Nuacht

Teilgean geilleagrach leasaithe chun bisigh sa triú Fáisnéis Ráithiúil ón mBanc Ceannais

28 Iúil 2017 Press Release

 Faisnéis-Ráithiúil-July-2017

  • Meastar go dtiocfaidh fás 4.5 faoin gcéad ar an ngeilleagar i mbliana agus go dtiocfaidh fás 3.6 faoin gcéad air in 2018 - leasú chun bisigh é seo ó 3.5 faoin gcéad agus 3.2 faoin gcéad faoi seach sa teilgean deiridh.
  • Leasaíodh teilgin fostaíochta chun bisigh, agus meastar go mbeidh 2.1 milliún duine i bhfostaíocht in 2018 den chéad uair le 10 mbliana.
  • Tá baol i gcónaí ag baint le Breatimeacht agus le híogaireacht i ndáil le turraingí féideartha eile idirnáisiúnta

D’fhoilsigh Banc Ceannais na hÉireann an tríú Fáisnéis Ráithiúil do 2017 inniu. Scrúdaíonn an Fáisnéis treochtaí le déanaí sa gheilleagar intíre agus tugann sé teilgin an Bhainc Ceannais um gheilleagar na hÉireann agus a thuairimí i dtaobh saincheisteanna beartais mhaicreacnamaíoch intíre.

Tuairscítear san Fháisnéis:

  • Meastar go gcuirfidh feabhsú ó thaobh fostaíochta agus ioncaim de dlús i gcónaí faoin bhfás, agus leasaíodh teilgin i dtaca le fás easpórtála chun bisigh. Chuidigh forbairtí dearfacha sa mhargadh saothair le téarnamh ioncaim, rud a thacaigh le fás maith sa chaiteachas tomhaltóirí, ach tar éis tréimhse de mhéaduithe an-mhór, meastar go maolóidh an fás san fhostaíocht an bhliain seo chugainn.
  • Tá boilsciú maolaithe fós, rud a léiríonn an iarmhairt ar phraghsanna earraí maidir le méadú an euro i gcoinne steirling agus laghdú i bpraghsanna fuinnimh. Meastar go dtiocfaidh méadú 0.3 faoin gcéad ar bhoilsciú príomha in 2017, leasú chun laghdaithe ó 0.7 faoin gcéad ón bhFáisnéis deiridh. Cé is moite d’fhuinneamh, meastar go bhfanfaidh sé cothrom in 2017 agus go méadóidh sé 1 faoin gcéad in 2018
  • Cé go bhfuil cuma mhaith ar an lártheilgean, áfach, tá baol ag baint leis a bhaineann go príomha le cúinsí seachtracha.

Is é a dúirt Gabriel Fagan, an Príomh-Eacnamaí: “Leanann geilleagar na hÉireann air ag fás faoi luas maith agus tá an fhéidearthacht a bhaineann le fás leanúnach agus maith geilleagrach fós dearfach. Léiríonn teilgin athbhreithnithe fáis don bhliain seo agus do 2018 móiminteam níos láidre sa gheilleagar intíre agus ionchais níos fearr maidir le héileamh seachtrach, go háirithe ónár gcomhpháirtithe trádála Eorpacha.”

Tarraingíonn an Fáisnéis aird ar roinnt rioscaí chun dochair. In éagmais aon eolais bhreise faoi na rioscaí sin, áfach, ní dhearna an Banc Ceannais aon choigeartú ar a theilgean ina leith sin, ach is díol imní iad Breatimeacht agus íogaireacht i ndáil le turraingí idirnáisiúnta níos leithne.

“Mar gheilleagar beag agus oscailte, tá rioscaí geilleagracha seachtracha le sárú ag Éirinn i gcónaí. Agus in ainneoin nach bhfuil mórán eolais nua le fáil go dtí seo, is léir go mbeidh iarmhairt ábharach agus dhiúltach gheilleagrach ag an mBreatimeacht ar Éirinn. Anseo sa bhaile, ní mór dúinn monatóireacht stuama a dhéanamh ar an mbaol a bhaineann le róthéamh,” arsa an Uasal Fagan.

Baineann Fáisnéis Ráithiúil an lae inniu úsáid den chéad uair riamh as tomhas nua geilleagrach, is é sin GNI*, rud a fhágann ar lár iarmhairtí an domhandúcháin a chuireann tomhas mhéid gheilleagar na hÉireann as riocht. Is é an toradh atá ar an tomhas nua seo ná cóimheasanna fiachais agus easnaimh ghinearálta rialtais atá i bhfad níos airde mar aon le cóimheasanna níos airde fiachais san earnáil phríobháideach ná mar a bhíonn ann nuair a úsáidtear tomhas traidisiúnta GDP. Leagann an Banc Ceannais béim ar a thábhachtaí atá beartais gheilleagracha a chuireann bonn faoin gcobhsaíocht agus a laghdaíonn an éiginnteacht.

Tá físeán gairid ina bpléann an Príomh-Eacnamaí, Gabriel Fagan, an Fáisnéis Ráithiúil le fáil ar chainéal YouTube an Bhainc Ceannais.