Cartlann Bhanc Ceannais na hÉireann

Cartlann Bhanc Ceannais na hÉireann

Insíonn Cartlann Bhanc Ceannais na hÉireann scéal faoin bhforbairt agus dul chun cinn eacnamaíoch in Éirinn, faoi bhunú agus dhearadh an airgeadra Éireannaigh, faoi na seirbhísí a chuirimid ar fáil don phobal Éireannach agus idirnáisiúnta, agus faoi obair laethúil an Bhainc Ceannais. Téann na taifid is luaithe siar go dtí 1786.
Cuimsítear an méid seo a leanas inár gcuid bailiúchán cartlainne:

  • 12,000+ comhad páipéir
  • 2,000+ foilseachán de chuid an Bhainc Ceannais
  • 4,000+ mír fhótagrafach
  • 560+ plean agus líníocht ailtireachta
  • 250+ mórleabhar ceangailte
  • Déantáin éagsúla a bhaineann leis na gnéithe go léir de stair an Bhainc Ceannais agus dá chuid oibre.
  • Ábhair a bhaineann le Coimisiún an Airgid Reatha (réamhtheachtaí Bhanc Ceannais na hÉireann arna bhunú in 1943), leis an Commercial Buildings Company, agus le foirgnimh eile a bhí ar úinéireacht ag an mBanc.

 Baineann an-tábhacht le taifid Bhanc Ceannais na hÉireann ní hamháin chun críocha taighde eacnamaíoch ach chun críocha taighde ailtireachta, polaitíochta, staire, gnó agus sóisialta chomh maith, agus baineann tábhacht leo dá bhfoireann.
Déantar na taifid a eagrú de réir Rannáin, sa chaoi go bhfreagraítear do struchtúr eagraíochtúil an Bhainc, ach tá na heisceachtaí seo a leanas ann: páipéir de chuid Choimisiún an Airgid Reatha; bailiúchán de chuid an Commercial Buildings Company; bailiúchán na ngrianghraf; bailiúchán na líníochtaí agus na bpleananna ailtireachta; agus bailiúchán na ndéantán.

Tabhair cuairt ar gCatalóg na Cartlainne.

Tabhair Cuairt ar an gCartlann