Próifíl an Coimisiún

Gabriel Makhlouf, Gobharnóir

 Gabriel Makhlouf

Chuaigh Gabriel Makhlouf i mbun a chúraim mar Ghobharnóir ar Bhanc Ceannais na hÉireann an 1 Meán Fómhair 2019.  Tá sé ina chathaoirleach ar Choimisiún an Bhainc Ceannais agus is comhalta é de Chomhairle Rialaithe an Bhainc Ceannais Eorpaigh agus den Bhord Eorpach um Riosca Sistéamach, agus is é Gobharnóir Malartach na hÉireann ar an gCiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta. 

Sular tháining sé chuig an mBanc Ceannais, bhí Gabriel ina Rúnaí ar Státchiste na Nua-Shéalainne agus bhí sé ina phríomhchomhairleoir eacnamaíoch agus airgeadais do Rialtas na Nua-Shéalainne idir 2011 agus 2019. Le linn a thréimhse mar Rúnaí, bhí sé i gceannas ar athbhreithnithe ar thrí philéar mhaicreacnamaíocha na Nua Shéalainne (airgeadaíocht, cobhsaíocht airgeadais agus beartas fioscach) agus ar chreat nua do bheartas eacnamaíoch agus do bheartas poiblí a fhorbairt bunaithe ar fholláine idirghlúine. Ina theannta sin, bhí Gabriel ina Ghobharnóir Malartach don Nua Shéalainn sa Bhanc Domhanda, sa Bhanc Infheistíochta do Bhonneagar Áiseach, i mBanc Forbartha na hÁise agus sa Bhanc Eorpach d’Atógáil agus d’Fhorbairt.  Bhí sé ina chomhchathaoirleach freisin ar an gComhairle Baincéireachta Trasthasmánach.

Roimhe sin, d’oibrigh Gabriel i róil éagsúla i státseirbhís na Ríochta Aontaithe; ina measc sin, bhí róil aige sa bheartas cánach intíre agus idirnáisiúnta, agus in oibríochtaí mórscála. Bhí sé ina chathaoirleach ar Choiste um Beartas Fioscach na hEagraíochta um Chomhar agus um Fhorbairt Eacnamaíoch agus bhí sé freagrach as seirbhís baincéireachta Rialtas na Ríochta Aontaithe.

Sharon Donnery, An Leas-Ghobharnóir, Rialáil Airgeadais*

Sharon Donnery

Ceapadh Sharon Donnery ina Leas-Ghobharnóir, Rialáil Airgeadais, ar an 1 Iúil 2022. Is comhalta ex-officio í de Choimisiún an Bhainc Ceannais agus is comhalta í de Bhord Maoirseachta an Bhainc Ceannais Eorpaigh (BCE) agus de Bhord Ginearálta an Bhoird Eorpaigh um Riosca Sistéamach.

Mar Leas-Ghobharnóir, Rialáil Airgeadais, tá Sharon freagrach as rialáil agus maoirseacht a stiúradh ar institiúidí creidmheasa, ar chomhair chreidmheasa agus institiúidí íocaíochta/airgid leictreonaigh agus ar an earnáil árachais.

Tá sí freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar an bhfeidhm um riosca cothrománach agus as an bhfeidhm um shonraí agus anailísíocht sa Bhanc, agus tá sí freagrach as beartas rialála an Bhainc a stiúradh ar leibhéal náisiúnta, Eorpach agus domhanda.  Chomh maith leis sin, tá Sharon ina comhchathaoirleach ar an Meitheal um Chistí Frithpháirteacha (OEFWG) de chuid an Bhoird um Chobhsaíocht Airgeadais.

Bhí Sharon ina Gobharnóir Gníomhach ar Bhanc Ceannais na hÉireann ón 1 Meitheamh 2019 go dtí an 31 Lúnasa 2019. 

Roimhe sin, bhí Sharon ina Leas-Ghobharnóir, Baincéireacht Cheannais, ón 1 Márta 2016 go dtí an 30 Meitheamh 2022 agus bhí sí ina Malartach don Ghobharnóir ar Chomhairle Rialaithe BCE.  Bhí sí freagrach as obair an Bhainc a stiúradh ar anailís eacnamaíoch, ar bheartas airgeadaíochta, ar oibríochtaí airgeadais agus staidreamh.  Ina theannta sin, bhí sí i gceannas ar bhunú na feidhme um réiteach agus bainistíocht géarchéime sa Bhanc, i ndiaidh thrasuíomh na Treorach maidir le Téarnamh agus Réiteach Banc (BRRD). 

Tá taithí fhairsing aici ar chathaoirleacht a dhéanamh ar choistí idirnáisiúnta, lena n-áirítear a bheith ina Cathaoirleach ar Choiste Buiséid BCE (BuCom), ar Ghrúpa Ardleibhéil BCE ar Iasachtaí Neamhthuillmheacha, ar Ghrúpa an Údaráis Baincéireachta Eorpaigh (ÚBE) um Chosaint Tomhaltóirí agus bhí sí ina Leas-Chathaoirleach ar Bhuanchoiste ÚBE um Chosaint Tomhaltóirí agus Nuálaíocht Airgeadais.

Bhí raon post sinsearach éagsúil ag Sharon sa Bhanc Ceannais. Bhí sí ina Stiúrthóir ar Mhaoirseacht ar Institiúidí Creidmheasa agus bhí sí freagrach as an maoirseacht ar an earnáil baincéireachta in Éirinn nuair a bhí an Sásra Aonair Maoirseachta á bhunú.   

 Ina theannta sin, bhí sí ina comhalta malartach den Bhord Maoirseachta an tráth sin. Roimhe sin, shealbhaigh sí post reachtúil Chláraitheoir na gComhar Creidmheasa agus bhí sí ina Ceannasaí ar Chosaint Tomhaltóirí. 

Thosaigh Sharon ag obair sa Bhanc Ceannais i 1996 mar Eacnamaí sa Rannán um Beartas Airgeadaíochta. Sular thosaigh sí ag obair sa Bhanc Ceannais, bhí Sharon ag léachtóireacht san eacnamaíocht in Ollscoil na hÉireann, Má Nuad.

Tá B.A. san Eacnamaíocht agus sa Pholaitíocht ag Sharon, mar aon le M.A. san Eacnamaíocht ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, agus Dioplóma i dTreoir Cuideachta ó Institiúid na Stiúrthóirí. In 2019, glacadh léi mar Stiúrthóir Cairte in Institiúid na Stiúrthóirí i Londain. In 2020, ceapadh í ina hOllamh Taca san Eacnamaíocht i gColáiste na Tríonóide.

Vasileios Madouros, An Leas-Ghobharnóir, Cobhsaíocht Airgeadaíochta agus Airgeadais*

Vasileios Madouros

Ceapadh Vasileios Madouros ina Leas-Ghobharnóir, Cobhsaíocht Airgeadaíochta agus Airgeadais, i mí na Samhna 2022. Sa ról seo, déanann sé maoirsiú ar na Rannáin um Eacnamaíocht & Staidreamh, um Chobhsaíocht Airgeadais agus um Oibríochtaí Airgeadais agus stiurann sé rannpháirtíocht le páirtithe leasmhara intíre, Eurochórais agus idirnáisiúnta a dhéanann ionadaíocht don Bhanc Ceannais ar ábhair níos leithne maidir leis an gcóras airgeadais. Is Comhalta ex-officio de Choimisiún an Bhainc Ceannais é Vasileios agus is malartach don Ghobharnóir é ar Chomhairle Rialaithe an Bhainc Cheannais Eorpaigh. 

Roimhe seo, bhí Vasileios ina Stiúrthóir ar Chobhsaíocht Airgeadais.  Sa ról sin, bhí sé freagrach as obair an Bhainc Ceannais chun faireachán a dhéanamh ar bhagairtí don chobhsaíocht airgeadais agus as comhairle a thabhairt maidir le húsáid uirlisí marcrastuamachta, nó idirghabhálacha beartais eile, chun na rioscaí sin a mhaolú. Bhí Vasileios freagrach freisin as feabhas a chur ar ullmhacht agus ar chumas bainistíochta an Bhainc Ceannais i leith géarchéim airgeadais mar aon le hullmhúchán a dhéanamh i gcomhair réiteach ordúil institiúidí airgeadais ábhartha agus as réiteach den sórt sin a bhainistiú. Sa ról sin, bhí Vasileios ina chomhalta de Bhord Iomlánach an Bhoird Réitigh Aonair.  

Sula ndeachaigh sé i mbun a phoist leis an mBanc Ceannais, chaith sé formhór dá shaol oibre le Banc Shasana. Chuimsigh a chuid oibre i mBanc Shasana mórán réimsí a bhain le cobhsaíocht airgeadais, lena n-áirítear forbairt beartais macrastuamachta, tástáil struis, airgeadais idirnáisiúnta, beartas stuamachta agus measúnú riosca macra-airgeadais.

Tá B.Sc san Eacnamaíocht ó Ollscoil Warwick agus M.Sc san Eacnamaíocht ó Birkbeck College, University of London ag Vasileios.

Patricia Byron

Patricia Byron

Tá Patricia Byron ina hArd-Stiúrthóir ar Chumann Suirbhéirí Cairte na hÉireann (SCSI). Is é an SCSI an comhlacht proifisiúnta is mó do na hearnálacha réadmhaoine, foirgníochta agus talún in Éirinn agus bíonn sé ag obair i gcomhar leis an RICS ar mhaithe le leas an phobail trí na caighdeáin is airde inniúlachta agus ionracais a shocrú agus a chothabháil don ghairm agus trí chomhairle neamhchlaonta, údarásach a thabhairt maidir le saincheisteanna príomhúla do ghnóthaí, don tsochaí agus do rialtais ar fud an domhain.

Roimhe seo, bhí Patricia Byron ina Príomh-Oifigeach Feidhmiúcháin ar an mBord Measúnaithe Díobhálacha Pearsanta, comhlacht neamhspleách Stáit a bunaíodh in 2004 chun athchóiriú a dhéanamh ar an tsamhail chostasach do dhíobhálacha pearsanta, samhail ba chionsiocair le préimheanna iomarcacha árachais do thomhaltóirí agus do ghnóthaí in Éirinn. Le linn na tréimhse a chaith sí mar POF ar an mBord Measúnaithe Díobhálacha Pearsanta, bhí baint aici le fobairt agus cur chun feidhme roinnt tionscnamh um athchóiriú na hearnála poiblí.

Chaith sí mórchuid a gairmréime ag obair san earnáil árachais. Is céimí í de Choláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, is Árachóir Cairte í, is iar-Chathaoirleach Bhiúró Árachóirí Mótar na hÉireann í agus ba í an chéad uachtarán baineann í ar Institiúid Árachais Bhaile Átha Cliath. Bhí sí ag fónamh ar Bhord an Fhorais Riaracháin agus is iar-Chathaoirleach Chomhlachas Phríomhoifigigh Feidhmiúcháin Gnólachtaí Stáit í.

Ceapadh Patricia chuig Coimisiún an Bhainc Ceannais den chéad uair ar an 1 Eanáir 2014 agus athcheapadh í ar an 1 Eanáir 2019 go ceann tréimhse eile 5 bliana.

Shay Cody

Shay Cody

Bhí Shay Cody ina Ard-Rúnaí ar Fórsa, an dara ceardchumann is mó in Éirinn. Bhí sé ag fónamh ar Chomhairle Feidhmiúcháin Chomhdháil na gCeardchumann agus ar a Coiste Ilchuspóra. Mar Chathaoirleach ar a Coiste um Sheirbhísí Poiblí a dhéanann ionadaíocht do chúig cheardchumann is fiche, bhí sé ina phríomh-idirbheartaí i mbabhtaí éagsúla de chainteanna seirbhísí poiblí. Bhí sé ina chomhalta den Chomhairle Náisiúnta Eacnamaíoch agus Shóisialta agus den Chomhairle Náisiúnta Iomaíochais. Bhí Shay ina chathaoirleach ar an Iontaobhas Scairúinéireachta d’Fhostaithe (ESOT) de chuid Aer Lingus agus bhí sé mar iontaobhaí ar ESOT Eircom. Chomh maith leis sin, bhí sé ina chomhalta boird den Choimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre agus ba chomhalta de Choimisiún Óglaigh na hÉireann é freisin.

Ceapadh Shay chuig Coimisiún an Bhainc Ceannais ar an 1 Nollaig 2020.

Mary Condon

Mary Condon

Tá Mary Condon ina hollamh le Dlí na nUrrús agus Rialáil Airgeadais. Bíonn sí ag teagasc Rialáil Urrús agus Ardurrús i Scoil Dlí Osgoode Hall, Ollscoil York, Ceanada, agus bíonn sí ag stiúradh/ag teagasc ar an LLM Gairmiúil i nDlí na nUrrús. 

Tá céim sa dlí aici ó Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, mar aon le MA, LLM agus SJD ó Ollscoil Toronto. Bhí sí ina Leas-Chathaoirleach roimhe seo ar Choimisiún Urrús Ontario agus bhí sí ina comhalta boird freisin d’Eagraíocht Feidhmithe an Údaráis um Margaí Caipitil, comhlacht eatramhach a bunaíodh chun cuidiú le hÚdarás Rialála um Margaí Caipitil a bhunú do dhlínsí comhoibritheacha i gCeanada. Bhí sí ina Déan ar Scoil Dlí Osgoode Hall ó 2018 go dtí 2013. 

Ceapadh Mary chuig Coimisiún an Bhainc Ceannais ar an 1 Eanáir 2024.

John Hogan, Ard-Rúnaí na Roinne Airgeadais*

John Hogan

Is Ard-Rúnaí na Roinne Airgeadais é John Hogan. Tá sé freagrach as ábhair a bhaineann le beartas  eacnamaíoch, beartas buiséadach agus fioscach, beartas baincéireachta agus seirbhísí airgeadais agus as maoirsiú a dhéanamh ar infheistíochtaí na hÉireann sna bainc chumhdaithe agus as tacaíocht a thugtar do na bainc chumhdaithe. Roimhe seo, bhí sé ina Leas-Ardrúnaí agus bhí sé freagrach as an Rannán um Beartas Cánach sa Roinn Airgeadais agus as Beartas Baincéireachta sa Rannán um Sheirbhísí Airgeadais. Le linn a ghairmréime, bhí an tUas. Hogan ag obair i ranna rialtais éagsúla agus bhí sé ag fónamh i mBuanionadaíocht na hÉireann chuig an Aontas Eorpach. Tá sé ina chomhalta de Bhord Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta agus de Bhord Bainistíochta na Státseirbhíse. Ceapadh John chuig Coimisiún an Bhainc Ceannais ar an 8 Meitheamh 2018.

Sarah Keane

Sarah Keane

Tá Sarah Keane ina Príomh-Oifigeach Feidhmiúcháin ar Chumann Snámha na hÉireann - an Comhlacht Rialaithe Náisiúnta don Snámh, don Phóló Uisce, don Tumadóireacht agus do Dhisciplíní Uisceacha gaolmhara ar oileán na hÉireann.   

Tá sí ina haturnae cáilithe agus tá sí ar dhuine de Alumni Matheson tar éis di bheith ag obair i Matheson Solicitors, ceann de phríomhghnólachtaí dlí na hÉireann, sular ghlac sí leis an bpost i gCumann Snámha na hÉireann.  

I mí Feabhra 2017, toghadh Sarah mar an gcéad Uachtarán baineann ar Chónaidhm Oilimpeach na hÉireann (OFI) agus athcheapadh í in 2020 tar éis di bheith in Stiúrthóir Boird ó 2014.  In 2018, ceapadh í ina Cathaoirleach ar Choimisiún EOC um Chomhionannas Inscne sa Spórt agus tá sí ina comhalta den Choimisiún nuabhunaithe um Chomhionannas Inscne de chuid Chumann na gCoistí Náisiúnta Oilimpeacha (ANOC - 206 ballstát).  I mí Iúil 2019, ceapadh í chuig an gCoimisiún um Mná sa Spórt de chuid Choiste Idirnáisiúnta na gCluichí Oilimpeacha (IOC) a chuireann comhairle ar IOC maidir le forbairt agus cur i bhfeidhm Bheartas IOC um Chomhionannas Inscne agus athcheapadh í le haghaidh an dara téarma in 2022.

In 2022 freisin, ceapadh Sarah ina comhalta de Choiste Eagrúcháin Choiste Oilimpeach na hEorpa do Chluichí Eorpacha 2023 - an comórtas ilspóirt is mó san Eoraip ó Chluichí Oilimpeacha 2012 i leith.

Ina theannta sin, ceapadh Sarah chuig Biúró LEN (Comhlacht Rialaithe na hEorpa do Spóirt Uiscíochta) in 2022 agus ceapadh í ina Cathaoirleach ar Choimisiún LEN um an Éagsúlacht agus Ionchuimsiú le béim tosaigh ar inscne (Deireadh Fómhair 2022).

I mí na Nollag 2022, ceapadh Sarah chuig Biúró Uiscíochta an Domhain (ar a dtugtaí FINA roimhe seo: An Comhlacht Rialaithe Idirnáisiúnta do Spóirt Uiscíochta).

Sa bhreis air sin, tá Sarah ina comhalta den Ghrúpa Ceannaireachta Spóirt a bunaíodh i mí na Nollag 2018 chun cur i bhfeidhm Bheartas Spóirt Náisiúnta an Rialtais 2018-2027 a chur chun cinn.

Ceapadh Sarah chuig Coimisiún an Bhainc Ceannais ar an 1 Nollaig 2020 go ceann tréimhse cúig bliana.

I measc a cuid cáilíochtaí, tá Céim Onóracha sa Dlí (COBÁC), Máistreacht sa Dlí Tráchtála agus Dioplómaí sa Bhainistíocht Chorparáideach agus sa Bhainistíocht Airgeadais.  Rinne sí Clár Ceannaireachta de chuid Common Purpose (2015) agus bhain sí Dioplóma amach i dTreoir/Rialachas Cuideachta ó Institiúid na Stiúrthóirí in 2017.

David Miles

David Miles

Tá David Miles ina Ollamh le hEacnamaíocht Airgeadais sa Choláiste Impiriúil, Londain. Bhí sé ina bhall den Choiste um Beartas Airgeadaíochta i mBanc Shasana ó mhí Bealtaine 2009 go dtí mí Mheán Fómhair 2015. Mar eacnamaí, chaith sé a dhúthracht leis an idirghníomhaíocht idir margaí airgeadais agus an geilleagar níos leithne. Bhí sé mar Phríomh-Eacnamaí RA i Morgan Stanley freisin ó mhí Dheireadh Fómhair 2004 go dtí mí Bealtaine 2009.

In 2004, threoraigh an tOllamh Miles athbhreithniú rialtais ar mhargadh morgáiste na Ríochta Aontaithe. Chuir sé athbhreithniú i gcrích le déanaí do Státchiste RA ar phraghsanna tagartha bhannaí rialtais RA. Bhí sé ina chomhairleoir le déanaí don CAI agus do Bhanc Cúlchiste na Nua-Shéalainne.

Tá sé ina chomhalta taighde san Ionad um Thaighde ar Bheartas Eacnamaíoch agus in Institiúid CESIFO i Munich. Tá sé ina chomhalta de Choiste Freagrachta Buiséid de chuid Oifig Freagrachta Buiséid sa Ríocht Aontaithe. 

Bronnadh CBE ar an Ollamh Miles i mí Eanáir 2016.

Ceapadh David chuig Coimisiún an Bhainc Ceannais ar an 1 Nollaig 2020.

Niamh Moloney

Niamh Moloney

Tá Niamh Moloney in hOllamh le Dlí na Margaí Airgeadais agus ina Ceannasaí ar an Roinn Dlí in Ollscoil na hEacnamaíochta agus na hEolaíochta Polaitiúla, Londain. Tá sí ina Comhalta d’Acadamh na Breataine agus tá sí ina Comhalta Oinigh d'Acadamh Ríoga na hÉireann. Tá saineolas ag Niamh ar rialáil AE ar na margaí airgeadais agus ar chosaint airgeadais tomhaltóirí agus tá roinnt leabhar scríofa aici ar na hábhair sin. Bhí sí ina hOllamh Cuartaíochta i roinnt Scoileanna idirnáisiúnta Dlí, lena n-áirítear Scoil Dlí Columbia, Nua Eabhrach, agus ta sí ina comhalta de Bhoird Eagarthóireachta irisleabhar éagsúil a bhfuil aitheantas idirnáisiúnta acu.

Is comhalta reatha de Bhord Achomhairc na nÚdarás Maoirseachta Eorpach í agus, roimhe seo, bhí sí ina comhalta den Ghrúpa Geallsealbhóirí um Urrúis agus Margaí de chuid an Údaráis Eorpaigh um Urrúis agus Margaí agus bhí sí ina Cathaoirleach ar an nGrúpa Comhairleach do Thomhaltóirí de chuid Bhanc Ceannais na hÉireann. Chomh maith leis sin, bhí sí ina Cathaoirleach ar an gCoimisiún um Chánachas agus Leas (2021-2022).

Tá céimeanna ag Niamh ó Scoil Dlí Harvard agus ó Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, mar aon le dochtúireacht oinigh ó Ollscoil Zurich.

Ceapadh Niamh ina comhalta den Choimisiún an 11 Meán Fómhair 2018 go ceann tréimhse cúig bliana.

John Trethowan

John Trethowan

Is baincéir ó ghairm é John Trethowan a bhfuil breis agus 40 bliain de thaithí aige. Cheap an Stát mar Athbhreithneoir Creidmheasa é a chuidíonn le FBManna agus le feirmeacha inmharthana rochtain a fháil ar chreidmheas ó bhainc.  Is Comhalta den Institiúid Baincéireachta é agus bhí sé ina Uachtarán uirthi in 2006.  Bhíodh sé ag obair ag gach leibhéal in institiúidí airgeadais éagsúla, lena n-áirítear róil feidhmiúcháin agus neamhfheidhmiúcháin boird araon.

Tá MBA aige ó Scoil Ghnó Ollscoil Uladh agus tá taithí fhairsing boird aige. Tá sé ina chomhalta reatha de bhord EirGrid cpt agus déanann sé cathaoirleacht ar a Choiste Iniúchóireachta. Roimhe seo, bhíodh sé ag fónamh ar bhoird san earnáil phoiblí, san earnáil phríobháideach agus san eanáil dheonach lena n-áirítear seirbhísí airgeadais, iompar poiblí, sláinte & cúram sóisialta agus i gcarthanachtaí éagsúla a bhaineann le gnó.

Ceapadh John ina chomhalta den Choimisiún an 11 Meán Fómhair 2018 go ceann téarma cúig bliana, agus athcheapadh é chun fónamh ar feadh téarma cúig bliana eile. Tá sé ina chathaoirleach faoi láthair ar Choiste Riosca an Bhainc agus tá sé ina chomhalta den Choiste Iniúchóireachta.

An tUasal Neil Whoriskey

Neil Whoriskey

Tá Neil Whoriskey ina cheannasaí ar an Rannán um Rialachas Inmheánach sa Bhanc Ceannais.