Nuair a bheidh an mhír/na míreanna ar mian leat breathnú uirthi/orthu roghnaithe agat i gcatalóg na Cartlainne, taispeánfar táb “Coinne a dhéanamh” ar an taobh-bharra, áit a n-iarrfar ort foirm a chomhlánú leis na sonraí seo a leanas:
- Ainm
- Ríomhphost
- Uimhir Theagmhála
- Dáta Roghnaithe
- Am Roghnaithe
Nuair a bheidh an t-eolas seo faighte ag foireann na Cartlainne, gheobhaidh tú deimhniúchan maidir le do choinne nó tabharfar coinne malartach duit.
Tabhair faoi deara le do thoil nach mór duit an coinne a dhéanamh 2-3 lá roimh an dáta roghnaithe chun go mbeidh dóthain ama againn an t-ábhar a ullmhú.
Nuair a thiocfaidh tú chuig Banc Ceannais na hÉireann, ní mór duit dul chuig an deasc fáiltithe agus síniú isteach ar an gCóras Bainistíochta Cuairteoirí. Ansin, tabharfar tú chuig láthair feithimh taobh thiar den deasc fáiltithe, áit ar féidir leat do chuid málaí/cótaí etc. a fhágáil i seomra cótaí agus ansin tiocfaidh duine d’fhoireann na Cartlainne chun tú a thabhairt chuig an Seomra Léitheoireachta.