An tAthbhreithniú Cobhsaíochta Airgeadais II 2022

Tá moill ag teacht ar gheilleagar an domhain, leis an mboilsciú ag éirí níos fairsinge agus níos marthanaí le 6 mhí anuas. D'éirigh na coinníollacha airgeadais domhanda níos doichte le linn athrú feiceálach i mbeartas airgeadaíochta, inar nochtadh pócaí laigeachtaí. Tá éiginnteacht níos mó ann maidir le foinse fhéideartha tuilleadh suaite. Anseo sa bhaile, tá íosghrádú tagtha ar réamhaisnéisí fáis agus tá méadú tagtha ar rioscaí meathlaithe mar gheall ar an ngéarchéim leanúnach fuinnimh agus ar bhrúnna níos leithne praghsanna agus fíorioncaim. Tá teaghlaigh, gnólachtaí agus bainc ag baint tairbhe as 10 mbliana an iompair chríonna iasachtaithe agus as an méadú ar an athléimneacht a tharla roimh an suaitheadh seo, lena mbeidh an acmhainneacht ann torthaí neamhfhabhracha a ionsú. I gcomhréir le treoir a tugadh roimhe seo, tiocfaidh méadú 1% ar an Maolán Frith-Thimthriallach Caipitil (CCyB). Léirítear leis sin céim bhreise i dtreo an ráta sprice 1.5% don CCyB i dtréimhsí nach bhfuil rioscaí ardaithe ná maolaithe iontu. I bhfianaise scála na hearnála in Éirinn agus an nasc atá ag fás leis an ngeilleagar baile, tá an Banc Ceannais ag tabhairt isteach bearta macrastuamachta do chistí maoine na hÉireann a infheistíonn i maoin tráchtála na hÉireann le teorainneacha ar luamhánú agus Treoir maidir le tráthchláir leachtachta.

Réamhrá

Financial Stability Review 2022 II | pdf 2292 KB FSR 2022 II - Risk Chartpack | xls 13345 KB FSR 2022 II - Resilience Chartpack | xls 983 KB FSR 2022 II - Policy Chartpack | xls 143 KB FSR 2022 II - Box Chartpack | xls 293 KB

Féach freisin: