Nuacht

Seoltar bonn airgid €2 mar chomóradh ar chothrom céad bliain ó chruinniú na Céad Dála i dTeach an Ard-Mhéara

16 Eanáir 2019 Preas Ráiteas

Commemorative Coins

• Luach aon mhillún euro de bhoinn airgid €2 le cur i gcúrsaíocht i rith na míosa seo
• Tá bonn airgid €100 óir speisialta cuimhneacháin á sheoladh chomh maith a bheidh le ceannach ar collectorcoins.ie
• Sheol an Gobharnóir Philip. R Lane na boinn i dTeach an Ard-Mhéara.

Eiseoidh an Banc Ceannais luach aon mhillún euro de bhoinn airgid €2 i rith na bliana 2019 chun comóradh a dhéanamh ar chothrom céad bliain ó chruinniú na Céad Dála i dTeach an Ard-Mhéara ar an 21 Eanáir 1919.

Sheol an Gobharnóir Philip R. Lane an bonn airgid speisialta €2 seo i dTeach an Ard-Mhéara inniu i gcuideachta an Cheann Comhairle, Seán Ó Fearghaíl TD, Ard-Mhéara Bhaile Átha Cliath, Nial Ring, an Aire Paschal Donohoe TD agus an Aire Regina Doherty TD.

Tá bonn airgid €100 óir speisialta á eisiúint freisin ar an mBanc Ceannais chun comóradh a dhéanamh ar chothrom céad bliain ó chruinniú na Céad Dála.  Beidh teorainn aon mhíle bonn le líon na mbonn sin agus beidh siad ar fáil le ceannach ar collectorcoins.ie sna seachtainí atá romhainn.  Beidh foireann na bliana agus foireann bhonn profa na bliana á n-eisiúint chomh maith níos faide amach sa bhliain agus an bonn airgid cuimhneacháin €2 san áireamh leo.

Emmet Mullins a rinne an obair dearthóireachta maidir leis an dá bhonn airgid ar a bhfuil na focail ‘An Chéad Dáil’ agus íomhánna de na Teachtaí Dála ag freastal ar an gcéad chruinniú sin.   Ba é an chéad chruinniú é d'Fheisirí Parlaiminte Shinn Féin tar éis iad a thoghadh go Teach na dTeachtaí i Westminster agus é á ghealladh acu go séanfaidís na suíocháin ansin agus go gcuirfidís parlaimint nua ar bun i mBaile Átha Cliath ina ionad sin.

Dúirt an Gobharnóir Philip R. Lane:

“Is mór an onóir don Bhanc Ceannais a bheith páirteach i gcomóradh ar eachtra chomh cinniúnach i stair na hÉireann le haon mhilliún bonn airgid €2 agus aon mhíle bonn óir cuimhneacháin €100 a bhualadh mar cheiliúradh ar chruinniú na Chéad Dála.  Ba chóir do dhaoine ar fud na hÉireann, agus ar fud na hEorpa go deimhin, na súile a choinneáil feannta ag faire go bhfeicfear an bonn airgid speisialta €2 seo i gcúrsaíocht go ginearálta.”

Dúirt an tAire Airgeadais agus Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, Paschal Donohoe TD:

“Is bealach tábhachtach againn bonn airgid comórtha a úsáid chun ceiliúradh a dhéanamh ar dhaoine agus ar eachtraí a bhfuil buntábhacht leo maidir le forbairt agus forás an náisiúin.  Déantar comóradh leis an mbonn airgid seo ar na teachtaí tofa tosaigh i nDáil Éireann agus ar an mbunchloch a leagadh síos agus sinn ag tosú amach inár dtír mhisniúil, nua-aimseartha, uilechuimsitheach, fhadbhreathnaitheach mar atá againn sa lá atá inniu ann.”

Is í seo an dara huair ag Banc Ceannais na hÉireann bonn airgid speisialta de chuid airgeadra an euro a eisiúint le cur i ngnáthchúrsaíocht.  Sa bhliain 2016, d'eisigh an Banc Ceannais 4.5 milliún bonn airgid speisialta €2 chun ceiliúradh a dhéanamh ar Éirí Amach na Cásca 1916.  D'eisigh an Banc Ceannais bonn óir €100 an tráth sin freisin ar ceannaíodh an líon iomlán díobh taobh istigh de 24 uair a chloig.