Rialachas

Struchtúir Rialachais

Tá freagracht fhoriomlán ar an gCoimisiún as bainistiú agus rialú a dhéanamh ar an mBanc Ceannais. Bunaíodh coistí éagsúla chun forbairt agus cur chun feidhme beartas a chomhordú tuilleadh agus chun comhairle agus eolas a chur ar fáil maidir le saincheisteanna móra.

Ár gCreat Rialachais

Le Creat Rialachais an Bhainc Ceannais, comhdhlúthaítear agus coimrítear ár struchtúir eagraíochtúla, rialachas agus ár bpróisis cinnteoireachta. Sa Chreat Rialachais, cuirtear san áireamh ceanglais Achtanna an Bhainc Ceannais agus Chonarthaí AE (na Conarthaí), an Cód Cleachtais maidir le Rialachas Comhlachtaí Stáit agus socruithe rialachais inmheánaigh eile.

Governance Framework | pdf 639 KB Code of Practice for the Governance of State Bodies | pdf 577 KB Responsibilities of Senior Leaders at the Central Bank of Ireland | pdf 1216 KB

Iniúchóireacht Inmheánach

Is feidhm neamhspleách, oibiachtúil dearbhaithe agus comhairleoireachta í Iniúchóireacht Inmheánach atá ceaptha feidhmíocht an Bhainc Ceannais a fheabhsú ó thaobh a chuid freagrachtaí straitéiseacha a bhaint amach. Déanann sí measúnú córasach ar éifeachtacht na bpróiseas bainistíochta, rialaithe agus rialachais riosca. Tá Iniúchóireacht Inmheánach ina comhalta den Choiste um Iniúchóireacht Inmheánach (IAC) de chuid BCE agus tá sí freagrach as iniúchóireacht a dhéanamh ar na gnéithe áitiúla de chórais agus de phróisis CEBC. Is feidhm iniúchóireachta inmheánaí don Eurochóras agus don Chóras Eorpach Banc Ceannais é IAC. Is feidhm tríú líne cosanta í Iniúchóireacht Inmheánach.

Tuairiscíonn Ceannasaí na hIniúchóireachta Inmheánaí go díreach don Ghobharnóir agus bíonn rochtain neamhtheoranta aige/aici ar an gCoiste Iniúchóireachta agus ar na comhaltaí den Fhoireann Shinsearach. Tá Iniúchóireacht Inmheánach freagrach as neamhchosaintí suntasacha riosca agus saincheisteanna rialaithe a thuairisciú don Choimisiún and don Fhoireann Shinsearach.

Tá cuspóir, údarás, freagacht agus suíomh na hIniúchóireachta Inmheánaí sa Bhanc Ceannais leagtha amach i gCairt Iniúchóireachta Inmheánaí an Bhainc Ceannais. Tá nasc ann freisin chuig Cairt Iniúchóireachta CEBC agus an tSásra Aonair Maoirseachta.

 

Bainistíocht Riosca

Tá bainistíocht riosca agus rialú láidir inmheánach ina ngnéithe lárnacha de chórais rialachais agus bainistíochta an Bhainc Ceannais. Cuimsíonn bainistíocht riosca sainaithint agus measúnú rioscaí, cur chun feidhme beart rialaithe, athbhreithniú agus faireachán ar rialuithe agus tuairisciú rialta don ardbhainistíocht agus don Choimisiún maidir le héifeachtacht beart rialaithe. Trí bhíthin chreataí bainistíochta riosca an Bhainc, féachtar le slándáil, leanúnachas, comhlíontacht agus sláine oibríochtaí a chosaint d’fhonn tacú le cuspóirí straitéise agus gnó an Bhainc. Tá cuntasacht na bainistíochta agus na foirne i leith chreataí bainistíochta riosca an Bhainc leagtha amach i raon beartas agus déanann an Coimisiún nó a fhochoistí athbhreithniú agus formheas ar na beartais sin.  

Fonn Riosca

Tá fonn riosca uileghabhálach sainithe ag Coimisiún an Bhainc Ceannais. Tá fonn riosca agus na teorainneacha foluiteacha agus lámhaltais fholuiteacha mar chuid thábhachtach de rialachas inmheánach an Bhainc Ceannais. Tacaíonn an fonn riosca le cur chuige bainistíochta riosca an Bhainc Ceannais, lena n-áirítear bearta chun rioscaí airgeadais agus neamhairgeadais a shainaithint agus a mheasúnú, chun faireachán a dhéanamh ar leordhóthanacht beart rialaithe agus na bearta sin a chur chun feidhme, chun teagmhais agus sáruithe a bhainistiú agus chun stádas rioscaí agus gníomhaíochtaí rialaithe agus feabhais a thuairisciú.  Trí phróifíl iarbhír riosca an Bhainc Ceannais a mheasúnú i gcomparáid lena fhonn riosca, is féidir leis an gCoimisiún leordhóthanacht na ngníomhaíochtaí bainistíochta riosca seo a chinneadh. Tá leagan giorraithe den fhonn riosca anseo thíos.

Risk appetite statement | pdf 297 KB

Coistí Ardleibhéil atá faoi Chathaoirleacht an Ghobharnóra

  • Gníomhaíonn an Coiste Ceannaireachta Feidhmiúcháin mar phríomhchomhlacht cinnteoireachta i leith saincheisteanna a mbaineann suntasacht staitéiseach nó sheachtrach leo nó saincheisteanna atá suntasach ar fud an Bhainc Ceannais. Is é ról an Choiste comhairle, cúnamh agus tacaíocht a tahbairt don Ghobharnóir i gcomhlíonadh a fhreagrachtaí nó a freagrachtaí, lena n-áirítear na feidhmeanna sin arna dtairmligean don Ghobharnóir ag an gCoimisiún. Chun críocha an Choiste sin, sainaithnítear an Gobharnóir mar phríomhdhéantóir cinntí.
  • Tugann an Coiste um Chobhsaíocht Airgeadais comhairle maidir le beartais um chobhsaíocht airgeadais, lena n-áirítear bearta beartais macrastuamachta an Bhainc Ceannais.

Coistí Ardleibhéil Eile

  • Tugann an Coiste um Beartas agus Thaighde Eacnamaíoch (atá faoi chathaoirleacht an Leas-Ghobharnóra, Cobhsaíocht Airgeadaíochta agus Airgeadais) comhairle maidir le ról an Bhainc Ceannais i gceapadh beartas eacnamaíoch agus gaolmhar ar leibhéil intíre agus Eorpacha agus chun formhaoirsiú a dhéanamh ar chlár taighde beartais an Bhainc.
  • Is é an Coiste um Fheidhmíocht agus Sholáthar Acmhainní (atá faoi chathaoirleacht an Phríomh-Ofigigh Oibríochtaí) a spreagann feidhmíocht straitéiseach an Bhainc Ceannais agus a thacaíonn le húsáid éifeachtach acmhainní. Folaíonn freagrachtaí an Choiste formhaoirsiú ar ullmhúchán a dhéanamh ar Phlean Gnó Bliantúil agus clúdaigh infheistíochta; formhaoirsiú agus faireachán a dhéanamh ar sholáthar éifeachtach an Phlean Gnó Bhliantúil agus tacú leis an gcéanna; leithdháileadh acmhainní a chinneadh ar fud an Bhainc Ceannais chun an Plean Gnó Bliantúil a chur ar fáil, ag féachaint do phróisis tosaíochta bhliantúla agus ad hoc; formhaoirsiú agus faireachán a dhéanamh ar ullmhúchán bhuiséad bliantúil an Bhainc Ceannais, lena n-áirítear an clúdach infheistíochta i gcomhréir le tairsigh chomhaontaithe, agus faireachán ar na cuntais airgeadais; agus formhaoirsiú a dhéanamh ar fhorbairt agus ar fhormheas beartas ábhartha faoi Chreat an Bhainc Ceannais um Beartas Corporáideach.
  • Tugann an Coiste um Beartas Rialála (atá faoi chathaoirleacht an Leas-Ghobharnóra, Cosaint Tomhaltóirí agus Infheisteoirí) comhairle maidir le saincheisteanna agus tionscnaimh beartas rialála lena n-áirítear páipéir comhairliúcháin, ráitis aiseolais, cóid, treoirlínte, agus rialacháin sula nglactar iad i gcomhréir le tarmligean ábhartha. 
  • Déanann an Coiste um Bainistíocht Riosca (atá faoi chathaoirleacht an Leas-Ghobharnóra, Cobhsaíocht Airgeadaíochta agus Airgeadais) formhaoirsiú ar dhearadh, ar chothabháil agus ar fhorbairt leanúnach creataí éifeachtacha i leith bhainistíocht phríomhrioscaí féideartha inmheánacha an Bhainc Ceannais. Príomhchuspóir is ea a chinntiú go mbainistítear rioscaí i gcomhréir le leibhéal riosca inghlactha ceadaithe an Choimisiúin agus i gcomhréir le lamháltais ghaolmhara.
    Déanann an coiste athbhreithniú freisin ar ábhair iomchuí riosca sula gcuirtear faoi bhráid Choiste Riosca an Choimisiúin iad.
  • Tugann an Coiste um Maoirseacht ar Riosca (atá faoi chathaoirleacht an Leas-Ghobharnóra, Rialáil Airgeadais) comhairle maidir le saincheisteanna a bhaineann le bainistiú rioscaí maoirseachta agus forbairt agus feabhsú maoirseacht riosca-bhunaithe agus rannpháirtíocht maoirseachta.