid an Dáma i mBaile Átha Cliath.