Nuacht

Cultúir dírithe ar thomhaltóirí fós easnamhach i mbainc mhiondíola Éireannacha

24 Iúil 2018 Irish Category

Central Bank of Ireland

  • Léirítear san athbhreithnniú go bhfuil leibhéil éagsúla dul chun cinn déanta ag na bainc éagsúla ó thaobh gluaiseacht i dtreo cultúr eagraíochtúil a bheidh dírithe ar thomhaltóirí agus go bhfuil bóthar fada le triall acu go léir.
  • Ceanglóidh an Banc Ceannais ar gach ceann de na bainc plean gníomhaíochta mionsonraithe a chur faoina bhráid chun dul i ngleic leis na saincheisteanna a aithníodh agus chun a chinntiú go maolaítear rioscaí.
  • Molann an Banc Ceannais go dtabharfar isteach reachtaíocht chun tacú le Creat Cuntasaíochta Aonair ina leagfar síos caighdeáin iompair do chomhaltaí foirne agus lena gcinnteofar línte soiléire cuntasaíochta i ngnólachtaí.

D’fhoilsigh Banc Ceannais na hÉireann Athbhreithniú ar Iompar agus ar Chultúr sna cúig phríomhbhanc mhiondíola Éireannacha - Grúpa AIB, Grúpa Bhanc na hÉireann, permanent tsb, Banc Uladh agus KBC Bank Éire. Ba é an tAire Airgeadais, Paschal Donohoe TD, a d’iarr an t-athbhreithniú seo agus ba é Banc Ceannais na hÉireann i gcomhar le Banc Ceannais na hÍsiltíre (De Nederlandsche Bank - DNB, ceannródaithe sa mhaoirseacht ar iompar agus ar chultúr), a chuir i gcrích é. Dhírigh an t-athbhreithniú go príomha ar an bhfoireann ceannaireachta feidhmiúcháin ó tharla go bhfuil tábhacht ar leith ag baint leo maidir le cultúir éifeachtacha a chur chun cinn. Ar an gcaoi sin, tugann sé spléachadh dúinn ag tráth ar leith ar an lucht cinnteoireachta i ngach gnólacht a chinneann an cultúr ón mbarr.

Léirítear san athbhreithnniú go bhfuil dul chun cinn níos fearr déanta ag bainc áirithe ná bainc eile ó thaobh gluaiseacht i dtreo cultúr eagraíochtúil atá dírithe ar thomhaltóirí ach go bhfuil bóthar fada le triall acu go léir. Go sonrach, léirítear san athbhreithniú nár comhlíonadh dhá réamhriachtanas phríomhúla sna cásanna go léir:

  • Comhthuiscint ar a bhfuil i gceist le cultúr dírithe ar thomhaltóirí; agus
  • Cé go bhfuil bainc áirithe chun tosaigh ó thaobh béim ar thomhaltóirí a leabú i struchtúir, i bpróisis agus i gcórais, tá bóthar fada le triall acu go léir.

 Léiríodh pátrúin sna hathbhreithnithe freisin maidir le ceannaireacht, cinnteoireacht straitéiseach mar aon le meon a d’fhéadfadh an t-aistriú chuig cultúr dírithe ar thomhaltóirí a chur i mbaol.

  • Léirigh coistí feidhmiúcháin áirithe ‘iompar réitigh fadhbanna práinneacha’, ag díriú ar shaincheisteanna práinneacha, gearrthréimhseacha. Seans gur iarsma é seo ón meon géarchéime toisc gur gá go leor saincheisteanna leagáide agus rialála a réiteach ón tréimhse sin.
  • Ábhair imní maidir le stíleanna ceannaireachta. I mbainc áirithe, cuireann iarsmaí ón meon géarchéime faoi deara go bhfuiltear ag filleadh ar stíleanna ceannaireachta a cothaíodh le linn na géarchéime airgeadais.
  • Téama athfhillteach gaolmhar is ea an gá atá le cumhachtú agus cumas cinnteoireachta na foirne sinsearaí a fheabhsú.
  • Ar deireadh thiar, tháinig ábhair imní chun cinn sna hathbhreithnithe maidir le ródhóchas i ndáil le haistriú chuig cultúr dírithe ar thomhaltóirí.

Dá bhrí sin, is léir go bhfuil cultúir dírithe ar thomhaltóirí fós easnamhach sna bainc agus gur gá do na bainc pátrúin bhacúla iompair a shárú chun go bhféadfar an t-aistriú seo a chur i gcrích.

Tugadh faoi Mheasúnuithe ar Éagsúlacht agus ar Chuimsiú sna cúig phríomhbhanc freisin toisc go mbaineann tábhacht ar leith le héagsúlacht agus le hionchuimsiú ó thaobh cultúr éifeachtach a chothú. Cosúil leis na hAthbhreithnithe ar Iompar agus ar Chultúr, chonacthas don Bhanc Ceannais go raibh go leor oibre le déanamh ag na bainc chun a chinntiú go raibh éagsúlacht agus ionchuimsiú leordhóthanach ina gcuid eagraíochtaí, go háirithe ag leibhéal sinsearch, chun an ghrúpsmaointeoireacht agus an rómhuinín a sheachaint, agus chun dúshlán inmheánach a chur chun cinn.

Bhí teagmháil dhíreach ag an mBanc Ceannais leis na bainc aonair maidir leis na tátail shonracha agus beidh ar na bainc pleananna gníomhaíochta a chur i bhfeidhm chun dul i ngleic leis na rioscaí a aithníodh.

Mhol an Banc Ceannais go dtabharfadh an Rialtas reachtaíocht isteach chun Creat Cuntasaíochta Aonair a éascú. Bhainfeadh sé seo le bainc agus le soláthraithe rialáilte seirbhísí airgeadais agus rachadh sé níos faide ná na ceanglais atá ann faoi láthair do chomhaltaí foirne ó thaobh oiriúnachta agus ionracais trí chaighdeáin iompair a leagan síos do chomhaltaí foirne agus trí línte níos soiléire cuntasaíochta a chinntiú i ngnólachtaí.

Mar a dúirt Derville Rowland, an tArd-Stiúrthóir, Iompar Airgeadais:

“Is ón mbarr anuas a chothaítear cultúr. Is faoi na boird agus faoin ardbhainistíocht atá sé, i dtús báire, cultúr éifeachtach a chothú ina dtugtar tús áite do leas na dtomhaltóirí. Tá bóthar fada le triall ag na bainc sula mbeidh beart á dhéanamh acu de réir a mbriathair agus tús áite a thabhairt acu dá gcustaiméirí.

“Cuireann cultúr éifeachtach eagraíochtúil le comhchuspóir agus le chomhchaighdeáin cosúil le gairmiúlacht, ionracas, macántacht agus cuntasaíocht chun torthaí córa a bhaint amach ina mbeidh leas na dtomhaltóirí chun tosaigh. Tá an Banc Ceannais ag súil go ndéanfar na caighdeáin agus na luachanna sin a leabú sna gnólachtaí go léir a bhíonn á rialáil againn.

Leanaimid orainn de thosaíocht a thabhairt do na saincheisteanna sin. Iarrfaimid ar na bainc cláir a fhorbairt chun dul i ngleic leis na saincheisteanna a sainaithníodh sa tuarascáil agus déanfaimid faireachán ar oiriúnacht agus ar chur chun feidhme na gclár sin. Chomh maith leis sin, táimid ag moladh go dtabharfar Creat Cuntasaíochta Aonair isteach agus déanfaimid maoirseacht níos minice, níos spriocdhírithe ar iompar, lena n-áirítear dúshlán láidir a thabhairt do na boird agus don bhainistíocht feidhmiúcháin.

Níl aon réiteach draíochta ar na saincheisteanna seo. Tógann sé tamall saincheisteanna cultúir a réiteach, dá bhrí sin, beidh obair leanúnach, ilbhliantúil mhaoirseachta i gceist seachas réiteach láithreach aon-uaire.”

Ar Ed Sibley, an Leas-Gobharnóir, Rialáil Stuamachta:

“Tá sé léirithe go soiléir ag an taighde gur gnéithe tábhachtacha iad an éagsúlacht agus an t-ionchuimsiú de ghnólachtaí dea-bhainistithe atá seasmhach ó thaobh airgeadais agus a bhíonn dírithe ar straitéisí. Os a choinne sin, má bhíonn leibhéil ísle éagsúlachta i ngnólacht, méadaítear an riosca go mbeidh rómhuinín i gceist i gcinnteoireacht agus, ar aon gcaoi sin, laghdaítear an dúshlán inmheánach, bíonn drogall ann tabhairt faoi athrú agus cuirtear in aghaidh dúshlán seachtrach. Táimid ag cur in iúl do na bainc go gcaithfidh siad dul níos faide ná cur chuige a dhíríonn ar chomhlíontacht íosta chun dul i ngleic leis an easpa éagsúlachta agus ionchuimsithe ag leibhéil shinsearacha.”