Nuacht

Bonn comórtha nua seolta chun ceiliúradh a dhéanamh ar 100 bliain ó fuair mná na hÉireann an ceart vótála

28 Samhain 2018 Press Release

Central Bank of Ireland

  • Bonn profa airgid nua €15 seolta chun ceiliúradh a dhéanamh ar 100 bliain ó fuair mná na hÉireann an ceart vótála
  • Bhronn an Leas-Ghobharnóir Sharon Donnery an bonn ar an gCeann Comhairle Seán Ó Fearghaíl TD, agus ar Chathaoirleach Choiste Oireachtais Vótáil 100, An Seanadóir Ivana Bacik
  • Is é an chéad bhonn comórtha Éireannach eisithe le deich bliana anuas a bhfuil dathanna léirithe air, agus tá teorainn 3000 píosa ar an líon eisiúna. Ar díol ar €63 ar collectorcoins.ie

Rinne an Banc Ceannais, i gcomhar le clár Vótáil 100 an Oireachtais, bonn comórtha airgid a sheoladh chun ceiliúradh a dhéanamh ar 100 bliain ó fuair mná na hÉireann an ceart vótála.

Ba sa bhliain 1918 a tugadh an ceart dlíthiúil do mhná na hÉireann vóta a chaitheamh agus seasamh i dtoghcháin pharlaiminte den chéad uair. Tar éis don vóta a bheith tugtha do mhná sa Representation of the People Act, achtaíodh an Parliament (Qualification of Women) Act 1918 i mí na Samhna 1918 inar tugadh cead mná a thoghadh chun na Parlaiminte in Westminster.

Sa toghchán ginearálta i mí na Samhna 1918, ba í an Chuntaois Markievicz an chéad bhean a toghadh ina Teachta Parlaiminte de Theach na dTeachtaí sa Ríocht Aontaithe, cé nár ghlac sí a suíochán in Westminster riamh. Ina ionad sin, chuaigh sí le Dáil réabhlóideach na bliana 1919, agus ba í an chéad TD mná sa Dáil sin.Bhí sí ar dhuine de na chéad mhná ar domhan a raibh ról sa chomhaireacht aici agus í ina hAire Oibreachais ó 1919 go 1922.

Ba é an t-ealaíontóir clúiteach moneolaíochta, Michael Guilfoyle, a dhear an bonn seo, arna bhualadh chuig caighdeán profa in airgead steirling .925. Is é seo an chéad bhonn comórtha Éireannach ar a bhfuil dathanna léirithe ó eisíodh an bonn do na Cluichí Oilimpeacha Speisialta in 2003. Leis an dearadh, déantar comóradh an dul chun atá déanta le céad bliain anuas ó thaobh comhionannas a bhaint amach do mhná in Éirinn. Léirítear sufraigéid ina seasamh chun tosaigh agus bratach ina glac aici ar a n-éilítear ceart vótála do mhná na hÉireann. Taobh thiar di, taispeántar mórshiúl de mhná ag máirseáil ar aghaidh, rud a sheasann don dul chun cinn atá déanta i dtreo an chomhionannais ó 1918 go dtí an lá atá inniu ann. Siúlann siad go scafánta ar bhóthar atá péinteáilte i ndathanna ghluaiseacht sufraigéide na hÉireann.

Ag an seoladh inniu i dTeach Laighean, dúirt an Leas-Ghobharnóir Sharon Donnery:
“Is mór an onóir ag an mBanc Ceannais an bonn seo a sheoladh chun comóradh a dhéanamh ar an mórócaíd seo i stair na hÉireann, nuair a fuair mná na hÉireann an ceart vótála. Tá ríméad orainn go bhfuilimid in ann ócaid chomh tábhachtach seo a cheiliúradh agus a chomóradh anois, céad bliain ó tharla sé.”

Dúirt an Ceann Comhaire, Seán Ó Fearghaíl TD:

“Is cuimhneachán stairiúil atá sa bhonn seo a spreagann muid chun machnamh a dhéanamh ar an dul chinn cinn polaitiúil atá déanta ag mná le céad bliain anuas. Ba é aisling na sufragóirí agus na sufraigéidí ag tús an fichiú haois go mbeadh ról lárnach ag mná sa saol daonlathach in Éirinn. Le dearadh álainn an bhoinn seo agus leis na mionsonraí a léirítear air, cuirtear i gcuimhne dúinn nach raibh sé éasca na cearta sin a ghnóthú, agus nach bhfuil an turas fada i dtreo an chomhionannais críochnaithe againn go fóill.”

Eisíodh an bonn Profa Airgid €15 chun comóradh a dhéanamh ar 100 bliain ó fuair mná an ceart vótála agus beidh sé ar díol ón lá inniu ar €63. Tá teorainn eisiúna 3000 píosa ann agus is féidir é a cheannach ar www.collectorcoins.ie