Nuacht

Molann comhairliúchán rialacha nua um an mbealach a íoctar idirghabhálaithe airgeadais

22 Samhain 2017 Irish Category

Statistics

  • Ní bheadh cineálacha coimisiúin agus aslúcháin eile inghlactha faoi mholtaí
  • Bunóidh moltaí ceanglais d’idirghabhálaithe airgeadais maidir leis an mbealach a íoctar iad a insint do thomhaltóirí agus tugann siad isteach srianta ar idirghabhálaithe airgeadais a bheith ag cur síos orthu féin mar aonáin ‘neamhspleácha’
  • Tacaíonn taighde spriocdhírithe ar thomhaltóirí a rinne an Banc Ceannais leis na moltaí

D’fhoilsigh an Banc Ceannais Páipéar Comhairliúcháin CP116 ina bhfuil moltaí maidir leis an gcosaint a fheabhsú do thomhaltóirí agus iad ag lorg comhairle ó idirghabhálaithe airgeadais. Áirítear air sin moltaí um rialacha níos déine faoin mbealach a d’íocfadh gnólachtaí coimisiún (nó asluithe eile) le hidirghabhálaithe airgeadais, gnólachtaí a ndíolann na hidirghabhálaithe sin a gcuid táirgí. Tugann na bearta molta ar ghnólachtaí coinbhleacht leasanna a sheachaint, coinbhleachtaí a eascraíonn as socruithe aslaithe drochdheartha agus cuireann siad trédhearcacht níos fearr ar fáil do thomhaltóirí i ndáil leis an mbealach a íoctar idirghabhálaí airgeadais óna bhfuil siad ag fáil comhairle. Tabharfaidh na moltaí isteach srianta ar idirghabhálaithe airgeadais a bheith ag cur síos orthu féin mar aonáin ‘neamhspleácha’.

Leagtar amach na moltaí faoi na ceannteidil seo a leanas:

1. Asluithe as a n-eascraíonn coinbhleacht leasanna, agus nach mbeadh inghlactha a thuilleadh, mar shampla asluithe a bhaineann le méid iasachta morgáiste nó asluithe a bhaineann le spriocanna nach gcuireann sochar an tomhaltóra san áireamh. Ar shamplaí d’asluithe den chineál sin tá spriocanna a bhaineann le toirt, brabach nó gnó a choinneáil.

2. Soiléire maidir lena bhfuil i gceist le ‘neamhspleáchas’.

3. Trédhearcacht maidir le comhshocraíocht um luach saothair.

4. Asluithe atá inghlactha.

Cuireadh na moltaí le chéile ach a ndearna an Banc Ceannais anailís ar an ábhar seo, ina measc athbhreithniú ar an staid reatha i ndlínsí eile, caighdeáin atá ag teacht chun cinn ar leibhéal na hEorpa, cleachtais an tionscail in Éirinn agus taighde a dhírigh ar thomhaltóirí.

Agus na moltaí á gcur le chéile, rinne an Banc Ceannais a mharana ar na freagraí a fuarthas ar a Phlépháipéar um Choimisiún a Íoc le hIdirghabhálaithe, páipéar a foilsíodh i mí Iúil 2016.

Tá an Banc Ceannais ag foilsiú torthaí an taighde a rinneadh ar thomhaltóirí [hyperlink] d’fhonn tuiscint, dearcadh agus ionchas tomhaltóirí i ndáil leis an ábhar seo a mheas. Ba é a fuarthas amach leis an taighde:

  • Luaigh 73% de fhreagróirí gur thábhachtach an rud é go luafadh comhairleoir/bróicéir airgeadais go bhfuil sé nó sí neamhspleách agus luaigh 63% díobh gur thúisce a roghnóidís comhairleoir airgeadais a déarfadh gur comhairleoir neamhspleách é nó í.
  • Níobh eol do 29% de fhreagróirí cén chaoi a n-íoctar comhairleoir/bróicéir neamhspleách.
  • Luaigh 47% de fhreagróirí gurbh fhearr leo táille aonuaire roimh ré ach a mbeadh sé níos saoire nó go mbeadh a fhios acu cé mhéad a bheadh le híoc acu. Luaigh 24% de fhreagróirí, áfach, go mbeidís sásta táille a íoc le gach comhairleoir airgeadais gach uair agus iad ar thóir comhaire airgeadais faoi leith.
  • Cé gur luaigh 55% de fhreagróirí gur thuig siad go bhfaigheann comhairleoirí/bróicéirí airgeadais luach saothair de bhun íocaíochta coimisiúin, d’aontaigh 57% díobh leis an raiteas go n-íocann soláthraithe seirbhíse airgeadais leibhéal breise coimisiúin le comhairleoirí/bróicéirí airgeadais go minic as spriocanna díolacháin áirithe a bhaint amach.
  • D’aontaigh 61% de fhreagróirí go dtugann comhairleoirí/bróicéirí airgeadais comhairle go príomha i leith na dtáirgí is mó a sholáthródh coimisiún dóibh. Dúirt 63% de fhreagróirí, áfach, go raibh muinín acu as an gcomhairleoir/mbróicéir airgeadais a bhí acu go dtuigfeadh sé nó sí a riachtanais agus go gcuirfeadh sé nó sí comhairle orthu i dtaobh an táirge ab fhearr a d’oirfeadh dóibh.

Tugann an Páipéar Comhairliúcháin deis do rannpháirtithe an tionscail agus lucht leasmhar eile aird a tharraingt ar aon saincheisteanna forfheidhmiúcháin nó ar aon iarmhairt neamhbheartaithe a d'eascródh as na moltaí, mar aon le tuairimí maidir leis na moltaí a fheabhsú ionas go mbainfidh siad amach an aidhm a luaitear leo.

Ba é a dúirt an Stiúrthóir Ginearálta, Iompraíocht Airgeadais, Derville Rowland:

“Is é atá fúinn agus na moltaí seo á gcur le chéile a chinntiú go bhfeidhmíonn gnólachtaí ar mhaithe le leasanna tomhaltóirí. Téann an chaoi a n-íocann institiúidí airgeadais idirghabhálaithe a dhíolann a gcuidr táirgí i bhfeidhm ar iompraíocht na n-idirghabhálaithe sin, ní nach ionadh. Tá sé ríthábhachtach dá bhrí sin go leagfaí comhshocraíochtaí luacha saothair amach chun seoladh freagrach gnó agus cothrom na féinne do thomhaltóirí a chothú agus chun coinbhleacht leasanna a sheachaint. Tá sé tábhachtach go gcuirfeadh idirghabhálaithe airgeadais na comhshocraíochtaí sin in iúl ionas go mbeadh a fhios ag tomhaltóirí mar a íoctar an duine óna bhfuil siad ag fáil comhairle.

Cinnteoidh na moltaí seo soiléire agus leanúnachas níos fearr do thomhaltóirí, agus is é is aidhm leo deireadh a chur leis an gclaontacht a d’fhéadfadh a bheith ann de bharr comhshocraíochtaí aslúcháin a bhaineann le táirgí seirbhísí airgeadais a dhíol le tomhaltóirí.

Iarraim ar lucht an tionscail agus ar thomhaltóirí a gcuid tuairimí a sheoladh chugainn i leith na moltaí tábhachtacha seo, ionas go leagfaí síos struchtúr um luach saothair a íoc le hidirghabhálaithe a chinnteodh go ndéanfaí leasanna an tomhaltóra in Éirinn a chosaint.”

Ba chóir aighneachtaí i ndáil leis an bpáipéar comhairliúcháin, mar aon le tuairimí nó ceisteanna, a sheoladh chuig: [email protected]

Is é an dáta deiridh a nglacfar le haighneachtaí an 22 Márta 2018. Foilseofar gach aighneacht ar www.centralbank.ie.