Gnáthamh maidir le gearán a dhéanamh faoi Bhanc Ceannais na hÉireann nó faoinár gCinntí
RialálaLeagtar amach sa mhír seo:
Gearáin faoi Bhanc Ceannais na hÉireann
Tá an Banc Ceannais meáite ar a chinntiú go gcaithfidh an fhoireann againne leat le meas agus le béasa i gcónaí agus déanaimid ár ndícheall a chinntiú go ndéileálfaidh an duine cuí le d'iarratas nuair a dhéanfaidh tú teagmháil linn. Iarraimid ort meas a bheith agat ar an bhfoireann againn, freisin, agus a bheith cúirtéiseach leo.
Má tá aon ní ag cur as duit maidir leis na seirbhísí a fuair tú nó leis an mbealach lenar dhéileáil an eagraíocht leat, seans gur mian leat gearán a dhéanamh linn. Tá Gnáthamh Déanta Gearán againn chuige sin. Má táthar chun déileáil le do ghearán faoin nGnáthamh Déanta Gearán seo, ní mór:
- go mbainfeadh an gearán le seirbhís a fuarthas ón mBanc Ceannais.
- go mbainfeadh sé leis an mBanc Ceannais nó le hoifigeach an Bhainc Ceannais seachas le heagraíocht eile, cibé rialáilte nó neamhrialáilte.
Ní dhéanfaidh an Gnáthamh gearáin faoi ghnólachtaí rialáilte seirbhísí airgeadais a fhiosrú. Tá cur síos ar an ngnáthamh don chineál seo gearáin le fáil anseo.
Conas gearán a dhéanamh faoin mBanc Ceannais
- Más dóigh leat go bhfuil cúis ghearáin agat ba chóir é sin a chur in iúl, chomh fada agus is féidir, don rannóg nó don oifigeach cuí sa Bhanc Ceannais a raibh tú ag plé leo ach glaoch a chur orthu nó scríobh chucu. Déanfaidh an fhoireann sa rannóg sin iarracht an gearán a réiteach gan mhoill.
- Mura féidir leis an bhfoireann ansin an gearán a réiteach nó mura bhfuil tú sásta lena bhfreagra, ba chóir duit a iarraidh go gcuirfí do ghearán ar aghaidh chuig Bainisteoir an rannáin chuí.
- Sa chás go mbeifeá míshásta i gcónaí leis an bhfreagra, ba chóir duit teagmháil a dhéanamh le duine dár nOifigigh um Chaidreamh le Custaiméirí, agus fiosróidh an duine sin an gearán.
Sonraí Teagmhála
Is iad seo a leanas sonraí teagmhála na Rannóige um Chaidreamh le Custaiméirí:
Seoladh Ríomhphoist: complaints@centralbank.ie
Uimhir ghutháin: +353 1 224 6000
Oifigeach um Chaidreamh le Custaiméirí
f/ch Rannán na hArd-Rúnaíochta
Banc Ceannais na hÉireann
Bosca OP 559
Sráid an Dáma, Baile Átha Cliath 2
Eolas ba chóir duit a chur ar fáil
Ba chóir duit ár bhFoirm Ghearáin [ASG.1.3.1.1] a úsáid. Is féidir an Fhoirm Ghearáin a sheoladh isteach go leictreonach ach an fhoirm a líonadh isteach agus cliceáil ar an gcnaipe 'Seol'. Is féidir an fhoirm ghearáin [Link to MS Word Doc] a íoslódáil freisin agus a sheoladh ar ais sa phost chuig an seoladh thuas.
Is féidir na mionsonraí seo a leanas a chur ar fáil freisin:
- Ainm na rannóige agus/nó an oifigigh a bhí ag déileáil leat
- Mionsonraí an ábhair a bhfuil tú míshásta leis
An chaoi a ndéileálfar le do ghearán
- Nuair a dhéanfaidh tú gearán oifigiúil, ar na bealaí thuas, gheobhaidh tú admháil ar do ghearán laistigh de 2 lá oibre. Maidir le gearán a gheofar ar ríomhphost, seolfar admháil ar ais go huathoibríoch
- Déanfaimid do ghearán a fhiosrú agus freagra a eisiúint laistigh de 20 lá oibre, nó sa chás nach féidir é sin a dhéanamh, tú a choinneáil ar an eolas faoi dhul chun cinn an fhiosrúcháin laistigh den tréimhse sin.
- Déileálfar le gach gearán go pras, go cothrom agus go neamhchlaonta.
- Coinneofar cuntas cothrom le dáta ar gach gearán, ina measc toradh na bhfiosrúchán.
- Gabhfaimid ár leithscéal as aon bhotún a dhéanfaimid, míneoimid ar tharla agus cuirfimid ina cheart é nuair is féidir.
- Scrúdóimid ár ngnáthaimh más gá chun a chinntiú nach ndéanfar na botúin chéanna arís.
Conas gearán a dhéanamh faoinár gCinntí Rialála
Is féidir, faoi reachtaíocht, cinntí sonraithe an Bhainc Ceannais a achomharc le Binse Achomhairc Seirbhísí Airgeadais na hÉireann, agus tá gnáthamh reachtúil foirmiúil ann d'achomhairc den chineál sin.
Más mian leat cinneadh an Bhainc Ceannais a achomharc le Binse Achomhairc Seirbhísí Airgeadais na hÉireann, ba chóir duit teagmháil a dhéanamh leis an mbinse ag:
Binse Achomhairc Seirbhísí Airgeadais na hÉireann
An Chéad Urlár
Teach Fredrick
19 Sráid Fredrick Theas
Baile Átha Cliath 2
Molaimid duit, freisin, comhairle dlí a fháil.