Nuacht

Comórtas Ealaíne do Dhaltaí seolta ag Banc Ceannais na hÉireann tráth Chomóradh 75 bliain an Bhainc Ceannais

05 Feabhra 2018 Irish Category

Challenges

  • Comórtas Náisiúnta Ealaíne seolta ag an mBanc Ceannais do dhaltaí bunscoile agus meánscoile chun comóradh a dhéanamh ar 75 bliain ó thráth a bhunaithe
  • Iarrtar ar dhaltaí smaoineamh ar dhaoine nó ar imeachtaí suntasacha le 75 bliain anuas mar splanc inspioráide dá ndearthaí boinn
  • Duaiseanna i ngach catagóir sna ceithre réigiún - dáta deiridh an 16ú Márta

Moltar do dhaltaí ar fud na tíre páirt a ghlacadh i gComórtas Náisiúnta Ealaíne atá seolta ag Banc Ceannais na hÉireann chun comóradh a dhéanamh ar 75 bliain ó thráth a bhunaithe.

Tá sé mar chuid de ról an Bhainc Ceannais boinn a eisiúint thar ceann an Aire Airgeadais - agus táthar ag iarraidh ar dhaltaí de gach aois ról na ndearthóirí boinn a ghlacadh chucu féin i gComórtas Ealaíne an Bhainc Ceannais.

Iarrtar ar dhaltaí bunscoile agus meánscoile teacht suas le dearadh boinn bunaithe ar dhaoine mór le rá nó ar imeachtaí suntasacha le 75 bliain anuas.            

Tá raon duaiseanna le buachan agus tabharfar cuireadh do na buaiteoirí iomlána chuig ócáid speisialta i gCeanncheathrú an Bhainc Ceannais i mBaile Átha Cliath. Déanfar na dearthaí buaiteacha a phriontáil i 3T agus taispeánfar iad in Ionad Cuairteoirí an Bhainc Ceannais.

Deir Leas-Ghobharnóir Bhanc Ceannais na hÉireann, Sharon Donnery, an méid seo a leanas: “Tá an-bhród orainn agus sinn ag comóradh 75 bliain ó bunaíodh an Banc Ceannais agus táimid ag tnúth le dearthaí na ndaltaí sa chomórtas seo a fheiceáil. 

Is é an Banc Ceannais a bhuaileann na boinn a bhíonn inár bpócaí againn, agus is é a dhearann boinn chomórtha do bhailitheoirí bonn chomh maith.  Tugann an comórtas seo an deis do dhaoine óga machnamh a dhéanamh ar na saolta deireanacha agus a thaispeáint dúinn cé na daoine nó cé na rudaí atá sách tábhachtach, dar leo, lena léiriú ar bhonn. Beidh na buaiteoirí ábalta a ndearthaí a fheiceáil arna bpriontáil i 3T agus ar taispeáint anseo inár nIonad Cuairteoirí.

Tá catagóirí aoise ann ó na Naíonáin Shóisearacha suas go dtí an Ardteistiméireacht agus táimid ag súil go mbainfidh na daltaí sult as an dúshlán agus as an deis chun comóradh a dhéanamh ar an stair ar a mbealach féin, faoi mar atá muidne ag comóradh 75ú bliain ó thráth bhunú an Bhainc Ceannais.”

Beidh an comórtas ar siúl go dtí an Aoine an 16ú Márta.  Déanfar na buaiteoirí reigiúnacha a roghnú ó gach ceann de na ceithre chatagóir aoise sa chaoi go mbeidh 16 iomaitheoir san iomlán i mbabhta ceannais na hÉireann ó na ceithre réigiún.

Roghnófar beirt bhuaiteoirí (dalta bunscoile agus dalta iarbhunscoile).  Roghnófar beirt sa dara háit freisin. Déanfar na scoileanna buaiteacha a ainmniú ar shuíomh gréasáin an Bhainc Ceannais agus ar ár gcainéil meán sóisialta.

Ar na duaiseanna do Chomórtas Náisiúnta Ealaíne an Bhainc Ceannais, folaítear dearbháin €100 an duine do na Buaiteoirí Réigiúnacha, dearbháin €250 do na daoine a bhainfidh an dara háit amach sa bhabhta ceannais agus dearbháin €500 do na Buaiteoirí Náisiúnta. Déanfar na dearthaí buaiteacha a phriontáil i 3T agus a chur ar taispeáint in Ionad Cuairteoirí an Bhainc Ceannais le linn na bliana.  

Ta na sonraí iomlána ar fáil ag Lth. Comórtas Ealaíne