Nuacht

Tugann taighde le fios nach dtuigeann tomhaltóirí céard a chumhdaítear faoi árachas giuirléide

21 Nollaig 2017 News Categories - Irish

 

 

  • Ní raibh sé i gceist ag formhór na dtomhaltóirí árachas ar ghiuirléidí amhail fóin chliste agus táibléid a cheannach go dtí gur tairgeadh dóibh é ag an díolphointe
  • Níor thuig formhór na dtomhaltóirí céard go díreach a bhí cumhdaithe, agus seans go bhfuil roinnt tomhaltóirí ag íoc as cumhdach nach bhfuil de dhíth orthu
  • Leis na tátail ón taighde seo, comhlánaítear athbhreithniú atá a dhéanamh ag an mBanc Ceannais ar ghnólachtaí

Tá tuarascáil taighde Consumer Experience of Purchasing Gadget Insurance foilsithe ag an mBanc Ceannais. Tugadh faoin taighde seo chun scrúdú a dhéanamh ar dhearcadh, iompar agus ar thaithí tomhaltóirí le linn dóibh árachas a cheannach do ghiuirléidí amhail fóin chliste agus táibléid.  Leis an taighde seo, bhíothas ag féachaint freisin le tuiscint a shealbhú ar aon laofachtaí iompraíochta agus le rioscaí féideartha sa réimse seo a aithint.  

 

Ba iad seo a leanas na tátail ón taighde:

  • Níor thuig formhór na dtomhaltóirí an cumhdach a bhí acu agus cheap siad go raibh níos mó cumhdaithe faoin árachas ná mar a bhí, agus seans go bhfuil roinnt tomhaltóirí ag íoc as cumhdach nach bhfuil de dhíth orthu.

  • Ní raibh sé i gceist ag formhór na dtomhaltóirí árachas giuirléide a cheannach go dtí gur tairgeadh dóibh é ag an díolphointe.

  • Chuir tromlach suntasach de na tomhaltóirí sa ghrúpa fócais (is tomhaltóirí a rinne an ceannachán ar an láthair) in iúl gur díoladh an t-árachas giuirléide dóibh mar bhreiseán nuair a bhí giuirléid á ceannach acu, fón cliste nó ríomhaire glúine de ghnáth, agus bhí formhór na gceannachán árachais bunaithe ar mhínithe briathartha ón bhfoireann mhiondíola.

  • Ba mhinic a chosain rannpháirtithe sa ghrúpa fócais a gcinneadh chun árachas giuirléide a cheannach ar an mbonn gur ghlacadar leis gur chumhdaigh an t-árachas sin rudaí “bunúsacha” amhail deisiúcháin ghinearálta/athsholáthar agus deisiúcháin scáileáin gan aon chostas breise.

Tar éis a thuilleadh ceistithe, ba léir gur bheag duine a raibh cur amach acu ar shonraí na n-eisiamh agus an bharrachais a bhain leis an bpolasaí. Shíl roinnt daoine go raibh téarmaí polasaithe áirithe éagórach amhail barrachas ar mó a chostas ná costas na ndeisiúchán, cur i bhfeidhm tréimhsí feithimh, gan cumhdach a bheith ar fáil do daoine faoi bhun 18 agus srianta ar aois na giuirléide agus ar áit a ceannaithe. Léiríodh sa taighde freisin nach raibh eolas ag na rannpháirtithe ar cheanglais a bhain le teagmhais a thuairisciú do na Gardaí agus le teagmhais de sórt sin a thuairisciú do na Gardaí laistigh de theorainneacha sonracha ama.

 

Thacaigh an suirbhé cainníochtúil leis na tátail sin mar a leanas:

 

  • Thuairiscigh 29% de na rannpháirtithe nach raibh eolas acu ar an gceanglas a bhain leis an ngoid/gcaillteanas a thuairisciú do na Gardaí;

  • Bhí 45% de na rannpháirtithe ag súil go mbeadh ‘caitheamh agus cuimilt’ cumhdaithe; agus

  • Bhí 77% de na rannpháirtithe ag súil go dtairgfí giuirléid nua dóibh i gcás inar ghá an ghiuirléid a athsholáthar.

Tarraingítear aird freisin ar an méid seo a leanas sa tuarascáil:

 

  • Bhí árachas giuirléide á shealbhú ag 12% de dhaoine fásta (440,000 tomhaltóir) (an tráth a rinneadh an taighde) agus is dócha go raibh sé á shealbhú ag suas le 24% de dhaoine fásta le dhá bhliain anuas;

  • Mhainnigh 21% de na rannpáirithe polasaithe roimhe seo a chealú tar éis dóibh polasaí nua a thógáil amach - dá bhrí sin, bhí níos mó airgid á chaitheamh acu ar chumhdach nach raibh de dhíth orthu a thuilleadh.

Táthar ag baint úsáid as tátail an taighde chun cigireacht théamach ar dhíolachán táirgí giuirléide a chomhlánú i ndáil le ceanglais a bhaineann le maoirseacht agus rialachas táirgí.  Foilseofar tátail na cigireachta téamaí sin in 2018.

 

Mar a dúirt Derville Rowland, an tArd-Stiúrthóir, Iompar Airgeadais:

“Tar éis dúinn anailís a dhéanamh ar an tsaincheist seo ó thaobh an tomhaltóra de, táimid ag díriú anois ar ár gcigireacht ar ghnólachtaí a thabhairt chun críche agus a chinntiú go gcosnaítear leas tomhaltóirí.

Is cuid den saol iad fóin, ríomhairí glúine, táibléid agus giuirléidí eile agus tá árachas ar na giuirléidí seo á shealbhú ag sciar mór den daonra. Tá dualgas reachtúil ar na gnólachtaí a fhorbraíonn agus a dhíolann na polasaithe árachais sin a chinntiú go bhfuil na táirgí sin ceaptha go cuí chun freastal ar riachtanais na dtomhaltóirí a ndíoltar leo iad, agus go ndíoltar iad ar bhealach cothrom, trédhearcach. Meabhraítear do ghnólachtaí go bhfuil ceanglas orthu socruithe láidre um maoirseacht agus rialachas táirge bheith i bhfeidhm acu i ndáil le táirgeadh agus dáileadh na dtáirgí árachais seo, chun a chinntiú go gcosnaítear leas tomhaltóirí.

Ó tharla gur tharraing an taighde aird ar an míthuiscint a bhí ann ar chumhdach polasaithe, ba cheart do thomhaltóirí a bhfuil sé ar intinn acu árachas giuirléide a cheannach thar an Nollaig breithniú a dhéanamh ar na heisiaimh agus na barrachais éagsúla agus a fháil amach an bhfuil siad ar áireamh ina bpolasaí agus a chinntiú go bhfreastalaíonn an cumhdach ar a gcuid riachtanas”.

CRÍOCH