Fáilte

An bhfuil dúshlán nua uait? An dteastaíonn uait do ghairm a fhorbairt in eagraíocht fhuinniúil, fhorásach atá suite i gcroílár an gheilleagair agus an chórais airgeadais? I mBanc Ceannais na hÉireann, tabharfar deis duit foghlaim, forbairt agus tairbhe a dhéanamh ar bhonn gairmiúil agus pearsanta. Táimid an-bhródúil as an obair a dhéanaimid, as an atmaisféar cairdiúil, croíúil a chothaímid agus as an ról atá againn ag freastal ar leas an phobail. Déanaimid é seo trí chobhsaíocht airgeadaíochta agus airgeadais a chosaint agus trína chinntiú go bhfuil an córas airgeadais ag feidhmiú ar mhaithe le leas na dtomhaltóirí agus leas an gheilleagair níos leithne.

Éagsúlacht & Ionchuimsiú

Táimid tiomanta don éagsúlacht agus don ionchuimsiú toisc go neartaíonn siad sinn mar dhaoine agus mar eagraíocht. Táimid ag lorg daoine ó chúlraí éagsúla, agus daoine a bhfuil taithí agus dearcthaí éagsúla acu. Táimid meáite ar thacaíocht a thabhairt d’iarrthóirí atá faoi mhíchumas le linn an phróisis earcaíochta agus má ghlacann tú le ról sa Bhanc Ceannais amach anseo.

Tuilleadh eolais faoinár dtiomantas don éagsúlacht agus don ionchuimsiú
(Déan cinnte go bhfuil fianáin “curtha ar siúl” chun an físeán a lódáil.)

Faigh tuilleadh eolais faoi obair Bhanc Ceannais na hÉireann inár sraith d’fhíseáin mhínithe

Modhanna Oibre

Trínár gClár Todhchaí@Obair, tá samhail hibrideach á glacadh againn do róil áirithe. Leis an tsamhail seo, cinntímid go bhfuil baill foirne rannpháirteach agus cumasaithe, agus bhfuil an meas céanna ar a gcuid oibre - is cuma an bhfuil siad ag obair ar an láthair nó sa bhaile. 

Breathnaigh ar a bhfuil le rá ag baill foirne faoi bheith ag obair anseo:

(Déan cinnte go bhfuil fianáin “curtha ar siúl” chun an físeán a lódáil.)  Athscríbhinn den fhíseán "Scéalta Gairme".

Tuilleadh eolais faoinár bhfoireann.

Foghlaim agus Forbairt

Ceann de na bealaí ina dtacaímid lenár bhfoireann is ea trínár n-uirlis shaincheaptha “Conairí” (“Pathways”) lenar féidir lenár bhfoireann a ngairmeacha a fhorbairt agus a fheabhsú. Féach a bhfuil á thairiscint agus breathnaigh ar fhíseán taispeána den uirlis.

Buntáistí agus Eispéireas sa Bhanc Ceannais

Tá meas againn ar ár gcuid comhghleacaithe agus sílimid go bhfuil sé tábhachtach tacú leis na rudaí atá tábhachtach dóibh. Sin an fáth a bhfuil beartais fhorásacha saoire againn, i dteannta clubanna bríomhara spóirt & sóisialta, gníomhaíochtaí catharnúla agus gníomhaíochtaí um fhreagracht shóisialta chorparáideach a dtacaímid leo agus a ndéanaimid infheistiú iontu, mar aon le clár cuimsitheach Folláine, caighdeáin chomhshaoil den scoth inár n-oifigí nua, agus go leor buntáistí eile.
Tá sé tábhachtach dúinn a chinntiú go bhfuil deiseanna ag ár bhfoireann iad féin a fhorbairt ar bhonn gairmiúil agus pearsanta. Sa Bhanc Ceannais, moltar do gach duine breathnú ar na roghanna agus féidearthachtaí go léir atá ar fáil anseo.

Tá neart á thairiscint againn agus iarraimid ar fhostaithe nua rannchuidiú lenár gcultúr agus ról sásúil a bheith acu anseo ag obair ar mhaithe le leas an phobail.  

Working at Central Bank - Benefits | pdf 709 KB

Duaiseanna, Creidiúnuithe agus Gealltanais

Awards, Accreditations and Pledges logos

Stair Bhanc Ceannais na hÉireann

Is eagraíocht fhuinniúil, ilghnéitheach é an Banc Ceannais atá suite i gcroílár chóras airgeadais na hÉireann. Bunaíodh é ar an 1 Feabhra 1943 faoi Acht an Bhainc Cheannais 1942. Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoinár stair, téigh go dtí Eolas Fúinne ar ár suíomh gréasáin.