Éagsúlacht & Ionchuimsiú (E&I) 

Chun ár misean agus ár bhfís a bhaint amach, táimid ag lorg daoine ó chúlraí éagsúla, agus daoine a bhfuil taithí agus dearcthaí éagsúla acu.

Straitéis E&I 2022-2026

Is é seo a leanas an fhís atá againn do E&I:

  • Go mbeidh lucht saothair ilchineálach ag an mBanc Ceannais a léireoidh sochaí na hÉireann.
  • Go nglacfaidh an Banc Ceannais cinntí comhfhiosacha maidir leis an gcaoi is fearr le tairbhe a bhaint as difríochtaí chun a leasa féin
  • Go n-aithneofar an Banc Ceannais mar cheannasaí smaointe i leith E&I
  • Nuair a leagtar béim ar an éagsúlacht, bíonn tionchar dearfach aige ar iompar an tionscail seirbhísí airgeadais.

Inár Straitéis E&I 2022-2026, leagtar amach an treo ina bhfuilimid ag gluaiseacht agus ár n-uaillmhianta do na cúig bliana atá amach romhainn agus cuirtear lenár dtiomantas chun áit oibre bunaithe ar an gcothroime, ar an urraim agus ar an muintearas a bhunú. Gach bliain, tugaimid faoi phlean gníomhaíochta a thacaíonn leis an straitéis seo agus feicfidh tú thíos na réimsí béime do 2023 a thagann lenár bhFís fhoriomlán do E&I.  

  • Inscne
  • Míchumas
  • Éagsúlacht Chultúrtha agus Éagsúlacht Eitneach
  • Néara-éagsúlacht

Táimid meáite freisin ar leanúint d’oiliúint ábhartha cothrom le dáta a chur ar dhaoine maidir leis an éagsúlacht, de bheith ag tacú lenár líonraí fostaithe, de thuiscint a bheith againn ar na sonraí atá againn maidir lenár ndaoine agus d’fheasacht a spreagadh go seachtrach ar an tábhacht a bhaineann le E&I. 

Réimsí Béime E&I

  • Líonraí rathúla fostaithe a reáchtáil, a bheidh urraithe ag ár gceannairí sinsearacha
  • A bheith inár mbaill ghníomhacha den phobal áitiúil i gCeantar na nDugaí i mBaile Átha Cliath, le líonra a dhíreoidh ar infhostaitheacht agus ar fhostaíocht don phobal áitiúil 
  • Go mbeidh áit oibre agus saoráidí againn a bheidh oscailte, inrochtana agus ionchuimsitheach  
    A bheith inár mbaill de Chlub 30%, a bheith inár sínitheoir leis an nGealltanas d’Áit Oibre Ionchuimsitheach agus inár rannpháirtithe i ngrúpaí áirithe fostóirí atá dírithe ar an éagsúlacht
  • Sheolamar Beartas ar Fhéiniúlacht agus Léiriú Inscne san Áit Oibre in 2021 a fhéachann le timpeallacht fháilteacht, shábháilte a chruthú do gach duine, beag beann ar fhéiniúlacht nó léiriú inscne.

 Ár Líonraí

Is iad ár mbaill foirne a eagraíonn agus a reáchtálann líonraí na bhfostaithe agus oibríonn siad lena chéile chun cuidiú linn ár spriocanna E&I a bhaint amach.

 

 

 

Tuarascáil ar an mBearna Phá idir na hInscní

Tá tuarascáil bhliantúil ar an mBearna Phá idir na hInscní á foilsciú againn ó 2018 mar chuid dár dtiomantas leanúnach don Éagsúlacht & Ionchuimsiú. I mbliana (2022), beimid ag comhlíonadh cheanglais an Achta um Fhaisnéis faoin mBearna Phá idir na hInscní 2021, lena ríomhtar an bhearna phá i meánráta pá san uair an chloig ar an 30 Meitheamh 2022.

Tá bearta éagsúla déanta againn chun dul i ngleic le pá agus le hionadaíocht inscne. Tá na bearta seo a leanas san áireamh:

  • Spriocanna a shocrú maidir le hionadaíocht éagsúlachta dár lucht ardcheannaireachta
  • Feabhsuithe ar chúrsaí earcaíochta
  • Bearta solúbtha oibre agus tacaíochtaí feabhsaithe saoire
  • Cláir forbartha gairme
  • Líonraí faoi stiúir na bhfostaithe

Tá tuilleadh eolais le fáil sa Tuarascáil ar an mBearna Phá idir na hInscní 2022.

Gealltanas 'Elevate'

In 2021, bhíomar ar cheann de shínitheoirí bunaidh “Gealltanas Elevate BITC Ireland". Is é sprioc fhoriomlán an Ghealltanais seo lucht saothair ionchuimsitheach a bhunú lena léireofar an tsochaí iomlán. Tá sé seo ailínithe lenár bhfís reatha don Éagsúlacht & don Ionchuimsiú mar aon lenár gcuspóirí níos leithne i ndáil le Freagracht Shóisialta Chorparáideach (FSC). Leis an nGealltanas seo, léirímid go bhfuilimid meáite i gcónaí ar thús áite a thabhairt don Éagsúlacht & Ionchuimsiú sa Bhanc Ceannais.

An Chairt um Chomhionannas, Éagsúlacht & Ionchuimsiú de chuid CEBC & SAM 

Mar aon le go leor dár bpiaraí Eorpacha, shíníomar an Chairt um Chomhionannas, Éagsúlacht & Ionchuimsiú de chuid an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais (CEBC) & an tSásra Aonair Maoirseachta (SAM) in 2022, ina ndearbhaítear ár gcomhghealltanas chun comhionannas, éagsúlacht & ionchuimsiú a chothú laistigh de CEBC agus SAM.

Éagsúlacht & Ionchuimsiú i nGnólachtaí Rialáilte

An bhéim a leagaimid ar E&I, baineann sí lenár ról mar rialtóir freisin. Bímid ag súil go leagfaidh na gnólachtaí a bhíonn á rialáil againn béim níos mó ar éagsúlacht agus ionchuimsiú agus tá gníomhaíochtaí éagsúla ar siúl chun tacú leis sin. Ciallaíonn an débhéim seo atá againn ar éagsúlacht agus ionchuimsiú mar fhostóir agus mar rialtóir go bhfuil éagsúlacht agus ionchuimsiú á leabú againn mar chuid dár gcéannacht agus dár n-obair.