Nuacht

Ráiteas: Ionad Cuairteoirí & Seirbhísí Airgid an Bhainc Ceannais

26 Meitheamh 2020 Preas Ráiteas

Banc Ceannais na hÉireann ar Ché an Phoirt Thuaidh

D’fhógair an Rialtas inniu go bhfuil réimse beart sláinte poiblí á dtabhairt isteach in Éirinn chun leathadh COVID-19 a theorannú.

Cuireann an staid bhroidiúil seo éilimh nua orainn go léir agus gabhann an Banc Ceannais air féin a chion a dhéanamh chun leathadh COVID-19 a theorannú.

Leanfaimid comhairle na n-údarás sláinte in Éirinn chun tús áite a thabhairt do shláinte agus do shábháilteacht ár bhfoirne agus aon chuairteoirí ar ár bhfoirgnimh.

Chuige seo, tá cinneadh glactha againn ár nIonad Cuairteoirí a dhúnadh ón Aoine an 13 Márta go dtí an 29 Márta 2020.

Chomh maith leis sin, ní bheidh daoine den phobal ábalta seanairgead nó nótaí bainc damáistithe a mhalartú nó puint Éireannacha a mhalartú le linn na tréimhse seo.

Féach freisin:
• COVID-19 (Coróinvíreas)