Cén fáth a bhfuil sé tábhachtach plé le gnólacht seirbhísí airgeadais údaraithe?

Authorised Firms

 Ní féidir ach le gnólachtaí atá údaraithe ag Banc Ceannais na hÉireann nó ag rialtóir ar aon dul leis i mBallstát EEA eile seirbhísí rialáilte airgeadais a chur ar fáil in Éirinn.
Má phléann tú le gnólacht nach bhfuil údaraithe, cailleann tú an chosaint a thugtar duit faoin reachtaíocht, agus d’fhéadfadh nach mbeadh fáil agat ar chosaint thábhachtach eile má théann rudaí chun donais.

Cosnaíonn sé seo thú má tá airgead agat i mbanc, i gcumann tógála nó i gcomhar creidmheasa nach bhfuil ábalta do chuid taiscí a íoc ar ais duit.

Tugtar cúiteamh duit ón gciste seo má chliseann ar ghnólacht infheistíochta agus murar féidir leis do chuid airgid a íoc ar ais duit.

Ceapadh an ciste seo chun cosaint a thabhairt do thomhaltóirí nuair a théann cuideachta árachais neamhshaoil údaraithe faoi leachtú agus nuair nach bhfuil sé d’acmhainn aici éilimh a íoc.

Glacann an Ombudsman gearáin thar ceann custaiméirí in aghaidh soláthróirí seirbhísí airgeadais.

Conas is féidir liom a sheiceáil go bhfuil údarú faighte ag gnólacht?

Is féidir leat a sheiceáil go bhfuil gnólacht údaraithe ar Chlár na nGnólachtaí Údaraithe.
De réir an chláir, is féidir leat fios a bheith agat go bhfuil an gnólacht atá in úsáid agat, nó a bhfuil sé ar intinn agat é a úsáid, údaraithe chun gnó a dhéanamh in Éirinn.
Tá liosta leideanna cuardaigh ar fáil ar ár suíomh gréasáin a chabhróidh leat cuardach éifeachtach a dhéanamh.
Is féidir leat glao ar +353 (0)1 224 4000 le seiceáil an bhfuil gnólacht údaraithe.
I gcásanna áirithe, foilsímid rabhadh más rud é go raibh seirbhísí airgeadais á gcur ar fáil ag gnólacht gan an t-údarú cuí.
liosta na ngnólachtaí neamhúdaraithe a bhfuil rabhadh curtha amach ina leith ar fáil ar ár suíomh gréasáin.

Tuairisc a dhéanamh faoi ghnólacht neamhúdaraithe

Má dhéanann gnólacht nó duine teagmháil leat agus má cheapann tú go bhfuil seirbhís á tairiscint acu gan an údarú cuí, is féidir muid a chur ar an eolas ach glao ar +353 (0)1 224 4000.
Is féidir leat tuairisc a dhéanamh ar líne freisin.

Féach freisin:

Gnólachtaí Neamhúdaraithe