Nuacht

Bonn airgid nua cuimhneacháin á sheoladh chun ceiliúradh a dhéanamh ar chothrom 100 bliain ó rinneadh eitilt gan stad den chéad uair trasna an Atlantaigh

14 Meitheamh 2019 Preas Ráiteas

100 Years of Transatlantic Aviation

• Bonn Profa Airgid €15 mar chomóradh ar chothrom 100 bliain ó tharla an chéad eitilt gan stad ná cónaí trasna an Atlantaigh gur thángthas anuas in aice an Chlocháin, i gContae na Gaillimhe. 
• Sheol Derville Rowland, Ardstiúrthóir Iompraíocht Airgeadais le Banc Ceannais na hÉireann an bonn airgid ag féile 100 Bliain Alcock & Brown ar an gClochán.
• Tá teorainn 3,000 bonn ar fáil.  Is féidir iad a cheannach ar €65 ar www.collectorcoins.ie ón 10 Iúil 2019.

Tá bonn cuimhneacháin airgid seolta ag Banc Ceannais na hÉireann mar chomóradh ar chothrom 100 bliain ó rinneadh eitilt gan stad ná cónaí trasna an Atlantaigh den chéad uair.  Seoladh an bonn ag féile 100 Bliain Alcock & Brown 100 ar an gClochán a eagraíodh mar chomóradh ar an éacht eitleoireachta.

Sa bhliain 1919, thug an Captaen John Alcock agus an Leifteanant Arthur Brown eitleán den déanamh Vickers Vimy anuas ar an bportach in aice an Chlocháin i gContae na Gaillimhe.  Ar sin a dhéanamh dóibh, d'éirigh leis na píolótaigh an chéad eitilt riamh gan stad trasna an Atlantaigh a bhaint amach tar éis 16 uair a chloig agus 28 nóiméad a chaitheamh san aer.  Thuirling siad tuairim is 40 ciliméadar ó thuaidh den áit a bhí leagtha amach acu.  As St Johns i dTalamh an Éisc a thosaigh siad ar an eitilt an lá roimhe sin agus tháinig siad anuas i nDeirgimleach, an Clochán, Contae na Gaillimhe.  Bhronn Derville Rowland, Ard-Stiúrthóir, Iompraíocht Airgeadais sa Bhanc Ceannais bonn airgid ar an gCaptaen A J H Tony Alcock, mac dearthár leis an gCaptaen John Alcock, agus an bonn airgid á sheoladh aici inniu.

PJ Lynch, ealaíontóir moneolaíochta de chuid na hÉireann a rinne an obair dearthóireachta ar an mbonn a buaileadh le hairgead .925 steirling ar chaighdeán profa.  Déantar ceiliúradh san obair dearthóireachta ar éacht Alcock & Brown agus ar an eitleán a theacht anuas in aice an Chlocháin i gContae na Gaillimhe.  Tá eitleán désciathánach an Vickers Vimy chun tosaigh sa saothar dearthóireachta.  Siar ón eitleán, tá mapa de chineál na linne sin a chuidíonn le béim a leagan ar an gcontúirt ina ndeachaigh na píolótaigh agus lena léirítear an éacht ollmhór a bhí i gceist le taisteal as Talamh an Éisc go hÉirinn den aon iarraidh amháin den chéad uair riamh.

Dúirt Derville Rowland, Ard-Stiúrthóir, Iompraíocht Airgeadais:

“Is onóir domsa an bonn airgid €15 seo a sheoladh thar ceann an Aire Airgeadais chun comóradh a dhéanamh ar chothrom 100 bliain den Eitleoireacht trasna an Atlantaigh.  Léirigh Alcock & Brown cumas, crógacht agus díocas nuair a d'éirigh leo an eitilt sin a dhéanamh agus d'éirigh leo níos mó a dhéanamh ná a gcáil féin a bheith á scaipeadh i leabhair staire.  Bhí 197 litir leo ag an mbeirt eitleoir – is iad a chuir tús freisin leis an gcéad seirbhís aerphoist.  Tháinig buntáiste i gcúrsaí gnó agus i gcúrsaí pearsanta ag daoine ar fud an domhain as sin.  Ta ceilúradh á dhéanamh inniu againn ar eachtra thábhachtach i stair na tíre seo agus an domhan ar fad nuair a cuireadh tús leis an eitleoireacht trasna an Atlantaigh, rud a d'fhág gurbh fhéidir le rudaí eile a theacht chun cinn agus dlúthcheangal idir daoine agus tíortha a chothú.”