Conas Gearán a dhéanamh faoi Sholáthróir Seirbhíse Airgeadais
1. Cuir an Soláthróir Seirbhíse Airgeadais ar an eolas faoi do Ghearán.
Ba chóir gearáin faoi institiúidí airgeadais nó gearáin faoi sheirbhísí airgeadais a phlé leis an institiúid airgeadais féin ar dtús. Ní mór gnáthamh chun déileáil le gearáin a bheith ag gach gnólacht rialáilte seirbhísí airgeadais de réir ár gCóid um Chosaint Tomhaltóirí.
2. Cuir do ghearán faoi bhráid Ombudsman na Seirbhísí Airgeadais / Ombudsman na bPinsean
Mura bhfuil tú sásta leis an bhfreagra a fuair tú ón soláthróir seirbhísí airgeadais, tá sé de chead agat an gearán a chur faoi bhráid ceann de na comhlachtaí neamhspleácha reachtúla seo a leanas:
- Ombudsman na Seirbhísí Airgeadais a dhéileálann le gearán faoi ghnólachtaí seirbhísí airgeadais, ina measc comhairleoirí airgeadais agus táirgí airgeadais.
- Ombudsman na bPinsean a dhéileálann le gearán faoi dhuine ar bith atá freagrach as do scéim pinsin fostóra nó PRSA a bhainistiú.
3. Conas gearán a dhéanamh.
Ar shuíomh idirlín airgeadais phearsanta an Choimisiúin um Iomaíocht agus um Chosaint Tomhaltóirí tá treoir thrí chéim a chuideoidh leat sa chás gur mian leat gearán a dhéanamh faoi sholáthróir rialáilte seirbhíse airgeadais.
4. Banc Ceannais na hÉireann
Tabhair do d'aire le do thoil nach ndéanann Banc Ceannais na hÉireann gearáin a dhéanann tomhaltóirí aonair a fhiosrú. Cuireann sé fáilte, áfach, roimh eolas ó thomhaltóirí i dtaca le táirgí airgeadais. Féadfar eolas a fhaightear ar an gcaoi sin a úsaid chun gníomhaíocht stuamachta agus maoirseachta a dhéanamh. De bhun dlíthe um rúndacht, áfach, ní féidir linn aon mhionsonraí a nochtadh faoi aon chaingean a thionscnóimis de bhun an eolais sin.
Sa chás gur mian leat sásamh pearsanta a fháil, níor mhór duit teagmháil a dhéanamh le hOmbudsman na Seirbhísí Airgeadais nó le hOmbudsman na bPinsean mar a leagtar amach thuas.