Comhlachtaí Gaolmhara

An tOmbudsman um Sheirbhísí Airgeadais

Is oifigeach reachtúil é an tOmbudsman um Sheirbhísí Airgeadais a bhíonn ag plé go neamhspleách le gearáin ó thomhaltóirí maidir lena gcuid déileálacha le soláthraithe seirbhísí airgeadais mura réitíonn na soláthraithe sin na gearáin.

Is eadránaí i ndíospóidí neamhréitithe é an tOmbudsman agus tá sé neamhchlaonta. Tá an tseirbhís seo saor in aisce don té a dhéanann an gearán.

Is é an tUas. Ger Deering an tOmbudsman um Sheirbhísí Airgeadais.

Comhairle an Ombudsman um Sheirbhísí Airgeadais

Bunaíodh Comhairle an Ombudsman um Sheirbhísí Airgeadais ar bhonn reachtúil le hAlt 57BC d’Acht an Bhainc Cheannais 1942 (arna leasú).

  • Ar fheidhmeanna na Comhairle, áirítear treoirlínte a fhorordú faoina n-oibreoidh an tOmbudsman um Sheirbhísí Airgeadais, tobhaigh agus muirir is iníoctha i ndáil le feidhmíocht Bhiúró an Ombudsman um Sheirbhísí Airgeadais a chinneadh, an tOmbudsman um Sheirbhísí Airgeadais a cheapadh, athbhreithniú a dhéanamh go leanúnach ar éifeachtacht agus éifeachtúlacht an Bhiúró.  Níl aon ról ag an gComhairle maidir leis an gcaoi ina ndéileálann an tOmbudsman um Sheirbhísí Airgeadais le gearán arna chur faoina bhráid.  

Binse Achomhairc Seirbhísí Airgeadais na hÉireann

Bunaíodh Binse Achomhairc Seirbhísí Airgeadais na hÉireann ar bhonn reachtúil faoi Acht an Bhainc Ceannais agus Údarás Seirbhísí Airgeadais na hÉireann 2003. Is é an Binse Achomhairc a éistfidh agus a chinnfidh achomhairc a dhéanfar in aghaidh cinntí áirithe de chuid Bhanc Ceannais na hÉireann. Féachann an Binse Achomhairc le modh achomhairc inrochtana, éifeachtúil, éifeachtach a chur ar fáil ar bhealach neamhfhoirmiúil, dlúsúil.

Sainítear sa phíosa reachtaíochta ábhartha as a n-éiríonn an cinneadh, cibé acu an cinneadh inachomhairc é .i.e. ag brath ar cibé acu an ní baincéireachta, árachais nó infheistíochta é. Féadfaidh an Binse cinntí maidir le smachtbhannaí riaracháin a dhearbhú, a athrú, a mhodhnú, a ionadú, a loghadh nó a chur ar leataobh. 

I gcás cinntí seachas smachtbhannaí riaracháin, ní fhéadfar ach iad a dhearbhú nó a loghadh. Achomharcóir atá míshásta leis an toradh deiridh, féadfaidh sé nó sí achomharc a dhéanamh chuig an Ard-Chúirt in aghaidh cinnidh ón mBinse.

An Chuideachta Cúitimh d'Infheisteoirí Teoranta (ICCL)

Is comhlacht neamhspleách é an ICCLa bunaíodh faoin Acht um Chúiteamh d'Infheisteoirí 1998. Is ionann an ICCL agus ciste dála deiridh do chustaiméirí gnólachtaí infheistíochta údaraithe.

Is é príomhchuspóir an ICCL socruithe a chur ar bun (e.g. nósanna imeachta cistiúcháin agus íocaíochta) chun a chinntiú go ndéanfar cúiteamh a íoc le cliaint incháilithe de chuid gnóthais theipthe (de réir na bparaiméadar atá leagtha síos san Acht um Chúiteamh d'Infheisteoirí 1998) a luaithe is féidir.

Is iad seo a leanas na trí scairshealbhóir sa chuideachta: Banc Ceannais na hÉireann, Stocmhargadh na hÉireann agus Comhlachas Bainisteoirí Infheistíochta na hÉireann.