Nuacht

Cuir do thuairimí in iúl maidir le hAthbhreithniú an Bhainc Ceannais ar Chreat na mBeart Morgáiste

14 Iúil 2021 Preas Ráiteas

Central Bank of Ireland

  • An chéad athbhreithniú ar an gcreat beartais iomlán do na bearta morgáiste ó tugadh isteach in 2015 iad.
  • Beidh rannpháirtíocht leis an bpobal ina gné lárnach den athbhreithniú sin.
  • Is é is aidhm don athbhreithniú a chinntiú go leanfaidh creat beartais an Bhainc Ceannais de bheith oiriúnach don fheidhm atá leis, de réir mar a bheidh an córas airgeadais agus geilleagar ag forbairt.

Tá tús curtha ag Banc Ceannais na hÉireann le hathbhreithniú cuimsitheach ar an gcreat beartais do na bearta morgáiste. Tugadh na bearta morgáiste isteach in 2015 chun tacú le soláthar inbhuanaithe maoinithe morgáiste, rud a neartaíonn athléimneacht iasachtaithe agus iasachtóirí agus a thugann cosaint in aghaidh an riosca go dtiocfaidh borradh eile faoi phraghsanna tithe de bharr spreagadh creidmheasa.

Is é is aidhm don athbhreithniú ar an gcreat uileghabhálach a chinntiú go leanfaidh na bearta morgáiste de bheith oiriúnach don fheidhm atá leo, de réir mar a bheidh an córas airgeadais agus geilleagar ag forbairt. Cé go mbeidh an t-athbhreithniú bliantúil ar na bearta ar siúl mar is gnáth níos déanaí i mbliana, díreoidh an t-athbhreithniú níos leithne seo ar an gcreat beartais iomlán, ar an straitéis agus ar an tsraith straitéisí do na bearta morgáiste.

Mar chuid den phróiseas seo, tá tuairimí an phobail uainn maidir lena dtaithí féin. Chun gur féidir leis an oiread daoine agus is féidir a gcuid tuairimí a chur in iúl, tá suirbhé nua ar líne seolta againn. Iarrann an suirbhé seo ar dhaoine a gcuid tuairimí agus taithí ar fheidhmiú na mbeart morgáiste go dtí seo a chur in iúl dúinn mar aon leis an dearcadh atá acu ar cad is margadh morgáiste inbhuanaithe ann, agus ar na gnéithe de na bearta morgáiste ar cheart don Bhanc Ceannais díriú orthu mar chuid den athbhreithniú.  Beidh an t-aiseolas seo mar bhonn eolais don athbhreithniú creata a bheidh ar siúl le linn 2021 agus 2022.

Mar a deir Vasileios Madouros, an Stiúrthóir ar Chobhsaíocht Airgeadais: “Is gné lárnach agus gné bhuan de chreat beartais macrastuamachta na hÉireann iad na bearta morgáiste. Ó tugadh na bearta seo isteach, tá ról lárnach acu i neartú athléimneacht iasachtaithe agus iasachtóirí araon agus tá cosaint tugtha acu in aghaidh an riosca go dtiocfaidh borradh neamh-inbhuanaithe eile faoi phraghsanna tithe de bharr spreagadh creidmheasa.

“I gcomhréir leis an dea-chleachtas, creidimid go bhfuil sé tábhachtach athbhreithniú a dhéanamh ó am go ham ar an gcreat beartais iomlán, ar an straitéis agus ar an tsraith straitéisí, de bhreis ar an measúnú bliantúil a dhéantar ar fheidhmiú agus ar chalabrú na mbeart. Cinnteoidh sé sin go leanfaidh na bearta morgáiste de bheith oiriúnach don fheidhm atá leo, ní hamháin ag an tráth seo, ach amach anseo freisin.

Beidh rannpháirtíocht leis an bpobal ina gné lárnach den athbhreithniú seo. Tuigimid go maith go bhfuil taithí saoil daoine taobh thiar de na sonraí eacnamaíocha agus den fhianaise eacnamaíoch a bhíonn á scrúdú againn. Trí thuiscint a fháil ar an taithí sin, neartófar éifeachtacht an athbhreithnithe seo. Molaim do dhaoine, mar sin, an suirbhé seo ar líne a dhéanamh.”

An 30 Iúil 2021 ag 17:00 is ea an spriocdháta don suirbhé agus is féidir é a chomhlánú i mBéarla ar centralbank.ie/survey nó i nGaeilge ar centralbank.ie/suirbhe.

Nótaí

Is féidir tuilleadh eolais maidir le Bearta Morgáiste an Bhainc Ceannais a fháil ar shuíomh gréasáin an Bhainc Ceannais agus sa Mhíniú Cad iad na Bearta Morgáiste?