Nuacht

Bainfidh tomhaltóirí tairbhe as rialacha nua trédhearcachta maidir le cúrsaí árachais

01 Samhain 2019 Preas Ráiteas

Central Bank of Ireland

  • Breis trédhearcachta maidir leis an eolas a chuirtear ar fáil don chustaiméir mar thoradh ar bhearta feabhsaithe.
  • Ní mór d’árachóirí níos mó eolais a chur ar fáil nuair a bheidh athnuachan á déanamh ar pholasaí árachais gluaisteán, préimh na bliana roimhe sin san áireamh.
  • Síneadh ama curtha leis an bhfógra athnuachana sa chaoi go mbeidh níos mó ama ag an sealbhóir polasaí roghanna eile a mheas. 

Faoi rialacha nua atá á dtabhairt isteach ag an mBanc Ceannais inniu, beidh ar árachóirí níos mó eolais a chur ar fáil do chustaiméirí nuair a bheidh athnuachan á déanamh acu ar a gcuid polasaithe árachais gluaisteán.  Cuireann na bearta nua seo níos mó trédhearcachta ar fáil do chustaiméirí agus cuideoidh said leo cinneadh eolach a dhéanamh nuair a bheidh árachas á cheannach acu.

Cuimsítear na rialacha seo sna leasuithe ar na Rialacháin um Árachas Neamhshaoil (Faisnéis a chur ar fáil) (Polasaí Árachais a Athnuachan) 2007 (I.R. Uimh.74)

Ní mór d’árachóirí anois mionsonraí a chur ar fáil don sealbhóir polasaí faoin bpréimh a íocadh an bhliain roimhe sin i leith athnuachan árachas gluaisteán príobháideach, ar mhaithe le trédhearcacht a fheabhsú.  Ní mór an t-eolas sin a thaispeáint go feiceálach ar an leathanach céanna leis an bpréimh athnuachana.

Ina theannta sin, cuireann an Banc Ceannais de cheangal  ar na hárachóirí gluaisteán go léir praghasluachan a thabhairt don chustaiméir i leith gach rogha polasaí atá ar fáil dóibh, mar shampla árachas cuimsitheach, árachas tríú páirtí i leith dóiteáin agus gadaíochta, agus árachas tríú páirtí amháin.

Chomh maith leis sin, ní mór do hárachóirí síneadh ama ó 15 go 20 lá oibre a chur leis an tréimhse fógra maidir le hathnuachan ar árachas gluaisteán, sláinte, damáiste do mhaoin agus dliteanais ghinearálta ionas go mbeidh níos mó ama ag sealbhóirí polasaí praghasluachanna comparáide a iarraidh.

Dúirt Gráinne McEvoy, Stiúrthóir, Cosaint Tomhaltóirí: “Leis na rialacha nua seo ón mBanc Ceannais, cuideofar le tomhaltóirí cinneadh eolach a dhéanamh agus iad i mbun siopadóireachta maidir le polasaithe árachais.  Bíonn caiteachas mór i gceist le hárachas gluaisteán do chuid mhór daoine agus cuideoidh na hathruithe seo le daoine siopadóireacht níos forleithne a dhéanamh agus cinntí eolacha a ghlacadh.

“Táimid ag ceangal ar arachóirí an praghas comparáide a chur ar aon leathanach leis an bhfógra athnuachana.  Fágann sé sin gur furasta don tomhaltóir aon ardú ar an bpréimh a fheiceáil.  Táthar ag tnúth go nglacfaidh an earnáil árachais leis na rialacha seo ar mhaithe le leas a gcuid custaiméirí.  Beidh faireachán géar á dhéanamh ag an mBanc Ceannais ar chomhlíonadh na rialacha seo.’’

Nótaí

  • Faoi na leasuithe, ceanglaítear ar árachóirí:
  • I mí Iúil 2016, chuir an Rialtas an Gasra Oibre um Chostais Árachais (CIWG) ar bun. Ba é cuspóir an ghasra oibre na cúiseanna a bhí leis an gcostas ar árachas tiománaithe a shonrú agus a scrúdú agus bearta gearrthéarmacha, meántéarmacha agus fadtéarmacha a mholadh chun dul i ngleic le ceisteanna ina leith. 
  • I mí Eanáir 2017, d'fhoilsigh an Roinn Airgeadais an Tuarascáil ar Chostas Árachais Gluaisteáin ón nGasra Oibre um Chostais Árachais.
  • Bhí ionadaíocht ag an mBanc Ceannais ar an nGasra Oibre um Chostais Árachais, mar a bhí ag an Roinn Airgeadais, an Roinn Post, Fiontar agus Nuálaíochta, an Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais, an Roinn Iompair, Turasóireachta agus Spóirt, an Ghníomhaireacht um Éilimh ar an Stát agus an Bord Measúnaithe Díobhálacha Pearsanta.
  • D'iarr an Banc Ceannais tuairimí páirtithe leasmhara maidir lena raibh á mholadh in dhá Pháipéar Comhairliúcháin a eisíodh i mí na Samhna 2017 agus i mí Lúnasa 2018.
  • Méid na préimhe árachais a íocadh an bhliain roimhe sin a thabhairt le fios nuair a bheidh athnuachan á dhéanamh ar árachas príobháideach gluaisteán  nó, i gcás ina ndearnadh coigeartú lár téarma ar an bpolasaí i rith na bliana, suim bhliantúlaithe na préimhe; 
  • Iomlán na préimhe i leith gach rogha polasaí atá ar fáil don chustaiméir maidir le hárachas gluaisteán a thabhairt le fios i bhfógraí athnuachana (i.e., árachas cuimsitheach; árachas tríú páirtí dóiteáin agus gadaíochta, agus árachas tríú páirtí amháin (má chuireann an t-árachóir ar fáil iad)); agus
  • Síneadh ama ó 15 go 20 lá oibre a chur leis an tréimhse fógra maidir le hathnuachan ar árachas gluaisteán, agus gach aicme ábhartha árachais neamhshaoil eile, lena n-áirítear: