Conas a dhéanann an Banc Ceannais maoirseacht ar sholáthraithe seirbhíse airgeadais?

How we supervise financial service providers

Tagraíonn maoirseacht don fhaireachán a dhéantar ar sholáthraithe seirbhíse airgeadais le cinntiú go bhfuil siad ag cloí le rialacha rialachais.

Is é an aidhm atá lenár gcuid oibre maoirseachta go mbeidh córas airgeadais ann a fhreagraíonn do riachtanais an tomhaltóra agus an gheilleagair uile ar bhealach inmharthana go fadtréimhseach.

Tá an mhaoirseacht ina cuid riachtanach den rialachas airgeadais toisc go gcuireann sí ar ár gcumas a sheiceáil go bhfuil soláthraithe seirbhíse airgeadais ag cloí le rialacha an rialachais.

Is féidir ár gcuid oibre maoirseachta a rangú in dhá chatagóir leathana:

  • Maoirseacht macrastuamachta

    Leis an maoirseacht macrastuamachta, déantar measúnú ar shábháilteacht agus fónacht an chórais airgeadais ina iomláine.

  • Maoirseacht micreastuamachta
    Leis an maoirseacht micreastuamachta, déantar measúnú ar shábháilteacht agus fónacht na ngnóthas aonair. Is í an mhaoirseacht micreastuamachta atá faoi chaibidil sa mhíniúchán seo.

Maoirseacht bunaithe ar riosca

Bainimid úsáid as straitéis darb ainm “maoirseacht bunaithe ar riosca” chun maoirseacht a dhéanamh ar ghnóthais aonair sa tionscal airgeadais.

De thoradh na maoirseachta bunaithe ar riosca, déanaimid maoirseacht níos dírithe, ar bhonn níos minice, ar na hinstitiúidí a bhfuil an baol ionchasach is mó ag baint leo.

Go bunúsach, déanaimid ár n-am agus ár n-aird a dhíriú ar na nithe is tábhachtaí.

Mar sin, braitheann an leibhéal maoirseachta a dhéanaimid ar thionscal nó ar earnáil ar leith ar an riosca a bhaineann leis an tionscal nó leis an earnáil sin.

Dá bhaolaí é don chóras airgeadais agus don tomhaltóir, is mó maoirseacht a dhéanaimid air.

Cé air a ndéanaimid maoirseacht?

Déanaimid maoirseacht ar 10,000 soláthraí seirbhíse airgeadais thar réimse leathan tionscal agus earnálacha margaidh.

Áirítear leis sin:

  • Bainc and comhair chreidmheasa
  • Cuideachtaí árachais
  • Bróicéirí airgeadais
  • Bainisteoirí sócmhainne
  • Cistí

Roinntear an fhreagracht maidir le maoirseacht banc idir an Banc Ceannais Eorpach agus Banc Ceannais na hÉireann.

Conas a oibríonn an mhaoirseacht i gcleachtas?

Tá réimse modhanna maoirseachta againn, a cheaptar go sonrach don ghnóthas nó don tionscal atá i gceist.

Áirítear leis sin:

  • Iarratais ó sholáthraithe seirbhíse airgeadais a athbreithniú agus a cheadú
  • Measúnú a dhéanamh ar dhaoine aonair le feiceáil an bhfuil siad cuí agus oiriúnach chun róil shinsearacha a ghlacadh i ngnóthais
  • Athbhreithniú a dhéanamh ar pholasaithe gnóthas le feiceáil an bhfuil siad cuí
  • Measúnuithe riosca a dhéanamh
  • Cigireachtaí ionsáite ar an láthair, le déanamh ag saineolaithe
  • Anailís a dhéanamh ar ráitis airgeadais agus ar thuairisceáin airgeadais
  • Cruinnithe rannpháirtíochta a reáchtáil le soláthraithe seirbhíse airgeadais
  • Taighde agus athbhreithnithe deascbhunaithe

Cad air a bhféachann na maoirseoirí?

Tá gnóthais airgeadais casta, mar sin, cad air a bhféachann na maoirseoirí?

Déanann maoirseoirí measúnú ar leibhéal na rioscaí i roinnt réimsí agus tugann said ráta do na rioscaí sin.

Má tá ceann de na rioscaí ró-ard i réimse ar leith, sonraímid na gníomhartha leigheasta is gá do na gnóthais a ghlacadh agus sonraímid an spriocam a bhaineann leis sin. Glaoitear “Clár um Maolú Riosca” air sin.

Dar ndóigh, is gnóthais bunaithe ar riosca iad gnóthais airgeadais. Sin an chaoi a ndéanann siad a gcuid airgid.

Mar shampla, nuair a thugann banc iasacht amach, tá riosca ann nach n-íocfaidh an tomhaltóir an t-airgead ar ais.

Is é an rud is tábhachtaí ná go dtuigfeadh na gnóthais na rioscaí éagúla a ghlacann siad agus an chaoi chun iad a bhainistiú.

Sin iad na rudaí a mbíonn na maoirseoirí ag féachaint orthu.

Sa chás ina dtugtar iasacht do thomhaltóir, ba mhaith leis an maoirseoir a fheiceáil, i measc rudaí eile, go bhfuil polasaithe ag an ngnóthas a thug an iasacht le seiceáil an bhfuil an mhaoin ag an tomhaltóir chun an iasacht a aisíoc, agus go bhfuil na scileanna agus an taithí chuí ag na daoine a cheadaíonn an iasacht.

I measc a gcuid freagrachtaí iomadúla, déanann maoirseoirí a chinntiú go bhfuil an t-airgead is gá ag an ngnóthas chun caillteanais a chlúdach i gcás deacrachtaí airgeadais (sócmhainneacht) agus gur féidir leis airgead atá dlite a íoc nuair is gá (leachtacht).

Cad iad ár dtosaíochtaí maoirseachta i láthair na huaire?

Chomh maith leis an obair laethúil a dhéanaimid ag déanamh maoirseachta ar an gcóras airgeadais agus ar sholáthraithe seirbhíse airgeadais, tá roinnt príomhthosaíochtaí maoirseachta againn thar earnálacha éagsúla.

Áirítear leis sin:

  • Brexit

    Tá baol ag baint le Brexit do ghnóthais agus don chóras airgeadais. Ba mhaith linn a chinntiú go mbeidh gnóthais ullmhaithe go maith do Brexit, go háirithe na gnóthais sin a dhéanann mórán gnó leis an Ríocht Aontaithe.

  • TF agus cibear-riosca

    Tá an teicneolaíocht anois ina cuid lárnach de sheirbhísí airgeadais agus cruthaíonn sé sin baol áirithe. Ba mhaith linn a sheiceáil go bhfuil córais chuí ag gnóthais chun seasmhacht leanúnach a chinntiú i gcoinne cliseadh TF agus teagmhais chibearshlándála. Dá bhrí sin, is príomhthosaíocht mhaoirseachta dár gcuid é iniúchadh ar an láthair ar TF agus ar chibear-riosca.    

  • Iompar agus cultúr

    Tá sé ina thosaíocht mhaoirseachta againn freisin dushlán an bhunchultúir sna soláthraithe seirbhíse airgeadais a thabhairt. Ba mhaith linn a chinntiú go ndéantar dea-rialú ar sholáthraithe seirbhíse airgeadais agus go gcaitheann siad go cothrom lena gcuid tomhaltóirí. Chomh maith leis sin, ba mhaith linn tuilleadh éagsúlachta agus tuilleadh ionchuimsithe a fheiceáil sa tionscal airgeadais, go háirithe ar an leibhéal sinsearach.

    Féach freisin