Nuacht

Nóta maidir le Cobhsaíocht Airgeadais: Morgáistí ar ráta seasta: seasmhacht a chothú nó bagairt a chruthú?

24 Bealtaine 2019 Preas Ráiteas

Houses in a row

• Bíonn ráta seasta úis go ceann 1-5 bliana i gceist le mórchuid na morgáistí nua in Éirinn, ar aon dul le táirgí a ndeirtear ina leith i dtíortha eile gur 'rátaí mealltacha' atá leo.  Athraítear cuid mhór anonn díreach go dtí ráta athraitheach níos airde an tráth a thagann deireadh leis an tréimhse seasmhachta.
• Sa chás go dtéann tréimhsí rátaí seasmhacha i bhfad, d'fhéadfadh teaghlaigh a bheith ag íoc praghsanna níos airde ar an meán ná mar a bheadh i gcásanna eile mar gheall ar an mbaol níos ísle go dtiocfadh athrú ar an ráta morgáiste ina leith.
• Cuireann morgáistí fadtéarmacha ar ráta seasmhach bac ar na bainc an baol a bhaineann le praghsáil a chur ar aghaidh go dtí na teaghlaigh agus ní mór straitéisí a bheith ag na bainc chun bainistíocht a dhéanamh i ndáil leis na réimsí breise baoil sin. 

Tá nóta maidir le cobhsaíocht airgeadais foilsithe ag Banc Ceannais na hÉireann ina scrúdaítear an t-athrú le gairid ó iasachtaí ar ráta athraitheach go dtí iasachtaí ar rátaí seasta ar mhargadh morgáistí na hÉireann agus ar mhargaí morgáistí eile san Eoraip.  Tá creat-chóras ar fáil freisin leis an nóta d'fhonn cuidiú leis an lucht ceaptha beartais agus le geallsealbhóirí eile anailís a dhéanamh ar an tionchar a thiocfaidh de thoradh ar an athrú sin.

Is comhartha cora nua le gairid maidir le margadh morgáiste na hÉireann agus margaí morgáiste eile de chuid na hEorpa go bhfuil athrú tréan ó na morgáistí traidisiúnta ar rátaí athraitheacha go dtí morgáistí ar rátaí seasta.  Tá morgáistí i gcónaí ar an ngné is toirtiúla den ghnó iasachtaí ag bainc na hÉireann agus is den tábhacht dá bharr sin monatóireacht a dhéanamh ar an margadh i ndáil le cobhsaíocht airgeadais agus chun a chinntiú go mbíonn cosaint ag an tomhaltóir.

Seo a leanas na príomhthorthaí maidir leis an Nóta faoi Chobhsaíocht Airgeadais:
• Iasachtaí gearrthéarmacha mórchuid na n-iasachtaí ar rátaí seasta in Éirinn agus is minic iad praghsáilte níos ísle ná an gnáthráta athraitheach.  Is cosúil, os a choinne sin, leathnú ag tarlú go réidh maidir le fad na dtréimhsí ar ráta seasta.
• Cé gur féidir le morgáistí ar rátaí seasta fadtéarmacha cur le seasmhacht an teaghlaigh, trí mhaolú ar an athraitheacht maidir le híocaíochtaí úis, ba cheart go n-ardófaí leis sin costas an mhorgáiste.  Aistrítear an t-ábhar baoil maidir leis an bpraghsáil ón tomhaltóir go dtí an banc, agus ní mór don bhanc sin a mhaolú le bearta iléagsúlachta ar mhargaí cistíochta nó le bearta fálúcháin ar an margadh agus an costas a ghabhann leis na straitéisí bainistíochta maidir leis an ábhar baoil a chur ar aghaidh ina dhiaidh sin chuig na tomhaltóirí.
• Tar éis anailís a dhéanamh ar thíortha a bhfuil rátaí seasta fadtéarmacha i gceist le sciar mór de na hiasachtaí bainc, braitheann acmhainn na mbanc an t-ábhar baoil maidir le praghsáil a mhaolú le hiléagsúlacht ar thosca éagsúla rialála agus institiúide a bhaineann go sonrach leis an dlínse.
• Tarlaíonn cúiteamh idir táillí foircinn níos airde agus corrlach níos airde ar iasachtaí ar rátaí seasta.  Is dócha gur airde an corrlach sa chás gur féidir le teaghlach athmhaoiniú a dhéanamh ar chostas íseal ó tharla go mbeadh ar an mbanc an baol breise maidir le hathmhaoiniú a chúiteamh.

Tagtar ar an gcomhairle sa Nóta seo faoi Chobhsaíocht Airgeadais gur gá monatóireacht a dhéanamh ar aon athrú maidir le morgáistí ar rátaí seasta fadtéarmacha ionas go gcinntítear bainistíocht chuí á déanamh maidir le hábhar baoil don chobhsaíocht airgeadais.  Idir an dá linn, ba chóir do theaghlaigh a bheith ullamh le haon ardú ar aisíocaíochtaí a sheasamh an tráth a thagann deireadh leis an tréimhse ghearrthéarmach rátaí seasta.