Nuacht

Buaileann Banc Ceannais na hÉireann le hionadaithe ó ghnóthaí as Co. Lú agus as Co. an Chláir

03 Samhain 2020 Preas Ráiteas

Central Bank of Ireland

Tháinig Gobharnóir Bhanc Ceannais na hÉireann, Gabriel Makhlouf, agus Stiúrthóir na nInstitiúidí Creidmheasa, Mary-Elizabeth McMunn, le chéile le lucht gnó ó Chontae Lú agus ó Chontae an Chláir inniu le linn seimineár gréasáin mar chuid de chlár for-rochtana an Bhainc Ceannais.

Le linn an tseimineáir gréasáin, rinne ionadaithe gnó ó Chomhlachas Tráchtála Dhún Dealgan agus Inse plé ar na saincheisteanna a bhfuil aghaidh le tabhairt orthu ag FBManna agus gnólachtaí níos mó sna ceantair sin agus thug sé an deis don Ghobharnóir Makhlouf agus do Mary-Elizabeth McMunn Uasal cluas a thabhairt do ghnóthaí ar fud na tíre, ceisteanna uathu a fhreagairt agus tuiscint a fháil ar na dúshláin atá rompu.

Dúirt an Gobharnóir Makhlouf i ndiaidh na gcruinnithe, "Bainim sult i gcónaí as bualadh le hionadaithe ó ghnóthaí Éireannacha agus ba amhlaidh sin inniu. Tugann imeachtaí for-rochtana mar seo deis dúinn léargas níos fearr a fháil ar na saincheisteanna atá tábhachtach do dhaoine agus do phobail ar fud na tíre agus cloisteáil faoin gcaoi ina mbíonn tionchar ag obair an Bhainc Ceannais ar a saol.‏

Ag labhairt dó faoi chlár for-rochtana an Bhainc Ceannais, dúirt sé "Tá sraith imeachtaí for-rochtana mar é seo óstáilte againn le linn na bliana. Tá na cruinnithe seo thar a bheith luachmhar dúinn chun ár sainordú a chomhlíonadh. Bíonn na dearcthaí ar leith ón lucht freastail mar bhonn eolais dár gcuid oibre agus cuidíonn sé linn léargas a fháil ar an bhfíorgheilleagar.”

Le linn na bliana 2020, bhí clár for-rochtana an Bhainc Ceannais comhdhéanta de shraith seimineár gréasáin le hionadaithe ó Chomhlachas Tráchtála Bhaile Átha Cliath, Chorcaí agus na Gaillimhe chomh maith le turas go dtí Trá Lí agus Cill Orglan ag tús na bliana.