Nuacht

Rabhadh ó Bhanc Ceannais na hÉireann maidir le Gnólacht Infheistíochta/Gnólacht Gnó Infheistíochta Neamhúdaraithe

10 Feabhra 2017 Irish Category

D’fhoilsigh Banc Ceannais na hÉireann (’an Banc Ceannais’) inniu (10 Feabhra 2017) ainm gnólachta neamhúdaraithe, Asashi Mergers & Acquisitions (Japan). Níl Asashi Mergers & Acquisitions (Japan) údaraithe ag an mBanc Ceannais mar ghnólacht infheistíochta, mar ghnólacht gnó infheistíochta nó chun comhairle infheistíochta a thabhairt.

Tá liosta de na gnólachtaí neamhúdaraithe go léir arna bhfoilsiú go dtí seo le fáil ar  shuíomh gréasáin an Bhainc Ceannais.

Is cion coiriúil é ag gnólacht/duine neamhúdaraithe seirbhísí airgeadais a sholáthar in Éirinn, ar seirbhísí iad a gceanglaítear údarú ina leith ón mBanc Ceannais faoin reachtaíocht ábhartha. Tomhaltóirí a bhíonn ag plé le gnólacht/duine neamhúdaraithe, ní bheidh siad i dteideal cúiteamh a fháil ón Scéim um Chúiteamh d’Infheisteoirí.

Aon duine ar mian leis nó léi faisnéis maidir le gnólachtaí/daoine den sórt sin a thabhairt do Bhanc Ceannais na hÉireann, féadfaidh sé nó sí glaoch a chur ar (01) 224 4000. Is féidir le daoine den phobal glaoch a chur ar an uimhir seo freisin chun a fháil amach an bhfuil gnólacht infheistíochta údaraithe nó nach bhfuil. Ó tarmligeadh na cumhachtaí dlíthiúla iomchuí don Bhanc Ceannais i mí Lúnasa 1998, tá ainm 287 gnólacht neamhúdaraithe foilsithe ag an mBanc Ceannais.

Nótaí

Foilsítear ainm an ghnólachta thuasluaite faoi Acht an Bhainc Ceannais (Maoirsiú agus Forfheidhmiú) 2013.