Nuacht

Rabhadh ó Bhanc Ceannais na hÉireann maidir le Gnólacht Neamhúdaraithe

02 Márta 2017 Irish Category
D’fhoilsigh Banc Ceannais na hÉireann ('an Banc Ceannais’) ainm gnólachta neamhúdaraithe inniu (2 Márta 2017), Reserve Bank of Ireland. Níl Reserve Bank of Ireland údaraithe ag an mBanc Ceannais chun gnó baincéireachta a sheoladh nó chun aon seirbhísí airgeadais eile a sholáthar.

Tá liosta de na gnólachtaí neamhúdaraithe go léir arna bhfoilsiú go dtí seo le fáil ar shuíomh gréasáin an Bhainc Ceannais.

Is cion coiriúil é ag gnólacht neamhúdaraithe seirbhísí airgeadais a sholáthar in Éirinn ar ina leith a cheanglófaí údarú ón mBanc Ceannais faoin reachtaíocht ábhartha. Tomhaltóirí a bhíonn ag plé le gnólacht neamhúdaraithe, ní bheidh siad i dteideal cúiteamh a fháil ó aon cheann de na Scéimeanna reachtúla Cúitimh.

Aon duine ar mian leis nó léi faisnéis maidir le gnólachtaí den sórt sin a thabhairt do Bhanc Ceannais na hÉireann, féadfaidh sé nó sí glaoch a chur ar (01) 224 4000. Is féidir le daoine den phobal glaoch a chur ar an uimhir seo freisin chun a fhiafraí an bhfuil gnólacht údaraithe. Ó tarmligeadh na cumhachtaí dlíthiúla riachtanacha i mí Lúnasa 1998, tá ainmneacha 292 gnólacht neamhúdaraithe foilsithe ag an mBanc Ceannais.

Nóta

Foilsítear ainm an ghnólachta thuasluaite faoi Acht an Bhainc Ceannais (Maoirsiú agus Forfheidhmiú) 2013.