Nuacht

"I bhfianaise na dtorthaí leathanréimseacha a d'fhéadfadh eascairt ó athrú aeráide, is ceart agus is cuí spéis níos mó a bheith á chur sa chás ag bainc cheannais” – Sharon Donnery, Leas-Ghobharnóir

17 Bealtaine 2019 Preas Ráiteas

Central Bank of Ireland

• Téann réimsí baoil a bhaineann leis an aeráid i bhfeidhm ar an uile dhuine – ar rialtais, ar chomhlachtaí agus ar theaghlaigh ar fud tíortha agus mórchríocha.  Ní mór comhordú idir an uile dhuine chun maolú a dhéanamh ar ábhar baoil den chineál sin.
• Beidh athruithe polasaí, maidir le hathrú ar phátrúin tomhaltais agus infheistíochta a spreagadh, i gceist le hathrú go dtí córas eacnamaíochta atá níos éadroime ó thaobh carbóin.
• Déanfaidh an Banc Ceannais an cion is cuí chun tuiscint níos fearr a fháil ar an gceangal idir an córas airgeadais agus réimsí baoil a bhaineann le cúrsaí aeráide agus na bearta polasaí agus na bearta cosanta is gá a chur ar bun chun an t-ábhar baoil a chosc.

Ag labhairt di ag Comhdháil de chuid na Roinne Airgeadais agus Sustainable Nation Ireland, phléigh Sharon Donnery, Leas-Ghobharnóir an Bhainc Cheannais an t-ábhar baoil agus na deiseanna a eascraíonn ón athrú aeráide. Dúirt sí, ainneoin athrú aeráide a bheith an-neamhchoitianta maidir le réimse baoil do chóras airgeadais, go bhfágann na hiarrachtaí a rinneadh le tamall anuas go bhfuiltear ag teacht ar aon intinn maidir leis na modhanna ina bhféadann athrú aeráide cur isteach ar earnáil na ngnóthaí airgeadais.

Dúirt sí go bhfuil cúiseanna éagsúla leis an mbaol ó chúrsaí aeráide a mheas ina chineál neamhchoitianta.   Bíonn na torthaí leathanréimseach - téann siad i bhfeidhm ar an uile chineál de ghníomhairí eacnamaíochta, ar an uile earnáil agus ar an uile réigiún.  Tá cuid mhór cinnteachta ann go dtiocfaidh toradh cinnte ar na réimsí baoil sin tráth is faide anonn ach tá cuid mhór éiginnteachta ag baint leis an tráth a tharlóidh sin, le cineál an ábhar baoil agus lena scála.  Anuas air sin, is dócha gur faide ná an gnáth-thréimhse pleanála ag teaghlaigh, ag comhlachtaí agus ag rialtais an t-am atá acu chun pleanáil a dhéanamh don bhainistíocht i ndáil leis na réimsí baoil atá ceangailte le cúrsaí aeráide.  Luaigh sí gur léir cheana féin an costas eacnamaíochta agus an caillteanas airgeadais a ghabhann le heachtraí aimsire níos measa géire a bhfuil ceangal acu le hathrú aeráide.

“Is i gcás earnáil an árachais an ceangal is dírí idir baol fisiciúil agus an córas airgeadais. Murar féidir le teaghlaigh agus gnóthaí árachas a fháil in aghaidh roinnt den bhaol fisiciúil, is orthu a thiocfaidh iomlán an chostais i gcás eachtraí a bhaineann le cúrsaí aeráide.  Lagann buanseasmhacht leis sin", ar sí.

Thug sí chun aire go raibh réimsí áirithe baoil a bhaineann leis an athrú aeráide ach nár cheart go dtarraingeodh sin aird ó dheiseanna suntasacha a bheith i gceist chomh maith d'earnáil na ngnóthaí airgeadais.  "Ní mór nuálaíocht i gcúrsaí teicneolaíochta agus infheistíocht dá réir chun dul chun cinn a chinntiú.  Agus cé go mbeadh ról i gceist maidir le hinfheistíocht phoiblí, is ar an earnáil phríobháideach a thitfidh cuid mhór den athrú a dhéanamh", a dúirt sí.

I bhfianaise a bhfuil de thábhacht le hathrú aeráide maidir le buanseasmhacht an chórais airgeadais san am atá romhainn, cheangail an Banc Ceannais le gairid le comhghuaillíocht de chuid na mbanc ceannais agus na gcomhlachtaí maoirseachta – Network for Greening the Financial System – d'fhonn a chinntiú go mbíonn seasamh sa chóras airgeadais in aghaidh ábhar baoil a bhaineann le cúrsaí aeráide. Dúirt an Leas-Ghobharnóir Donnery go ndéanfaidh an Banc Ceannais an cion is cuí chun tuiscint níos fearr a fháil ar an gceangal idir an córas airgeadais agus réimsí baoil a bhaineann le cúrsaí aeráide agus na bearta polasaí agus na bearta cosanta is gá a chur ar bun chun an t-ábhar baoil a chosc agus córas airgeadais a chothú ar mó de na gnéithe "glasa" atá ag rith leis.

Thug sí mar chomhairle scoir: “Is ábhar ollmhór dúshláin atá roimh an uile dhuine maidir leis an athrú aeráide.  Ag teacht lena leagtar de chúram orainn measúnú a dhéanamh maidir le gach réimse baoil a bheadh ann don chobhsaíocht airgeadais agus comhairle neamhspleách eacnamaíochta a chur ar fáil, ní mór do Bhanc Ceannais na hÉireann dearcadh fadbhreathnaitheach a chur i láthair.  I bhfianaise a mbaineann d'éiginnteacht leis na réimsí baoil a bhaineann le cúrsaí aeráide, is den bhuntábhacht dearadh fadtéarmach dá leithéid.  Ní mór do na bainc ceannais i gcónaí a bheith airdeallach maidir leis an gcostas go fadtéarmach a ghabhann le beart a dhéanamh nó le beart a fhágáil gan déanamh.  Ní mór don uile dhuine againn a chion féin a dhéanamh agus an t-ábhar dúshláin seo le sárú.”