Ráiteas Inrochtaineachta
Tá Banc Ceannais na hÉireann meáite ar an suíomh gréasáin seo a dhéanamh inrochtana i gcomhréir le Rialacháin an Aontais Eorpaigh (Inrochtaineacht suíomhanna gréasáin agus feidhmchlár móibíleach de chuid comhlachtaí san earnáil phoiblí) 2020 - I.R. Uimh. 358/2020 agus ar a chinntiú go mbeidh an suíomh gréasáin seo inrochtana don lucht úsáide is leithne is féidir aige, beag beann ar theicneolaíocht nó ar chumas.
Baineann an ráiteas inrochtaineachta seo le www.centralbank.ie.
Stádas Comhlíontachta
Tá an caighdeán comhchuibhithe Eorpach Ceanglais Inrochtaineachta le haghaidh Táirgí agus Seirbhísí TFC (bunaithe ar Threoirlínte 2.1 maidir le hInrochtaineacht ar Ábhar Gréasáin) á pháirtchomhlíonadh ag an suíomh gréasáin seo de bharr na neamhchomhlíontachtaí atá liostaithe thíos.
Ábhar Neamh-Inrochtana
Tá an t-ábhar atá liostaithe thíos neamh-inrochtana ar na cúiseanna seo a leanas.
Neamhchomhlíonadh an chaighdeáin chomhchuibhithe Eorpaigh
- Féadfaidh go mbeidh an cur síos ar roinnt de na híomhánna ar iarraidh nó neamhiomlán.
- Féadfaidh go mbeidh sé deacair cuid den téacs a léamh mar gheall ar chodarsnacht íseal dathanna.
- Tá roinnt teideal leathanach agus fotheideal ann nach bhfuil struchtúrtha le ceannteidil chearta HTML.
- Féadfaidh go mbeidh sé deacair roinnt de na naisc a thuiscint de bharr foclaíocht neamhiomlán.
- Féadfaidh roinnt de na naisc a chur faoi deara go n-íoslódálfar doiciméid gan choinne.
- Is féidir leat é seo a bhainistiú i socruithe do bhrabhsálaí.
- Féadfaidh go mbeidh sé deacair roinnt idirghníomhaíochtaí i bpríomh-nascleanúint agus i liostaí neacleanúna uimhrithe an tsuímh gréasáin a thuiscint le léitheoir scáileáin.
- Féadfaidh go mbeidh sé deacair roinnt rialuithe foirme a thuiscint nuair a bheidh léitheoir scáileáin á úsáid.
- Tá go leor táblaí sonraí ann nach bhfuil inrochtana go hiomlán ag léitheoirí scáileáin.
- Tá go leor doiciméad PDF ann nach bhfuil inrochtana go hiomlán ag léitheoirí scáileáin.
- Tá cuid den chód neamhábhair guthaithe ag léitheoirí scáileáin agus d'fhéadfadh sé cur isteach ar bhrabhsáil.
- Tá faisnéis i bhformáidí comhaid oifige áirithe (e.g. Microsoft Word) a foilsíodh tar éis an 23 Meán Fómhair 2018 nach bhfuil inrochtana go hiomlán ag bogearra léitheora scáileáin.
- I roinnt físeán a foilsíodh tar éis an 23 Meán Fómhair 2020, níl an fhaisnéis inrochtana.
Ullmhú an Ráitis Inrochtaineachta seo
Rinneadh an ráiteas seo a athbhreithniú agus a nuashonrú ar an 7 Eanáir 2026.
Tá an suíomh gréasáin centralbank.ie faoi réir athbhreithniú uathoibrithe leanúnach ag an Údarás Náisiúnta Míchumais i gcomhréir le Treoir AE maidir le hInrochtaineacht Gréasáin (WAD)/I.R. Uimh. 358/2020. B’ionann an scór ón athbhreithniú uathoibrithe agus 89% i mí Eanáir 2026.
Thug an tÚdarás Náisiúnta Míchumais faoi mhion-athbhreithniú ar an suíomh gréasáin seo in 2025, agus tomhas á dhéanamh aige ar chomhlíonadh Treoir AE maidir le hInrochtaineacht Gréasáin (WAD)/I.R.
Uimh. 358/2020.
Áiríodh leis sin, tomhas ar líon na leathanach/scáileáin i gcomparáid le liosta critéar i ndáil le caighdeán comhchuibhithe EN 301 549, atá coibhéiseach a bheag nó a mhór leis na Treoirlínte maidir le hInrochtaineacht ar Ábhair Gréasáin (ECAG) 2.1AA. Chomhlíon an suíomh gréasáin 74.7% de na critéir san athbhreithniú seo.
Aiseolas agus Eolas Teagmhála
Déan teagmháil lenár bhfoireann ghréasáin más gá duit eolas a fháil i bhformáid inrochtana: Ríomhphost: [email protected]
Déan teagmháil lenár nOifigeach Rochtana má tá aon cheisteanna agat faoi chur chuige an Bhainc Ceannais maidir le hinrochtaineacht:
Ríomhphost: [email protected]
Guthán: +353 (0)1 224 6402
Má tá tú míshásta leis an gcaoi ina bhfreagróimid do d’iarratas, is féidir leat gearán a dhéanamh ach ár Nós Imeachta Láimhseála Gearán um Míchumas a leanúint.
Nós Imeachta Forfheidhmiúcháin
Má tá tú míshásta leis an gcaoi ina bhfreagróimid do d’iarratas nó do ghearán, is féidir leat gearán a dhéanamh chuig Oifig an Ombudsman faoi théarmaí an Achta um Míchumas 2005.
Oifig an Ombudsman
6 Ardán Phort an Iarla
Baile Átha Cliath 2
D02 W773
Teil: +353 (0)1 639 5600
Ríomhphost: [email protected]
Gréasán: www.ombudsman.ie/disability-act/make-a-complaint