Leis an Acht um Athchóiriú an Bhainc Ceannais, 2010, bunaíodh eagraíocht aonair lán-chomhtháite – Banc Ceannais na hÉireann – atá freagrach as baincéireacht cheannais agus as rialáil airgeadais araon. Cuireadh an struchtúr nua seo in ionad Bhanc Ceannais agus Údarás Rialála Seirbhísí Airgeadais na hÉireann agus an Rialtóra Airgeadais. Tháinig an tAcht i bhfeidhm an 1 Deireadh Fómhair 2010.
An tAcht um Athchóiriú an Bhainc Ceannais 2010.
Is iad seo a leanas spriocanna ardleibhéil Bhanc Ceannais na hÉireann:
Rannchuidiú le héifeachtúlacht an Eurochórais agus le cobhsaíocht praghsanna
Táimid freagrach as cobhsaíocht praghsanna a choimeád ar bun trí bheartas airgeadaíochta a cheapadh ar leibhéal an BCE. Tá sé d’aidhm againn éifeachtúlacht ár rannpháirtíochta i gceapadh beartais airgeadaíochta a fheabhsú trí nótaí faisnéise d'ardchaighdeán a sholáthar don Ghobharnóir ar shaincheisteanna a bhaineann leis an gComhairle Rialaithe, agus é á aithint ag an am céanna gurb é an Gobharnóir, agus an Gobharnóir amháin, atá freagrach mar chomhalta den Chomhairle Rialaithe. Ina theannta sin, táimid freagrach as beartas airgeadaíochta a chur chun feidhme go héifeachtach..
Téigh go dtí Beartas Airgeadaíochta agus an tEurochóras
Rannchuidiú le cobhsaíocht airgeadais
Faoin reachtaíocht intíre agus faoi Chonradh Maastricht, tá sainordú dlíthiúil againn rannchuidiú le cobhsaíocht airgeadais in Éirinn agus ar fud an limistéir euro. Beimid ag díriú sa tréimhse atá romhainn ar pháirt a ghlacadh i réiteach na géarchéime airgeadais. Folaíonn sé seo monatóireacht a dhéanamh ar leachtacht fhoriomlán an chórais baincéireachta.
Téigh go dtí Cobhsaíocht Airgeadais
Rialáil chuí éifeachtach ar institiúidí airgeadais agus ar mhargaí airgeadais a áirithiú
Is é cuspóir na rialála go n-íoslaghdófar an riosca go dtarlóidh teip trína chinntiú go gcomhlíonfar ceanglais stuamachta agus ceanglais eile. Glacaimid cur chuige riosca-bhunaithe ina mbíonn plé oscailte dúshlánach ag ár bhfoireann threallúsach le gnólachtaí, agus bíonn bagairt inchreidte an fhorfheidhmiúcháin mar thaca leis an bplé sin. Is é is cuspóir do rialáil mhargadh na n-urrús, margadh urrús éifeachtúil cothrom a chur chun cinn.
Téigh go dtí Rialáil Airgeadais
Cé atá á rialáil againn
A chinntiú go gcosnófar príomhleas thomhaltóirí seirbhísí airgeadais
Féachtar le custaiméirí agus le hinfheisteoirí a chosaint trí bhíthin rialacha um sheoladh gnó agus trí bhíthin beart eile.
Téigh go dtí Cosaint Tomhaltóirí
Comhairle eacnamaíoch neamhspleách agus staidreamh airgeadais d'ardchaighdeán a sholáthar
Rannchuidímid le forbairt eacnamaíoch trí anailís agus trí thaighde eacnamaíoch a dhéanamh lena gceapfar beartas eacnamaíoch thar réimsí éagsúla. Ar na príomhthosaíochtaí atá againn, áirítear comhairle údarásach eacnamaíoch a thabhairt don Rialtas trína chinntiú go bhfuil comhairle den sórt sin ábhartha agus tráthúil. Chuige sin, tá sé riachtanach go soláthrófar faisnéis thráthúil d'ardchaighdeán maidir le staidreamh agus go gcuirfear bonn daingean ar fáil do chinntí freisin.
Téigh go dtí Staidreamh
Bonneagar éifeachtúil seirbhísí airgeadais a chinntiú don gheilleagar: íocaíocht agus airgeadra
Leis an maoirseacht a dhéanaimid ar chórais íocaíochta, cinntítear go bhfuil na córais íocaíochta agus socraíochta urrús sábháilte, éifeachtach agus éifeachtúil agus nach bhfuil rochtain orthu srianta. Tá ról láidir againn maidir le Straitéis Náisiúnta Íocaíochtaí a fhorbairt. Maidir lenár seirbhísí airgeadra, déanaimid nótaí bainc agus monaí a mhonarú, a eisiúint, a stóráil, a phróiseáil agus a fhíordheimhniú.
Téigh go dtí Nótaí Bainc agus Monaí
Ár n-éifeachtúlacht oibríochtúil agus ár n-éifeachtúlacht costais a uasmhéadú
Cinnteoimid go mbeidh sé de chumas ag an eagraíocht na príomhdhúshláin atá leagtha amach inár bPlean Straitéiseach a chomhlíonadh agus go gcuirfear ár gcuid oibríochtaí i gcrích ar bhealach éifeachtach éifeachtúil.
Chun cur síos níos mionsonraithe ar ár spriocanna ardleibhéil a léamh, téigh go dtí Plean Straitéiseach 2010 - 2012.