Nuacht

Forléargas ar Ghnóthaí Iasachtaí Morgáiste in Éirinn i rith na bliana 2018

07 Meitheamh 2019 Preas Ráiteas

Houses in a row

D'fhoilsigh Banc Ceannais na hÉireann inniu sonraí agus ábhar tráchtaireachta maidir le hiasachtaí nua faoi na bearta macrastuamachta morgáiste i rith na bliana 2018.  Seo a leanas na príomhthorthaí:

• Chuir seacht gcinn d'institiúidí iasachta líon iomlán 39,495 iasacht ar fáil i rith na bliana 2018 dar luach iomlán €8.9 billiún.
• Níor tháinig athrú mór le himeacht na bliana ar an meánchóimheas luach le hiasacht (LTV) ná ar an meánchóimheas ioncam le hiasacht i gcás Cheannaitheoirí Céaduaire (FTB) ná Cheannaitheoirí Athuaire (SSB).
• B'ionann an meánchóimheas LTV maidir le ceannaitheoirí FTB i rith na bliana 2018 agus 80 faoin gcéad agus b'ionann an meánchóimheas LTI agus 3.1. 79.7 faoin gcéad agus 3.0 faoi seach figiúirí na bliana 2017 i leith na bhfigiúirí céanna.
• B'ionann an meánchóimheas LTV maidir le ceannaitheoirí SSB agus 66.8 faoin gcéad i gcomórtas le 67.1 faoin gcéad sa bhliain 2017 agus b'ionann an meánchóimheas LTI agus 2.6 (2.5 sa bhliain 2017).
• I ndáil le díolúine maidir leis na teorainneacha LTV agus LTI a shárú, bhí díolúine maidir leis an teorainn LTI 3.5 a shárú i gceist le 17 faoin gcéad de luach na n-iasachtaí le ceannaitheoirí FTB.  Ba lú ná 1 faoin gcéad de luach na n-iasachtaí le ceannaitheoirí FTB a raibh bunáireamh os cionn theorainn 90 faoin gcéad an chóimheas LTV i gceist ina leith.
• Maidir le ceannaitheoirí SSB, bhí díolúine maidir leis an teorainn LTI a shárú i gceist le 7 faoin gcéad de luach na n-iasachtaí le ceannaitheoirí SSB agus bhí bunáireamh os cionn theorainn 80 faoin gcéad an chóimheas LTV i gceist le 16 faoin gcéad de luach na n-iasachtaí le ceannaitheoirí SSB.
• Socraíodh cásanna díolúine i ndáil le hiasachtaithe i rith gach ráithe den bhliain 2018.