Nuacht

Rabhadh ó Bhanc Ceannais na hÉireann maidir le Gnólacht Infheistíochta Neamhúdaraithe/Gnólacht Gnó Infheistíochta Neamhúdaraithe 24/08/2016

24 Lúnasa 2016 Irish Category
D’fhoilsigh Banc Ceannais na hÉireann ('an Banc Ceannais') inniu (24 Lúnasa 2016) ainm gnólachta neamhúdaraithe, Clayton & Oakley Investments (Ireland). Níl Clayton & Oakley Investments (Ireland) údaraithe ag an mBanc Ceannais mar ghnólacht infheistíochta, mar ghnólacht gnó infheistíochta nó chun comhairle infheistíochta a sholáthar.

Tá liosta de na gnólachtaí neamhúdaraithe go léir arna bhfoilsiú go dtí seo le fáil ar shuíomh gréasáin an Bhainc Ceannais.

Is cion coiriúil é ag gnólacht/duine neamhúdaraithe seirbhísí airgeadais a sholáthar in Éirinn, ar seirbhísí iad a gceanglaítear údarú ina leith ón mBanc Ceannais faoin reachtaíocht ábhartha. Tabhair faoi deara, le do thoil, nach mbeidh tomhaltóirí i dteideal cúiteamh a fháil ón Scéim um Chúiteamh d’Infheisteoirí má bhíonn siad ag plé le gnólacht/duine neamhúdaraithe.

Aon duine ar mian leis nó léi faisnéis maidir le gnólachtaí/daoine den sórt sin a thabhairt do Bhanc Ceannais na hÉireann, féadfaidh sé nó sí glaoch a chur ar (01) 224 4000. Is féidir le daoine den phobal glaoch a chur ar an uimhir seo freisin chun a fháil amach an bhfuil gnólacht ar leith údaraithe. Ó tarmligeadh na cumhachtaí dlíthiúla iomchuí don Bhanc Ceannais i mí Lúnasa 1998, tá ainmneacha 278 gnólacht neamhúdaraithe foilsithe aige.