An tAthbhreithniú Cobhsaíochta Airgeadais I 2022

I ndiaidh téarnamh mear eacnamaíoch ó chor chun donais na paindéime, níl na hionchais maidir le fás domhanda chomh maith agus a bhí agus tá brúnna boilscitheacha níos géire ann de bharr ionradh na Rúise ar an Úcráin. Ó foilsíodh an tAthbreithniú deireanach, tá géarú suntasach tagtha ar dhálaí airgeadais domhanda, fad atá tréimhse de normalú beartais airgeadaíochta ag tosú. Leanann sé seo tréimhse fhada ina bhfacthas luachálacha sócmhainní agus féichiúnas domhanda ag ardú i dtimpeallacht ina rabhthas ‘ar thóir torthaí’ agus, ar an gcaoi sin, méadaíodh bun-leochaileachtaí go dtí go raibh géarú ar dhálaí airgeadais. Go hintíre, tugann brúnna ar phraghsanna i dteannta margadh saothair teann le fios go bhfuil brúnna timthriallacha ag teacht chun cinn in earnálacha áirithe, lena n-áirítear sa mhargadh tithíochta. Tá téarnamh tagtha ar bhrabúsacht san earnáil baincéireachta fad atá líon na n-iasachtaí nua ag téarnamh i gcónaí ó líon íseal na paindéime. I bhfianaise fhorbairt na timpeallachta riosca ó íosphointe thurraing na paindéime, tá maoláin caipitil macrastuamachta á n-atógáil de réir a chéile ag an mBanc Ceannais trí bhíthin an Cúlchiste Fritimthriallach (CCyB) a ardú go dtí 0.5 faoin gcéad.

Financial Stability Review 2022: I | pdf 1827 KB FSR 2022 I - Risk Chartpack | xls 834 KB FSR 2022 I - Resilience Chartpack | xls 958 KB FSR 2022 I - Policy Chartpack | xls 120 KB FSR 2022 I - Box Chartpack | xls 351 KB

Féach freisin: