Nuacht

Nótaí nua bainc €100 agus €200 á gcur i gcúrsaíocht den chéad uair inniu

28 Bealtaine 2019 Preas Ráiteas

100 Euro Note

• Nótaí bainc nua le gnéithe slándála nua forfheabhsaithe le cur i gcúrsaíocht inniu
• Fágann holagram satailíte agus uimhir smaragaide fhorfheabhsaithe na nótaí bainc níos sábháilte ó ghóchumadh
• Is iad na nótaí €100 agus €200 na nótaí bainc deireanacha i sraith Europa

Cuireadh na nótaí bainc nua €100 agus €200, na nótaí bainc deiridh sa tsraith Europa, i gcúrsaíocht den chéad uair inniu.  Tá gnéithe nua slándála den nuálaíocht in úsáid leis na nótaí bainc agus iad furasta na nótaí nua a sheiceáil leis an modh oibre "cuimilt, féachaint agus iompú".

In uachtar ar an straidhp le dath airgid, tá holagram satailíte a fheictear mar shiombailí beaga € ag dul timpeall na huimhreach agus an nóta á iompú agus a éiríonn níos soiléire nuair a scalltar solas go díreach orthu.  Tá portráid Europa, an mhóitíf ailtireachta agus siombal mór € le feiceáil sa straidhp sin ar dhath an airgid freisin. Leis na nótaí nua €100 agus €200, tá forfheabhsú tugtha i gcrích maidir leis an uimhir smaragaide freisin. Cé go bhfuil uimhir smaragaide le feiceáil ar na nótaí eile ar fad i sraith Europa chomh maith, leis an leagan forfheabhsaithe seo, feictear siombailí € taobh istigh de na huimhreacha chomh maith.

Tá an airde céanna anois i nótaí nua na hainmníochta €100 agus €200 agus atá sa nóta bainc €50, rud a fhágann gur fusa iad a láimhseáil agus a phróiseáil i meaisíní. Is fearr freisin a théann siad le chéile i sparáin ag daoine agus is faide a mhairfidh siad ó tharla gur lú a oibríonn caitheamh agus cuimilt orthu.

Leanfaidh na nótaí bainc €100 agus €200 den chéad sraith, mar a chéile le hainmníocht eile, ina airgead dlítháirgthe.  Leanfar dá gcur i gcúrsaíocht in éineacht leis na nótaí nua go mbaintear as an gcúrsaíocht iad de réir a chéile.

Nótaí