Nuacht

Tuarascáil Bhliantúil agus Ráiteas Bliantúil Feidhmíochta 2020 foilsithe ag an mBanc Ceannais

02 Meitheamh 2021 Press Release

Central Bank of Ireland

  • Leis an Tuarascáil Bhliantúil agus Ráiteas Bliantúil Feidhmíochta, léirítear scála agus éagsúlacht na hoibre a rinne an Banc Ceannais in 2020.
  • Tuairiscíodh brabús airgeadais €829.6m do 2020. Íocfar ioncam barrachais €665.7 milliún leis an Státchiste.
  • Tuarascáil Bhliantúil um Nochtadh Cosanta 2020 foilsithe ag an mBanc Ceannais freisin.

Tá Tuarascáil Bhliantúil 2020 agus Ráiteas Bliantúil Feidhmíochta foilsithe ag Banc Ceannais na hÉireann inniu (2 Meitheamh 2021).

Ag labhairt dó ag seoladh na tuarascála, dúirt an Gobharnóir, Gabriel Makhlouf:

“Bliain urghnách don tír a bhí sa bhliain 2020 agus ba mhaith liom buíochas a ghabháil le baill foirne an Bhainc Ceannais as an tiomantas agus dúthracht a léirigh siad agus iad ag obair ar mhaithe le leas an phobail le linn na paindéime. 

Sa tuarascáil seo, leagtar amach an méid a bhaineamar amach anuraidh agus tugtar forbhreathnú ar na príomhghníomhaíochtaí chun cobhsaíocht airgeadaíochta agus airgeadais a chosaint agus chun a chinntiú go raibh an córas airgeadais ag obair ar mhaithe le leas na dtomhaltóirí agus an gheilleagair i gcoitinne.  Bhí tábhacht ar leith ag baint le téama na hathléimneachta agus chaitheamar ár ndúthracht lena chinnitú go raibh an córas airgeadais in ann turraing COVID-19 a iompar seachas í a mhéadú agus go raibh sé réidh chun tacú leis an téarnamh eacnamaíoch agus, ag an am céanna, bhí bainistíocht á déanamh againn ar na rioscaí a bhí ag teacht chun cinn le linn na hidirthréimhse tar éis don Ríocht Aontaithe imeacht as an AE ag deireamh mhí Eanáir 2020.

“I mí an Mhárta 2020, d'fhógraíomar go laghdófaí an cúlchiste fritimthriallach (CCyB) ó 1% go 0% chun a chumasú don earnáil baincéireachta soláthar inbhuanaithe creidmheasa a choimeád ar bun agus leanúint de bheith ag freastal ar theaghlaigh agus ar ghnóthaí.  I bhfianaise an ionchais mhaicreacnamaíoch, nílimid ag súil go bhfógrófar méadú ar an CCyB i mbliana.

“Le linn 2020, bhíomar ag obair le dlúth lenár gcomhghleacaithe san AE mar chuid den chomhfhreagairt ar an bpaindéim, fad a bhíomar ag cur go mór le hathbhreithniú an BCE ar a straitéis beartais airgeadaíochta.  Leanfar leis an obair seo in 2021, agus leis na hiarrachtaí idirnáisiúnta atá ar bun chun creat macrastuamachta níos cuimsithí a fhorbairt agus a oibríochtú, creat le haghaidh airgeadas margadhbhunaithe san áireamh.  Ag an BCE, cinnfimid freisin na chéad chéimeanna eile a bheidh le glacadh maidir le euro digiteach a fhobairt.  Agus rachaimid i ngleic le dúshlán an athraithe aeráide trí cheannaireacht a thabhairt le dea-shampla inár gcuid gníomhartha féin, agus trínár sainordú a bhaint amach chun a chinntiú go bhfuil an córas airgeadais athléimneach ó thaobh rioscaí aeráide agus go bhfuil sé réidh chun tacú leis an athrú chuig domhan atá níos inbhuanaithe.  Tabharfaimid tús áite do shaincheisteanna a eascraíonn as paindéim COVID-19, agus do shainaithint rioscaí a bhíonn ag teacht chun cinn, chun a chinntiú go bhfuil bearta cuí á nglacadh chun iad a mhaolú.  Táimid ag súil go mbeidh gnólachtaí rialáilte réamhghníomhach agus réamhbhreathnaitheach agus go mbeidh siad ag súil le deiseanna agus le bagairtí amach anseo, lena n-áirítear cinn a éiríonn as táirgí nua/nuálaíocht teicneolaíochta agus as an athrú aeráide.

“Tá forbairt ár bplean straitéisigh nua ar cheann de phríomhthosaíochtaí na bliana seo. Is dúshláin chasta iad na dúshláin atá ann do gheilleagair i gcoitinne agus do chórais aireadais go háirithe.  Teastaíonn uainn a chinntiú go bhfoghlaimeoimid na ceachtanna ón stair de mar a bheimid ag obair chun an beartas agus an meascán rialála is fearr a fhorbairt don chobhsú maicreacnamaíoch sa todhchaí. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le gach duine a thug freagra ar an iarratas chun ionchur a thabhairt maidir lenár bplean straitéiseach nua.

“Ar deireadh thiar, tá Tuarascáil Bhliantúil 2020 um Nochtadh Cosanta foilsithe againn freisin. Is uirlis thábhachtach é Nochtadh Cosanta a chuidíonn linn ár sainordú a chomhlíonadh.  Molaim do dhaoine aonair ábhar imní nó faisnéis maidir le héagóir rialála amhrasta sna seirhbísí airgeadais a thuairisciú.  Déantar gach nochtadh cosanta a mheas go cúramach.  Mar thoradh ar ghníomhartha a rinneadh le linn 2020 de bhun faisnéise a fuarthas, baineadh sraith torthaí tábhachtacha amach lena n-áirítear obair bhreise mhaoirseachta ar nós cigireachtaí, ina gceanglaítear ar ghnólachtaí saincheisteanna a réiteach agus/nó ina leagtar béim bhreise mhaoirseachta orthu, agus gníomh forfheidhmiúcháin.

Nótaí

Faoin Acht um Nochtadh Cosanta 2014, ceanglaítear ar chomhlachtaí poiblí tuarascáil a ullmhú agus a fhoilsiú gach bliain maidir leis an líon nochtadh cosanta a rinneadh do chomhlachtaí poiblí le linn na bliana roimhe sin mar aon leis an ngníomh a rinneadh mar fhreagairt ar aon nochtadh a rinneadh. Is gá na tuarascálacha a eisiúint tráth nach déanaí ná an 30 Meitheamh.

Tá tuilleadh eolais maidir le Córas an Bhainc Ceannais um Nochtadh Cosanta le fáil ar ár suíomh gréasáin.