Treoir ón AE i dtaca le Faisnéis na hEarnála Poiblí

Chuir na Rialacháin um Athúsáid Fhaisnéis na hEarnála Poiblí 2005 I.R. Uimh. 279 de2005. Treoir ón AE i dtaca le hAthúsáid Fhaisnéis na hEarnála Poiblí 2003/98/EC i bhfeidhm, lena bhféachtar ar fhaisnéis na hearnála poiblí mar ábhar príomhúil tábhachtach d'inneachar, do tháirgí agus do sheirbhísí digiteacha. 

Spreagann an Treoir gach Ballstát chun Athúsáid Fhaisnéis na hEarnála Poiblí a chothú agus táthar ag súil leis, ach a mbainfear lánleas as, go gcuideoidh cuideachtaí Eorpacha le fás an gheilleagair agus le postanna a chruthú.

Déanann an Banc Ceannais de réir na Rialachán sin agus spreagaimid athúsáid na faisnéise a chuirimid amach faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach thíos.

Beartas an Bhainc

Tá an fhaisnéis go léir atá le fáil ar an suíomh gréasáin seo faoi chóipcheart Bhanc Ceannais na hÉireann ('an Banc') mura luaitear a mhalairt go sonrach.  Tá cead agat, áfach, mar a shamhlaítear sa Treoir agus sna Rialacháin, an fhaisnéis atá ar an suíomh gréasáin seo a athúsáid gan cead a lorg roimh ré, faoi réir na gcoinníollacha a leagar amach sa  cheadúnas seo (Link- FTR 1.3  Licenceforreuseofpublicinformation.pdf) agus faoi réir an tséanta seo thíos.
Ní thugann an Banc aon údarás d'aon úsáideoir cearta eisiacha a bheith aige nó aici i leith athúsáid eolas an Bhainc.

Séanadh

Déantar eolas an Bhainc a athúsáid ar riosca an úinéara.  Níl aon dliteanas ar an mBanc as aon chaillteanas ná aon dliteanas de bhun athúsáideoir nó tríú páirtí a bheith ag brath ar eolas an Bhainc, agus ní thugann an Banc aon urrús go bhfuil an t-eolas cothrom le dáta nó saor ó earráidí.