De bhun Alt 30(3) de 4AMLD (arna leasú le 5AMLD & 6AMLD), lena gceanglaítear go ndéanfar úinéireacht thairbhiúil meán airgeadais áirithe (CFV) a thaifeadadh ar chlár lárnach i ngach Ballstát, próiseálann an Banc Ceannais sonraí pearsanta maidir le haon duine/daoine nádúrtha ar úinéirí tairbhiúla iad ar Ghléasanna Éireannacha um Chomhbhainistiú Sócmhainní (ICAVanna), ar Iontaobhais Aonaid, ar Chomhair Chreidmheasa, ar Chomhpháirtíochtaí Teoranta Infheistíochta nó ar Chomhchistí Conarthacha.
Is é cuspóir an Chláir um Úinéireacht Thairbhiúil stop a chur le Sciúradh Airgid agus Maoiniú Sceimhlitheoireachta agus a chinntiú go n-aithneofar iad siúd a fhéachann lena n-úinéireacht agus a rialú ar eintitis chorparáideacha nó dhlíthiúla a cheilt, trí bhíthin úinéirí/rialaitheoirí deiridh CFV a aithint, agus go mbeidh an fhaisnéis sin inrochtana go héasca ag na húdaráis um fhorfheidhmiú dlí, rialtóirí agus eintitis faoi oibleagáid.
Tá oibleagáid ar CFV faisnéis phearsanta agus faisnéis maidir le cineál agus méid an leasa thairbhiúil a shealbhaítear nó an rialaithe a fheidhmítear ag gach úinéir tairbhiúil a chur chuig an gClár. Folaíonn faisnéis phearsanta an méid seo a leanas:
- Céadainm agus sloinne
- Dáta breithe
- Seoladh cónaithe reatha lena n-áirítear tír chónaithe
- Náisiúntacht
Stórálfar an fhaisnéis seo go daingean ar an gClár um Úinéireacht Thairbhiúil agus ní dhéanfar í a eisiúint ach amháin nuair a dhéanfar iarratas chuig an gClár um Úinéireacht Thairbhiúil ar fhaisnéis a bhaineann le húinéireacht thairbhiúil.
D’fhonn an fhaisnéis thuasluaite a fhíorú, agus chun na críche sin amháin, ceanglaítear ar CFV faoi Rialachán 21 de I.R. 110 de 2019 agus faoi Alt 52 agus Alt 63 den Acht um Chomhpháirtíochtaí Teoranta 2020 (Acht 2020) uimhir PSP a chur ar fáil (nó Uimhir Thagartha Bhanc Ceannais na hÉireann i gcás nach bhfuil PSP ar fáil) chun a éascú don Bhanc Ceannais Céadainm, Sloinne agus Dáta Breithe gach úinéara thairbhiúil a fhíorú.
D’fhonn an fhaisnéis seo a fhíorú, déantar uimhir PSP, Céadainm, Sloinne agus Dáta Breithe an úinéara thairbhiúil a sheiceáil in aghaidh uimhreacha PSP i mbunachar sonraí na Roinne Coimirce Sóisialaí. Chuige sin, déanfaidh an Banc Ceannais uimhir PSP, céadainm, sloinne agus dáta breithe an úinéara thairbhiúil a roinnt leis an Roinn Coimirce Sóisialaí trí mhodhanna leictreonacha slána. Tá comhaontú comhroinnte sonraí déanta ag an mBanc Ceannais leis an Roinn Coimirce Sóisialaí d’fhonn an socrú seo a rialú agus chun faireachán a dhéanamh air.
I gcás nach mbeidh uimhir PSP Éireannach sannta don úinéir/do na húinéirí tairbhiúla ach go mbeidh uimhir thagartha Bhanc Ceannais na hÉireann faighte ag an duine/na daoine aonair roimhe sin, féadfar uimhir thagartha chomhréireach Bhanc Ceannais na hÉireann a chur ar fáil chun na críche seo.
I gcás úinéirí tairbhiúla nach mbeidh uimhir PSP, nó uimhir thagartha Bhanc Ceannais na hÉireann, sannta dóibh, ní mór Dearbhú maidir le Fíorú Céannachta a thabhairt don Bhanc Ceannais chun go mbeidh an Banc Ceannais in ann Uimhir Thagartha Bhanc Ceannais na hÉireann a thabhairt don úinéir tairbhiúil.
Ar an bhfaisnéis phearsanta a bhailítear mar chuid den phróiseas seo, áirítear an méid seo a leanas:
- Céadainm agus Sloinne
- Dáta Breithe
- Náisiúntacht
- Seoladh Cónaithe Reatha
- Ríomhphost
D’fhonn an fhaisnéis seo a fhíorú, déantar uimhir thagartha Bhanc Ceannais na hÉireann, Céadainm, Sloinne agus Dáta Breithe an úinéara thairbhiúil a sheiceáil in aghaidh sonraí pearsanta eile arna mbailiú ag Banc Ceannais na hÉireann le linn dó a chuid feidhmeanna reachtúla a chomhlíonadh agus arna sonrú in áit eile sa Ráiteas Príobháideachais maidir le Sonraí.
I gcás ina mbeidh CFV faoi leachtú, ceanglófar go ndéanfar faisnéis phearsanta mar atá leagtha amach thuas i ndáil leis an leachtaitheoir ceaptha a thaifeadadh ar an gClár um Úinéireacht Thairbhiúil. Déanfar faisnéis a bhaineann leis an leachtaitheoir a choinneáil go ceann tréimhse 10 mbliana i ndiaidh an athraithe ar stádas údaraithe (i.e. díscaoilte), i gcomhréir le ceanglais Rialachán 21(4) I.R. Uimh. 110 de 2019, agus déanfar an fhaisnéis go léir a bhaineann le CFV a scriosadh as bunachar BOR i ndiaidh na tréimhse sin.
I Rialacháin 24 agus 25 de I.R. 100 de 2019 agus in Ailt 55, 56 agus 63 d’Acht 2020, foráiltear do dhá chineál rochtana ar an bhfáisnéis maidir le húinéireacht thairbhiúil ar an gClár um Úinéireacht Thairbhiúil - rochtain “neamhshrianta” agus rochtain “shrianta”.
Sna leasuithe ar Rialachán 25 trí bhíthin IR Uimh. 46 de 2026, foráiltear do rochtain ar an bhfáisnéis maidir le húinéireacht thairbhiúil ar an gclár trí Rochtain Leasa Dhlisteanaigh a chuirtear ar fáil ar bhonn “srianta”. Níl feidhm ag Rochtain Leasa Dhlisteanaigh faoi láthair ach amháin le faisnéis maidir le húinéireacht thairbhiúil de chuid Iontaobhais Aonad, Gléasanna Éireannacha um Chomhbhainistiú Sócmhainní agus Comhair Chreidmheasa, ó tharla nach bhfuil aon bhonn dlíthiúil le rochtain den sórt sin ar fhaisnéis maidir le húinéireacht thairbhiúil de chuid Comhpháirtíochtaí Teoranta agus Comhchistí Conarthacha, lena mbaineann Acht 2020. Mar aon le rochtain a thabhairt ar fhaisnéis na n-úinéirí tairbhiúla reatha faoi rochtain Leasa Dhlisteanaigh, féadfaidh rochtain a bheith ag aicmí áirithe iarratasóirí leasa dhlisteanaigh ar fhaisnéis stairiúil i.e. Úinéirí Tairbhiúla reatha agus Úinéirí Tairbhiúla de chuid Iontaobhais Aonad, Gléasanna Éireannacha um Chomhbhainistiú Sócmhainní agus Comhair Chreidmheasa. Baineann an dliteanas maidir le faisnéis stairiúil leis na haicmí sin d’iarratasóirí leasa dhlisteanaigh mar a shonraítear i Rialachán 25(3)(b)(i)(ii) agus (v) de SI 110 de 2019. I gcás na n-iarratasóirí leasa dhlisteanaigh eile go léir mar a shonraítear i Rialachán 25(3)(b)(iii), (iv) agus (vi-x), ní dhéanfar ach faisnéis maidir le húinéireacht thairbhiúil reatha a chur ar fáil. Chun críocha iarratas a bheidh bunaithe ar Leas Dlisteanach, beidh an fhaisnéis seo a leanas ag teastáil chun céannacht an iarratasóra a fhíorú:
Cóip inléite shoiléir de cheann amháin de na doiciméid seo thíos:
- Pas - an leathanach aitheantais (ainm, dáta breithe, grianghraf agus síniú) de phas/de phaschárta an iarratasóra; nó
- Cárta Ceadúnais Tiomána AE / ceadúnas tiomána idirnáisiúnta - an taobh aitheantais (grianghraf, ainm agus síniú) de chárta ceadúnais tiomána an iarratasóra.
Is gá go mbeidh an pas/ceadúnas tiomána bailí agus i bhfeidhm agus go mbeidh a dháta éagtha níos faide ná sé mhí sa todhchaí. Tar éis céannacht an iarratasóra a fhíorú, scriosfar an chóip den doiciméad aitheantais. Féadfaidh go n-iarrfaidh an Cláraitheoir doiciméid tacaíochta bhreise d’fhonn iarratas atá bunaithe ar Leas Dlisteanach a mheasúnú.
Maidir le gach cinneadh a dhéanfaidh an Cláraitheoir i ndáil le rochtain ar fhaisnéis ar an gClár Lárnach a cheadú nó a dhiúltú, coinneoidh an Banc Ceannais taifid go ceann tréimhse 3 bliana ó dháta cruthaithe an taifid i leith iarratais rathúla ar dheimhniú, agus go ceann tréimhse 1 bhliain amháin i leith iarratais neamhrathúla ar dheimhniú (i.e. diúltuithe).
Sainmhínítear duine ainmnithe in Alt 25 den Acht um Cheartas Coiriúil (Sciúradh Airgid agus Maoiniú Sceimhlitheoireachta) 2010, arna leasú leis an Acht um Cheartas Coiriúil (Sciúradh Airgid agus Maoiniú Sceimhlitheoireachta) (Leasú) 2018.
Áirítear institiúidí airgeadais, cuntasóirí, iniúchóirí, comhairleoirí cánach, gairmithe dlíthiúla, agus déileálaithe earraí costasacha (amhail tithe, carranna, seodra, etc.) Ceanglaítear ar dhaoine ainmnithe seiceálacha ar fhaisnéis chúlra a dhéanamh ar dhaoine aonair nó ar eintitis a ndéanfaidh siad idirbheart airgeadais leo nó a mbeidh caidreamh gnó acu leo faoin reachtaíocht Frithsciúrtha Airgid. Faoi I.R. 110 de 2019 agus Acht 2020, ceanglaítear, inter alia, go dtabharfaidh CFV faisnéis áirithe maidir le húinéireacht thairbhiúil don duine ainmnithe nuair a dhéanfaidh an duine ainmnithe idirbheart ócáideach le CFV, agus go bhféadfaidh an duine ainmnithe rochtain a fháil ar fhaisnéis maidir le húinéireacht thairbhiúil ar an gClár um Úinéireacht Thairbhiúil.
Tá an fhaisnéis sin ‘srianta’ nó teoranta don mhéid seo a leanas:
- Ainm CFV
- Úinéir Tairbhiúil/Úinéirí Tairbhiúla - Ainm; Náisiúntacht; Tír Chónaithe; Mí agus Bliain Bhreithe; Cineál na hÚinéireachta Tairbhiúla a shealbhaítear
I gcás gur mionaoiseach an t-úinéir tairbhiúil (i.e. faoi bhun 18 mbliana déag d’aois), eisiatar a gcuid sonraí de ghnáth ó rochtain ag daoine ainmnithe agus ag daoine aonair ar féidir leo leas dlisteanach a léiriú. I gcomhréir le Rialachán 25(5) de I.R. 110 de 2019, féadfar rochtain a sholáthar i gcás ina dtabharfar achoimre don Chláraitheoir ar na forais ar a gcreideann an t-iarrthóir go bhfuil an fhaisnéis á nochtadh dó nó di. Féadfaidh an Cláraitheoir a chinneadh cibé acu an nochtfaidh nó nach nochtfaidh sé nó sí an fhaisnéis bunaithe ar na forais sin. Ina theannta sin, foráiltear le Rialachán 25(5)(a), go gcloífear freisin, anuas ar fhaisnéis maidir le húinéireacht thairbhiúil de chuid mionaoiseach, le heisceachtaí i gcás ina mbeidh úinéir tairbhiúil de chuid eintiteas ábhartha ar easpa cumais de réir bhrí an Achta um Chinnteoireacht Chuidithe (Cumas) 2015. Ceanglóidh iarratais den sórt sin ar an iarrthóir na forais ar a bhfuil an fhaisnéis á lorg a sholáthar i scríbhinn don Chláraitheoir. Forchoimeádfaidh an Cláraitheoir an ceart chun diúltú d’iarratais den sórt sin, agus i gcás ina ndiúltófar amhlaidh, forchoimeádfaidh an t-iarrthóir an ceart chun achomharc a dhéanamh in aghaidh cinnidh den sórt sin.
Tá an fhaisnéis go léir (faisnéis ‘neamhshrianta’) ar an gClár um Úinéireacht Thairbhiúil ar fáil d’údaráis inniúla ar leith, lena n-áirítear faisnéis a bhaineann le mionaoisigh. Ar na húdaráis inniúla, áirítear na cinn seo a leanas:
Féadfaidh údaráis inniúla an fhaisnéis ar an gClár um Úinéireacht Thairbhiúil a nochtadh le haon údarás inniúil comhfhreagrach i mBallstát eile nuair a iarrfaidh an t-údarás inniúil comhfhreagrach orthu déanamh amhlaidh.
Ní dhéantar uimhreacha PSP nó uimhreacha tagartha Bhanc Ceannais na hÉireann a thabhairt i gcás ar bith do dhaoine aonair ar féidir leo leas dlisteanach a léiriú, nó do dhaoine ainmnithe nó d’údaráis inniúla. Is chun faisnéis a fhíorú, agus chun na críche sin amháin, a bhailítear iad. A luaithe a bheidh céannacht an úineara thairbhiúil fíoraithe, coinneofar UPSP go slán i bhformáid haiseáilte do-aisiompaithe agus déanfar UPSP bhunaidh arna cur isteach a scriosadh laistigh de 24 uair an chloig tar éis í a fháil.
Ina theannta sin, cuireann CFV sonraí pearsanta teoranta chuig an gClár um Úinéireacht Thairbhiúil maidir leis an duine a chuirfidh faisnéis chuig an gClár um Úinéireacht Thairbhiúil thar ceann CFV.
Tá oibleagáid ar an mBanc Ceannais faoi Airteagal 30(4) 4AMLD (arna leasú le 5AMLD & 6AMLD) “a chinntiú go bhfuil an fhaisnéis atá á coinneáil ar an gclár lárnach leordhóthanach, cruinn agus reatha”. Déanfaidh an Banc Ceannais faisnéis atá á coinneáil maidir le CFV a scriosadh ón gClár um Úinéireacht Thairbhiúil nuair a bheidh deich mbliana caite ó dháta díscaoilte an CFV sin má tharlaíonn an díscaoileadh sin.
Coinneoidh an Banc Ceannais na taifid go léir a bhaineann le faisnéis a fhaightear trí dhearbhú maidir le fíorú céannachta, coinneoidh an Banc Ceannais iad go ceann tréimhse 15 bliana ón tráth a scoir an duine aonair de bheith ina úinéir nó ina húinéir tairbhiúil ar CFV(anna).
Lean ort ag léamh chun eolas a fháil maidir le do chearta um shonraí pearsanta.