Nuacht

Toradh an Athbhreithnithe ar na Bearta Morgáiste fógraithe

23 Samhain 2016 Irish Category

Deimhnítear san athbhreithniú go bhfuil an creat foriomlán iomchuí agus go gcuireann na bearta le cobhsaíocht airgeadais agus eacnamaíoch.

  • Tá an t-athbhreithniú bunaithe ar obair fhairsing anailíse agus ar chomhairliúchán poiblí.
  • Mionchoigeartuithe déanta chun éifeachtacht agus inmharthanacht na mbeart a fheabhsú.

D’fhógair an Banc Ceannais inniu (23 Samhain) toradh an athbhreithnithe ar na bearta morgáiste i ndiaidh próisis fhairsing comhairliúcháin agus meastacháin. Tugadh na bearta morgáiste isteach i mí Feabhra 2015 chun stóinseacht iasachtaithe agus stóinseacht na hearnála baincéireachta araon a fheabhsú.

Dearbhaítear san athbhreithniú go bhfuil an creat foriomlán iomchuí agus go bhfuil na bearta ag cur le cobhsaíocht airgeadais agus eacnamaíoch, rud a laghdaíonn an riosca maidir le hiasachtú agus le hiasachtaíocht neamh-inmharthana. Tá an creat gan athrú don chuid is mó i ndiaidh an athbhreithnithe. Tá tairseach 3.5 uair ioncam an iasachtaí i bhfeidhm i gcónaí ar an gcóimheas iasachta le hioncam (CII). Níl aon athrú ar na ceanglais d’iasachtaithe a cheannaigh maoin le ligean ar cíos ná níl aon athrú ar na díolúintí d’iasachtaithe morgáiste atá i gcothromas diúltach.

San athbhreithniú, sainaithníodh roinnt mionchoigeartuithe chun inmharthanacht agus éifeachtacht an chreata reatha a fheabhsú.

Is iad seo a leanas na mionchoigeartuithe:

  • Beidh tairseach 90 faoin gcéad ar an gcóimheas iasachta le luach (CIL) i gcás ceannaitheoirí céaduaire. Is athrú é seo ar na ceanglais reatha lena bhforchuirtear tairseach 90 faoin gcéad d’iasachtaí suas go €220,000 agus tairseach 80 faoin gcéad d’iarmhéid na n-iasachtaí os cionn €220,000. Ciallaíonn sé seo go mbeidh ceannaitheoirí céaduaire in ann suim nach mó ná 90 faoin gcéad de luach tí a fháil ar iasacht agus beidh éarlais íosta 10 faoin gcéad ag teastáil uathu.
  • Leanfaidh an ceanglas maidir le héarlais íosta 20 faoin gcéad (i.e. cóimheas uasta CIL de 80 faoin gcéad) de bheith i bhfeidhm i gcás ceannaitheoirí den dara huair nó dá héis.
  • Leasaítear struchtúr na lámhaltas comhréireach CIL. Ceadófar go mbeidh cúig faoin gcéad de luach an iasachtaithe nua chuig ceannaitheoirí céaduaire os cionn theorainn 90 faoin gcéad ar an gcóimheas iasachta le luach agus ceadófar go mbeidh 20 faoin gcéad de luach an iasachtaithe nua chuig ceannaitheoirí den dara huair nó dá héis i leith príomháras cónaithe os cionn theorainn 80 faoin gcéad ar an gcóimheas iasachta le luach. Cuirtear é seo in ionad an cheanglais reatha lena gceadaítear go mbeidh 15 faoin gcéad den iasachtú iomlán i leith príomháras cónaithe (suim an iasachtaithe chuig ceannaitheoirí céaduaire agus chuig ceannaitheoirí den dara huair agus dá héis) os cionn theorainneacha CIL.
  • Déanfar an tréimhse reatha luachála dhá mhí a fhadú go dtí ceithre mhí toisc gur dócha go dtógfaidh sé níos mó ná trí mhí chun cuid de na díolacháin tithe a thabhairt chun críche.

Beidh éifeacht leis na hathruithe go léir ón 1 Eanáir 2017.

Dúirt an Gobharnóir Philip Lane an méid seo a leanas: Le 18 mí anuas, tá na bearta seo ag cinntiú go mbeidh daoine a cheannaigh tithe le linn na tréimhse sin in inmhe a gcuid íocaíochtaí morgáiste a bhainistiú i gcás ina mbeadh cor chun donais eacnamaíoch amach anseo. Cé gur deimhníodh fiúntas an chreata fhoriomláin le linn an phróisis athbhreithnithe seo, tugadh le tuiscint trí bhíthin ár gcuid anailíse fianaise-bhunaithe gurbh fhiú roinnt modhnuithe a dhéanamh ar na bearta.

Tá tairseach 3.5 uair ioncam an iasachtaí i bhfeidhm i gcónaí ar an gcóimheas iasachta le hioncam. Déantar an creat foriomlán a shimpliú le teorainn 90 faoin gcéad ar chóimheas CIL do i gcás ceannaitheoirí céaduaire agus ní cheadófar ach 5 faoin gcéad den iasachtú a bheith os cionn an leibhéil sin. Tá lámhaltas 20 faoin gcéad d’iasachtú os cionn theorainn 80 faoin gcéad ar chóimheas CIL i gcás ceannaitheoirí den dara huair nó dá héis i gcomhréir don chuid is mó le pátrúin reatha iasachtaithe. Leanfaidh na ceanglais iasachta le luach de bheith i bhfeidhm maidir leis na ceannaitheoirí eile go léir. Leis na bearta seo go léir cuirtear creat inmharthana ar fáil a bheidh mar bhonn taca faoinár gcuspóirí cobhsaíochta airgeadais.

D’fhoilsigh an Banc Ceannais tuarascáil freisin ar an bpróiseas athbhreithnithe mar aon le doiciméad aiseolais ina dtugtar freagraí ar na haighneachtaí a fuarthas le linn an phróisis comhairliúcháin. Déanfar na haighneachtaí go léir a fuarthas le linn an phróisis comhairliúcháin a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an Bhainc Ceannais.

Ina theannta sin, foilsíodh sraith páipéar eacnamaíoch mar aon le taighde breise a rinne an Banc Ceannais le linn an phróisis comhairliúcháin.