Nuacht

Ráiteas maidir le Cinneadh ÚBE Treoirlínte ar Mhoratóirí ar Íocaíochtaí a Athmhúscailt

02 Nollaig 2020 Preas Ráiteas

Central Bank of Ireland

Tá cinneadh an Údaráis Baincéireachta Eorpaigh (ÚBE) maidir le treoirlínte ÚBE ar mhoratóirí ar íocaíochtaí a athmhúscailt fógartha  ag an ÚBE inniu (an 2 Nollaig 2020). Tá dáta deiridh nua, is é sin an 31 Márta 2021, á thabhairt isteach ag an ÚBE do na treoirlínte sin, in áit an 30 Meán Fómhair 2020.

Ciallaíonn cinneadh an ÚBE, ar feadh tréimhse teoranta agus sa chás go sásaíonn moratóirí náisiúnta ar íocaíochtaí coinníollacha Threoirlínte an ÚBE, nach gá do bhainc a bhfuil sosanna ó íocaíochtaí á dtabhairt acu do chustaiméirí neamhchosaintí a athaicmiú go huathoibríoch mar neamhchosaintí atá staonta nó mainnithe de réir an tsainmhínithe ar athstruchtúrú anásta faoin gcreat reatha rialála. Baineann coinníollacha níos déine leis an síneadh ná mar a bhí leis na treoirlínte bunaidh; go sonrach:

  1. srian naoi mí a thabhairt isteach maidir le huastréimhse aon sosa aonair ar íocaíocht; agus
  2. ceanglas ar bhainc scéala a chur chuig an údarás inniúil cuí maidir lena bplean chun measúnú a dhéanamh ar an mídhóchúlacht atá ann na neamhchosaintí a íoc faoi réir na moratóirí ginearálta ar íocaíochtaí.

Ós rud é nach bhfuil aon scéim náisiúnta moratóirí ginearálta ar íocaíochtaí i bhfeidhm in Éirinn i láthair na huaire, níl aon tionchar láithreach ag an gcinneadh seo ar iasachtaithe na hÉireann.

Tá an cur chuige in Éirinn bunaithe ar thacaíocht a thabhairt d'iasachtaithe ar bhonn gach cáis ar leith de réir mar is cuí i ndáil lena gcúinsí ar leith.  Mar a tugadh le fios i gcinneadh an ÚBE, dá fhad a chuirtear siar, a chuirtear ar fionraí nó a laghdaítear na haisíocaíochtaí is ea is mó seans a bheidh ann nach bhfaighidh na hiasachtaithe is mó atá thíos leis an chomhairle airgeadais shaincheaptha láithreach nó na tacaíochtaí airgeadais saincheaptha láithreacha a bheidh uathu chun aghaidh a thabhairt ar a gcuid cúinsí ar leith.

Ba cheart d'iasachtaithe atá i gcruachás ó thaobh airgid de dul i mbun idirchaidrimh lena n-iasachtóir chomh luath agus is féidir chun réiteach cuí a fháil ar a gcúinsí ar leith.  Tá tacaíochtaí, sosanna ar íocaíochtaí ina measc, ar fáil fós d'iasachtaithe. Níl aon bhac rialála ar iasachtóirí sos breise ar íocaíochtaí a thairg d'iasachtaithe, ar an gcoinníoll go mbeidh siad cuí do chúinsí an iasachtaí.

Tá an Banc Ceannais dírithe fós ar a chinntiú go bhfuil iasachtóirí ag tacú go cuí le hiasachtaithe a bhfuil tionchar diúltach ag an bpaindéim ar a n-ioncam. Tá a chuid ionchaiscurtha in iúl ag an mBanc Ceannais do na hiasachtóirí go léir maidir leis an gcaoi ar cheart dóibh tacaíocht a thabhairt d'iasachtaithe a bhfuil deacrachtaí airgeadais acu de bharr phaindéim Covid-19, agus tá an Banc ag déanamh maoirseacht ar iasachtóirí chun a chinntiú go sásaítear sin.

Tá tacaíochtaí agus cosaintí suntasacha i bhfeidhm d'iasachtaithe a bhfuil deacracht acu aisíocaíochtaí a a dhéanamh.  Ina measc sin, tá an Cód Iompair um Riaráistí Morgáiste, an Cód um Chosaint Tomhaltóirí, agus Rialacháin do Ghnólachtaí a Thugann Iasachtaí do FBManna.  Is féidir tuilleadh eolais, comhairle agus treoir d'iasachtaithe a fháil ar ár ár suíomh gréasáin.

Tá sé riachtanach go mbeidh idirchaidreamh éifeachtach ann idir iasachtóirí agus iasachtaithe anásta chun cosc a chur ar charnadh riaráistí agus chun go n-éireoidh le hathstruchtúrú iasachtaí i gcás ina mbeidh an cumas fiachas a sheirbhísiú laghdaithe. Is dócha go mbeidh torthaí níos fearr ann d'iasachtaithe más féidir fadhbanna a aithint agus na réitigh is oiriúnaí a fháil dóibh chun an méid a bheidh ar a n-acmhainn a íoc.

Ó thosaigh an phaindéim, tá iasachtóirí ag cur lena gcumas agus lena n-acmhainn tacú le hiasachtaithe atá thíos leis an bpaindéim ar bhonn aonair agus ar bhonn gach cáis ar leith.

Tá sos tosaigh ó íocaíochtaí faighte ag tuairim is 175,000 iasacht Éireannach, agus tá an dara sos ó íocaíochtaí faighte ag tuairim is 40%. Tá an chuid is mó díobh sin anois tar éis filleadh ar aisíocaíochtaí iomlána. Tá iasachtóirí i mbun idirchaidrimh le hiasachtaithe a bhfuil tuilleadh tacaíochta de dhíth orthu ar bhonn gach cáis ar leith agus le hiasachtaithe a bhfuil sos gníomhach ó íocaíochtaí acu (c. 24,000 ag deireadh mhí Dheireadh Fómhair 2020, agus bhí laghdú breise ar an líon sin le linn mhí na Samhna).