Nuacht

Tosaíochtaí straitéiseacha leagtha amach ag an mBanc Ceannais do na trí bliana atá amach romhainn

09 Samhain 2018 News Categories - Irish

Central Bank of Ireland

  • Leagtar amach cúig théama straitéiseacha sa straitéis, arb iad sin ár dtosaíochtaí do na trí bliana atá romhainn
  • Tugtar dearbhú an athuair sa straitéis seo maidir le tiomantas an Bhainc Ceannais freastal ar leas an phobail
  • Aithnítear Brexit agus cur chuige nua maidir le rialáil iompair mar dhá dhúshlán shuntasacha ar gá béim straitéiseach a leagan orthu

Ta a Plean Straiteiseach 2019 - 2021 foilsithe ag an mBanc Ceannais ina leagtar amach a phríomhthosaíochtaí do na trí bliana atá le teacht. Tógadh ar an straitéis atá ann faoi láthair agus beidh mórán de na tosaíochta agus de na tionscnaimh atá ann cheana féin le feiceáil fós sna trí bliana amach romhainn.

Leagtar amach sa straitéis na cúig théama straitéiseacha a mbeidh an Banc Ceannais ag díriú orthu sna trí bliana atá romhainn. Is iad sin:

  • Athléimneacht a neartú;
  • Brexit;
  • Cosaint tomhaltóirí a neartú;
  • Rannpháirtíocht agus tionchar a imirt;
  • Cumas eagraíochtúil a fheabhsú.

Agus é ag seoladh na straitéise, dúirt an Gobharnóir Philip R. Lane, ‘An príomhdhúshlán a bhaineann leis an gcéad chéim eile seo is ea a áirithiú go n-éireoidh leis an gcreat beartais nua trí chobhsaíocht airgeadaíochta agus airgeadais a choimirciú, fad a fhéachtar lena chinntiú go mbeidh an córas airgeadais ag feidhmiú ar mhaithe le leas na dtomhaltóirí agus le leas an gheilleagair níos leithne. Cuid lárnach dár gcur chuige is ea a chinntiú go neartaítear an córas airgeadais agus athléimneacht in aghaidh rioscaí ionas go mbeidh cumas níos fearr ag an gcóras airgeadais turraingí seachtracha agus géarchéimeanna amach anseo a sheasamh agus go ndéanfar tionchar na n-imeachtaí sin a mhaolú.

Mar a chéile leis an gcóras Eorpach ina iomláine, bhí an Banc Ceannais sáite sa bhainistíocht géarchéime le deich mbliana anuas, agus rinneadh atógáil ar an gcóras rialála le déanaí. Is tráthúil anois tús a chur le tréimhse chomhdhlúthaithe, ina gcoimeádfar an dul chun cinn a rinneadh le blianta beaga anuas, agus ina dtabharfar faoi dhúshláin nua fad is a dhírítear ar éifeachtúlacht agus cumas a fheabhsú agus na tascanna atá againn faoi láthair á dtabhairt i gcrích againn.

Rinneadh an straitéis a fhorbairt le hamlíne trí bliana, ach tá dhá dhúshlán shuntasacha láithreacha ann ar gá béim straitéiseach a leagan orthu – Brexit agus ár gcur chuige nua maidir le rialáil iompair. Tá impleachtaí gearrthéarmacha agus fadtéarmacha ag Brexit do struchtúr gheilleagar na hÉireann agus don chóras trádála. De bhreis air sin, cuireann Brexit faoi deara go bhfuil leathnú suntasach tagtha ar thacar na ngnólachtaí atá ag iarraidh Éire a úsáid mar bhunáit chun freastal ar chóras airgeadais AE27 agus cuireann sé faoi deara go gcaithfear athsmaoineamh a dhéanamh ar an gcreat iomchuí chun rialáil a dhéanamh ar thrádáil i seirbhísí airgeadais idir AE27 agus suíomhanna eile (lena n-áirítear an Ríocht Aontaithe).

Ó thaobh na rialála iompair airgeadais de, chonacthas raon leathan scannal ar fud an domhain le deich mbliana anuas a bhain le mí-iompar airgeadais, fad a léiríodh san Imscrúdú ar Mhorgáistí Riaracháin an damáiste is féidir le mí-iompar na mbanc intíre a dhéanamh do thomhaltóirí Éireannacha. Táimid tiomanta do rialáil fheabhsaithe a dhéanamh ar iompar gnólachtaí rialáilte agus ar fheidhmiú margaí airgeadais d’fhonn tomhaltóirí agus infheisteoirí a chosaint.

Beidh orainn a bheith solúbtha chun ár straitéis a bhaint amach, agus cuirfimid na héilimh iomaíocha in ord tosaíochta, fad a áiritheoimid go mbainfimid ár gcuid bunoibre amach agus go bhfreagróimid d’athruithe sa timpeallacht sheachtrach.’

Ceapadh an straitéis seo tar éis dul i gcomhairle leis an bpobal agus le geallsheallbhóirí eile.