Eolas FúinneCentral Bank of Ireland North Wall Quay

Cad a dhéanann Banc Ceannais na hÉireann?

(Déan cinnte go bhfuil fianáin "ar siúl" chun an físeán thíos a lódáil.)

Nóta: Tá fotheidil Ghaeilge ar fáil ar an bhfíseán seo thuas.

Ár Misean

Freastalaímid ar leas an phobail trí chobhsaíocht airgeadaíochta agus airgeadais a choimeád ar bun, á chinntiú ag an am céanna go bhfuil an córas airgeadais ag feidhmiú ar mhaithe le leas na dtomhaltóirí agus an gheilleagair níos leithne.

Ár bhFís

Aon Bhanc Amháin: Muinín ag an bPobal asainn, Meas ag ár bPiaraí orainn, Ionad Oibre Sásúil don Fhoireann.

Muinín ag an bPobal asainn

Eagraíocht a bhfuil muinín inti agus atá ag obair ar mhaithe le leas an phobail ar mhodh trédhearcach, éifeachtach, cuntasach.

Meas ag ár bPiaraí orainn

Breathnóidh ár bpiaraí in Éirinn agus thar lear orainn mar eagraíocht inchreidte a bhíonn ag obair go dearfach chun na torthaí is fearr don phobal a mhúnlú agus chun tionchar a imirt orthu.

Ionad Oibre Sásúil dár bhFoireann

Áit a mbeidh ár gcomhaltaí foirne tiomanta don sármhaitheas le linn dóibh ár sainordú a bhaint amach, áit a mbeidh an deis acu gairmeacha beatha sásúla a bheith acu agus barr a gcumais a bhaint amach, agus áit a mbeidh ardmheas orthu i dtimpeallacht a thacaíonn le héagsúlacht agus le hiomchuimsiú.

Ár Straitéis

Tá ár Ráiteas Misin agus ár Ráiteas Físe ina mbonn eolais faoi méid a dhéanaimid agus faoin mbealach a bhfeidhmímid, agus léirítear iad in Ár Straitéis, ina leagtar amach ceithre théama straitéiseacha.

Cuirfidh na téamaí leis an gcaoi a mbainfimid amach ár gcuspóirí reachtúla agus eagraíochtúla.

Strategy Themes

Ár gCreat Rialachais

I gCreat Rialachais an Bhainc Ceannais, tugtar le chéile ár struchtúir eagraíochtúla, ár rialachas agus ár bpróiseas cinnteoireachta agus tugtar achoimre orthu. Tacaíonn an doiciméad dar teideal ‘Freagrachtaí Ardcheannairí i mBanc Ceannais na hÉireann’ leis sin. Sa doiciméad sin, cuirtear síos ar fhreagrachtaí chomhaltaí mheitheal ardcheannaireachta Bhanc Ceannais na hÉireann.

Ár gCultúr

Tá ár gcultúr múnlaithe ag ár Luachanna agus ár nIompraíochtaí Tosaíochta, a bhfuil cur síos orthu anseo thíos. Chun tuilleadh eolais a fháil, breathnaigh ar ár Ráiteas Cultúir - Cé muid féin, cad a dhéanaimid, agus conas a dhéanaimid é

Ár LuachannaOur Values Culture Statement

Ár nIompraíochtaí Tosaigh

  • Dúshlán cuiditheach a thabhairt
  • Gealltanais a bhaint amach
  • An bealach chun tosaigh a threorú
  • Comhoibriú agus comhroinnt
  • Forbairt a dhéanamh orainn féin agus ar dhaoine eile
  • Tús a chur le feabhsúcháin

Ár Stair

I 2018, rinne an Banc Ceannais comóradh ar 75 bliain ó bunaíodh é. Tá tuilleadh eolais faoi stair luath an Bhainc Ceannais, ón tús go dtí 2018, ar fáil inár leabhrán comórtha:

(Déan cinnte go bhfuil fianáin "ar siúl" chun an físeán thíos a lódáil.)

Leabhrán Comórtha 75 Bliain | pdf 3062 KB