Nuacht

“Ba cheart don tomhaltóir, don lucht gnó agus don lucht rialála a bheith ag súil le constaicí breise agus le héagsúlacht bhreise agus a bheith ullamh faoina gcomhair” - An Gobharnóir Gabriel Makhlouf

12 Feabhra 2020 Preas Ráiteas

Central Bank of Ireland

  • Beidh athrú suntasach i gceist do gheilleagar na hÉireann de thoradh imeacht na Ríochta Aontaithe as an Margadh Aonair.
  • Cuireann an ráig den choróinvíreas sa tSín leis an éiginnteacht agus na réimsí baoil atá ann cheana féin ar an leibhéal domhanda.
  • Ní mór dúinn a chinntiú go mbíonn na creataí rialála oiriúnach don chuspóir sna deich mbliana atá amach romhainn.  Chomh maith leis sin, ní mór don Bhanc Ceannais a bheith luathbheartach sofhreagrúil maidir le hathruithe, trí dhul in oiriúint don timpeallacht agus trí thionchar a imirt ar an timpeallacht sin.

Ag labhairt dó inniu ag Fóram Airgeadais na hEorpa, d'fhógair an Gobharnóir Gabriel Makhlouf go bhfuil “éiginnteacht agus réimsí baoil maidir leis an mBreatimeacht ag dul i gcion ar mhisneach agus ar mhuinín daoine. Tá teannas níos géire ann maidir le trádáil idirnáisiúnta agus gnóthaí geopholaitíochta. Agus is laige an fás atá ann i bpríomhpháirtithe trádála na hÉireann.  Ina ainneoin sin uilig, is léir ó na sonraí is deireanaí gur leanadh den treocht d’fhás láidir ar gheilleagar na hÉireann in 2019.”

Chuir sé fainic, áfach: “Beidh tionchar na socruithe nua trádála leis an Ríocht Aontaithe ag brath ar a chosúla nó a éagsúla a bheidh siad leis na socruithe reatha.  Is é is dóichí, ní nach ionadh, gur mó constaicí a bheidh le sárú sa chaidreamh eacnamaíoch a bheidh ann idir an AE agus an Ríocht Aontaithe amach anseo ná mar atá leis an status quo.

“Ba cheart don tomhaltóir, don lucht gnó agus don lucht rialála a bheith ag súil le constaicí breise agus le héagsúlacht bhreise agus a bheith ullamh faoina gcomhair.

“Níl aon fhreagra simplí ann agus ní féidir éalú ón tionchar a bheidh ag an éiginnteacht ar an ngníomhaíocht eacnamaíoch.  Is é a chuirfinnse de chomhairle ar na gnólachtaí uile, ar na tomhaltóirí uile agus ar an lucht rialála uile an éiginnteacht a chúngú oiread agus is féidir trí leas a bhaint as an idirthréimhse chun pleanáil a dhéanamh don athrú.”

Agus an tionchar eacnamaíoch a d'fhéadfadh a bheith ag an gcoróinvíreas sa tSín á mheas aige, dúirt an Gobharnóir Makhlouf go “gcuireann sé sin leis an éiginnteacht agus leis an ábhar baoil atá ann cheana féin ar an leibhéal domhanda.  Cé go bhfuil sé róluath go fóill teacht ar thátail, d'fhéadfadh buille a bheith i ndán go gearrthéarmach don fhás ar an ngeilleagar idirnáisiúnta. Taobh amuigh de sin, caithfimid fanacht go bhfeicfimid, ach a thuiscint go bhfuil méadú tagtha ar an éiginnteacht.”

Dúirt sé freisin “Bheadh aon tionchar ar gheilleagar na hÉireann le brath trí bhealaí díreacha agus indíreacha araon, idir meath ar an éileamh ar onnmhairí na hÉireann chuig an tSín, agus tionchar diúltach ar an éileamh domhanda agus tionchar dá réir sin ar onnmhairí na hÉireann.  Mar gheilleagar beag oscailte, tá geilleagar na hÉireann neamhchosanta ar chur isteach ar an trádáil dhomhanda agus ó tharla go bhfuil cion mór, is cion atá ag méadú, den aschur domhanda – tuairim is 19% den OTI domhanda sa bhliain 2018 – ag an tSín, bheifí ag tuar go mbeadh tionchar ag cur isteach ar gheilleagar na Síne ar Éirinn maidir le paireacht cumhachta ceannaigh (PPP) i téarmaí coigeartaithe.”

D'fhógair an Gobharnóir Makhlouf freisin go raibh an Banc Ceannais ag breathnú ar a chuid  príomhchreataí chun a chinntiú go raibh siad oiriúnach don chuspóir sna deich mbliana atá amach romhainn.

Dúirt sé: “Cuimsítear creataí micreastuamachta, creataí macrastuamachta agus creataí maidir le cosaint tomhaltóirí.  Agus ní ar ghnéithe intíre amháin atá aird againn ach ar chúrsaí Eorpacha chomh maith.” Leis an obair seo, cuimsítear athbhreithniú ar chosaint tomhaltóirí, ar chreataí macrastuamachta, agus ar chreataí Eorpacha.

D'fhógair an Gobharnóir Makhlouf, mar fhocal scoir, go bhfuil athbhreithniú á dhéanamh ag an mBanc Ceannais freisin ar an gcaidreamh le páirtithe leasmhara d'fhonn an cleachtas is fearr sa réimse sin a aithint agus a bhaint amach “chun cur chuige seasta, cuimsitheach, uileghabhálach maidir leis na modhanna caidrimh agus na dreamanna lena ndéantar caidreamh” a thabhairt i gcrích.