Nuacht

Comhleachtaitheoirí Sealadacha ceaptha chuig Comhar Creidmheasa Dhroim Conrach agus Dúiche

02 Iúil 2020 Preas Ráiteas

Central Bank of Ireland

  • Gníomh glactha ar mhaithe le leas na gcomhaltaí agus an phobail i gcoitinne
  • Coigiltis incháilithe na gcomhaltaí clúdaithe faoin Scéim Ráthaíochta Taiscí
  • Ní dhéantar difear do choigiltis i gcomhair chreidmheasa eile
  • Ní bhaineann an gníomh a glacadh le cúinsí eisceachtúla COVID-19

Rinne Banc Ceannais na hÉireann (”Banc Ceannais”) iarratas chun na hArd-Chúirte inniu chun leachtaitheoir sealadach a cheapadh chuig Comhar Creidmheasa Dhroim Conrach agus Dúiche (”Comhar Creidmheasa Dhroim Conrach”). Ceapadh Stephen Tennant agus Nicholas O’Dwyer ó Grant Thornton mar chomhleachtaitheoirí sealadacha.

Tá an gníomh seo glactha ag an mBanc Ceannais chun coigiltis na gcomhaltaí a chosaint agus chun cliseadh mí-ordúil an chomhair creidmheasa a sheachaint. Bhí dlúth-theagmháil ag an mBanc Ceannais le Comhar Creidmheasa Dhroim Conrach chun dul i ngleic leis na dúshláin a bhí aige le fada maidir lena inmharthanacht airgeadais. D’ainneoin na n-iarrachtaí a rinne Comhar Creidmheasa Dhroim Conrach chun na dúshláin sin a shárú trí aistriú saorálach ceangaltas, níor éirigh sa deireadh le haon cheann de na réitigh fhéideartha a bhí ar fáil don chomhar creidmheasa. Bhí an Bord ag comhoibriú i gcónaí leis an mBanc Ceannais, lena n-áirítear i leith an ghnímh a glacadh inniu. Ní bhaineann an gníomh seo le cúinsí eisceachtúla COVID-19.

Ní bheidh aon tionchar ag ceapachán na gcomhleachtaitheoirí sealadacha chuig Comhar Creidmheasa Dhroim Conrach ar choigiltis comhaltaí in aon chomhar creidmheasa eile.

Tuigeann an Banc Ceannais go bhfuil éileamh ar sheirbhísí comhair creidmheasa sa cheantar áitiúil agus déanfaidh sé a dhícheall a chinntiú go mbeidh seirbhísí comhair creidmheasa ar fáil don phobal sa cheantar áitiúil.

An Scéim Ráthaíochta Taiscí

Tionscnaíodh an Scéim Ráthaíochta Taiscí (“SRT”). Faoin SRT, cosnaítear taiscí suas le €100,000 in aghaidh an duine, in aghaidh na hinstitiúide. Déanfar íocaíochtaí a eisiúint go huathoibríoch chuig an seoladh deireanach a bheidh ar taifead ag an gcomhar creidmheasa don chomhalta. Ní gá do na comhaltaí féin aon rud a dhéanamh toisc go ndéanfar na híocaíochtaí cúitimh a eisiúint go huathoibríoch le seic chuig na taisceoirí go léir a bheidh fíoraithe go cuí. Déanfar na híocaíochtaí seo a luaithe is féidir laistigh de spriocdháta reachtúil 15 lá. Is féidir tuilleadh eolais a fháil maidir leis an SRT ar www.depositguarantee.ie/ga.

Earnáil na gcomhar creidmheasa

I gcomhréir lenár sainordú reachtúil, féachann an Banc Ceannais lena chinntiú go bhfuil earnáil na gcomhar creidmheasa cobhsaí ó thaobh airgeadais de agus go mbíonn sí ag feidhmiú ar mhodh trédhearcach cóir agus go gcosnóidh sí cistí a comhaltaí.

Na céimeanna a bhí i gceist roimh an iarratas

Bhí dlúth-theagmháil ag an mBanc Ceannais le Comhar Creidmheasa Dhroim Conrach le blianta beaga anuas chun a chinntiú go raibh an comhar creidmheasa ag dul i ngleic leis na fadhbanna inmharthanachta airgeadais a bhain dó.

In 2016, i ndiaidh lagú suntasach ar a chuid sócmhainní a bhain go príomha lena áitreabh, lorg Comhar Creidmheasa Dhroim Conrach tacaíocht sheachtrach airgeadais ó Chonradh na hÉireann de Chomhair Chreidmheasa chun a staid chaipitil a thabhairt ar ais chuig an gceanglas rialála íosta arb ionann é agus 10% de na sócmhainní iomlána, sa chaoi go bhféadfadh sé leanúint air ag trádáil mar chomhar creidmheasa neamhspleách. Fuair sé an tacaíocht airgeadais sin.

D’ainneoin na tacaíochta tríú páirtí seo, lean na dúshláin inmharthanachta airgeadais a bhain dó. Bhí teagmháil réamhghníomhach ag bord Chomhar Creidmheasa Dhroim Conrach leis an mBanc Ceannais chun iarracht a dhéanamh dul i ngleic leis na fadhbanna inmharthanachta sin agus go luath sa bhliain 2019, ghlac Comhar Creidmheasa Dhroim Conrach cinneadh straitéiseach chun tabhairt faoi aistriú saorálach ceangaltas. Thit staid chaipitil Chomhar Creidmheasa Dhroim Conrach faoi bhun an cheanglais íosta rialála arb ionann é agus 10% de na sócmhainní iomlána fad a bhí an comhar creidmheasa i dteagmháil le comhair chreidmheasa éagsúla agus é ag iarraidh an toradh straitéiseach seo a bhaint amach. Sa deireadh, theip ar Chomhar Creidmheasa Dhroim Conrach aistriú saorálach ceangaltas a chur i gcrích, go príomha toisc nach raibh sé ábalta an maoiniú riachtanach seachtrach airgeadais a fháil chun a staid chaipitil a athbhunú sula bhféadfadh sé aistriú ceangaltas a thabhairt chun críche.

I ndiaidh caidreamh leathan maoirseachta, rinne an Banc Ceannais measúnú ar na cúinsí ar leith a bhain leis an gcás chun an gníomh is oiriúnaí a chinneadh. Ba é Gobharnóir an Bhainc Ceannais a ghlac an cinneadh chun iarratas a dhéanamh chuig an Ard-Chúirt chun Comhar Creidmheasa Dhroim Conrach a fhoirceannadh. Tá na forais dhlíthiúla faoinar ghlac an Gobharnóir an cinneadh seo leagtha amach in Acht an Bhainc Ceannais agus na bhForas Creidmheasa (Réiteach) 2011 (“Acht 2011), is iad sin:

  • gurbh é leas an phobail é, i dtuairim an Bhainc, an comhar creidmheasa a fhoirceannadh;
  • gur mhainnigh an comhar creidmheasa ordachán ón mBanc Ceannais a chomhlíonadh faoi alt 87 den Acht um Chomhar Creidmheasa 1997; agus
  • gur dóigh leis an mBanc Ceannais gurb é leas daoine a bhfuil taiscí acu leis an gcomhar creidmheasa go ndéanfaí é a fhoirceannadh.

An t-iarratas

Ba ex parte a rinneadh an t-iarratas chun na hArd-Chúirte, dá bhrí sin, ní raibh ionadaíocht ag Comhar Creidmheasa Dhroim Conrach agus ní raibh an deis aige a chás a chur faoi bhráíd na Cúirte. Ar chúiseanna dlíthiúla, tá srian ar an mBanc Ceannais i dtaobh na mionsonraí is féidir leis a nochtadh ag an gcéim seo den phróiseas, go dtí go dtabharfaidh an Ard-Chúirt a breith maidir leis an bhfoirceannadh.

Na chéad chéimeanna eile

Is mian leis an mBanc Ceannais a mhéid eolais is féidir a chur ar fáil chun comhthéacs na ngníomhartha a rinneadh a mhíniú do na comhaltaí lena mbaineann den chomhar creidmheasa, agus an próiseas dlíthiúil a urramú ag an am céanna. Ar mhaithe le trédhearcacht, foilseoidh an Banc Ceannais ar www.centralbank.ie an Tuarascáil Réitigh mar aon leis an mionnscríbhinn le Wesley Murphy ón Rannán Réitigh sa Bhanc Ceannais a bhí mar chuid den iarratas chun na hArd-Chúirte inniu tar éis an t-iarratas ar fhoirceannadh Chomhar Creidmheasa Dhroim Conrach a éisteacht ina iomláine.

Tuilleadh Eolais

  • Tuilleadh eolais do chomhaltaí Chomhar Creidmheasa Dhroim Conrach.
  • Eolas maidir leis an Scéim Ráthaíochta Taiscí - Bíonn an Scéim Ráthaíochta Taiscí á riaradh ag Banc Ceannais na hÉireann agus cosnaíonn sí taiscí incháilithe suas le €100,000 in aghaidh an taisceora, in aghaidh na hinstitiúide (bainc, cumainn foirgníochta agus comhair chreidmheasa) atá údaraithe in Éirinn.