Nuacht

Ceapacháin shinsearacha cheannaireachta sa Bhanc Ceannais

21 Iúil 2017 Irish Category

Central Bank of Ireland

  • Ceapadh Ed Sibley ina Leas-Ghobharnóir, Rialáil Stuamachta 
  • Ceapadh Derville Rowland ina Stiúrthóir Ginearálta, Iompraíocht Airgeadais
  • Seo a leanas fógra um athstruchtúrú na rialála airgeadais

Cheap an Banc Ceannais Ed Sibley ina Leas-Ghobharnóir, Rialáil Stuamachta agus Derville Rowland ina Stiúrthóir Ginearálta, Iompraíocht Airgeadais.

Leanann sé seo fógra um athstruchtúrú na rialála airgeadais a rinneadh ní ba thúisce i mbliana mar aon le feachtas earcaíochta nach beag.

Mar Leas-Ghobharnóir, Rialáil Stuamachta, beidh Ed freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar institiúidí creidmheasa, ar ghnólachtaí árachais agus ar an tionscal bainistithe sócmhainní.

Sula ndearnadh an ceapachán sin, bhí Ed ina Stiúrthóir ar Mhaoirseacht Institiúidí Creidmheasa agus é freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar obair faire an Bhainc Ceannais ar gach banc agus comhar creidmheasa atá ag feidhmiú in Éirinn. Tháinig sé chuig an mBanc Ceannais sa bhliain 2012 mar a thosaigh sé ag obair i réimse na Maoirseachta ar Bhaincéireacht. Tá taithí aige roimhe seo i rólanna le hÚdarás Seirbhísí Airgeadais na Ríochta Aontaithe, Banc na hÉireann agus PwC.

Mar Stiúrthóir Ginearálta, Iompraíocht Airgeadais, beidh Derville freagrach as cosaint tomhaltóirí, as urrúis agus as maoirseacht agus forfheidhmiú an mhargaidh.

Sula ndearnadh an ceapachán sin, bhí Derville ina Stiúrthóir Forfheidhmiúcháin agus í freagrach as cúrsaí imscrúduithe agus forfheidhmiúcháin ar fud gach earnála rialaithe. Thosaigh sí ag obair leis an mBanc Ceannais sa bhliain 2004. Ar an taithí atá aici tá obair mar abhcóide.

Agus na ceapacháin á bhfógairt aige, is é a dúirt an Gobharnóir Philip R. Lane:

“Cúis áthais dom is ea é ceapadh Ed agus Derville mar Leas-Ghobharnóir, Rialáil Stuamachta agus mar Stiúrthóir Ginearálta, Iompraíocht Airgeadais a fhógairt.

Tá taithí fhairsing ag an mbeirt acu ar an rialáil airgeadais agus tá cuntas teiste nach beag ag an mbeirt acu go dtí seo.

Ach a ndearnadh na ceapacháin seo agus ach a ndéanfar athstruchtúrú ar an rialáil airgeadais, beidh bonn láidir faoin mBanc Ceannais chun a dhualgas oibre ríthábhachtacha rialála airgeadais a chur i gcrích de réir an mhisin atá againn, is é sin an chobhsaíocht a chothú agus tomhaltóirí a chosaint.”